Deir an t-iarThaoiseach Leo Varadkar nach gá Gaeilge a bheith agat chun “an barr” a bhaint amach sa pholaitíocht ach gur cabhair í.
Deir Varadkar ina dhírbheathaisnéis nua Speaking My Mind gur thug sé faoin nGaeilge a fhoghlaim tráth go raibh sé ag déanamh a mhachnaimh ar an tuiscint a bhí aige air féin agus ar an Éireannachas.
Deir Varadkar chomh maith gur breá leis Gaeilge a labhairt le daoine ciníocha a chreideann nach Éireannach ‘ceart’ é.
Nuair a toghadh ina Thaoiseach é den chéad uair in 2017, gheall Varadkar go mbainfeadh sé úsáid gach lá as an nGaeilge. Deir sé in Speaking My Mind go bhfuil sé sásta gur chomhlíon sé an gheallúint sin.
Deir sé go raibh sé ag cuimhneamh ar an nGaeilge a fhoghlaim ar feadh i bhfad. Chláraigh sé le cúrsa Gaeilge de chuid Ghaelchultúr sular ceapadh ina Thaoiseach é agus ag déanamh scrúdú cainte a bhí sé an lá ar fhógair Enda Kenny go raibh faoi éirí as.
Maidir le tábhacht na Gaeilge sa pholaitíocht, deir sé ‘You don’t have to have good Irish to reach the top in politics, but it helps’.
‘Now I became much more interested in the language. It would make a good impression too, and as someone of dual heritage, it was even more important for me, as speaking Irish reasonably well would counter the regular accusations that I ‘wasn’t really Irish’.
‘I have always enjoyed responding to racists or nationalists in the national language they don’t understand!’
Ach ba í an chúis ba mhó gur chuir sé suim sa Ghaeilge ná go raibh sé ‘genuinely fascinated by the language’. Deir an t-iarThaoiseach gur le cách an Ghaeilge ach gur údar spreagtha ar leith dó gurb í teanga dhúchais Matt Barrett, arb as Gaeltacht Mhaigh Eo dó.
Thug na ranganna Gaeilge a dhein sé tuiscint iontach dó ar an teanga ‘and the layers of history and culture it contains’, a deir sé.
Déanann sé cur síos chomh maith ar a bheith ag labhairt na Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na hEorpa. ‘The other prime ministers stopped to listen. Most had never heard Irish before. Some were surprised it was so different to English.’ B’ábhar mórtais dó an Ghaeilge a labhairt ag an gcruinniú, a deir sé.
‘Old-school nationalists who had opposed Ireland joining the EEC had argued it would diminish our national identity. Now our native tongue was reaching the ears of the chancellor of Germany and the president of France.’
Seosamh Ó Beirgin
Ábhar uachtaráin, gan aon agó.
Carraig
Tá an ceart aige.
Ministir Protastúnach a bhí ar m’aithne, d’fhoghlaim sé Gaeilge go hard-chaighdeán mar go raibh suim aige inti agus i gcultúr ársa na hÉireann. Bhí ardmheas air sa pharóiste ach
chastaí ‘Poblachtánaigh’ (nó ‘Publachtánaigh’) úrallta uime, uaireanta, a thugadh fé ar chúis amháin nó ar chúis eile. Dheineadh sé balbháin agus stúmpaí amadáin díobh ar an dtoirt ach a labhraíodh sé Gaeilge líofa leo. Is maith ann iad “an dá arm aigne”.
Mairead de Faoite
Maith thú Leo.
Máiread