Seans gurb iad Gaillimh agus Port Láirge a bheidh ag imirt sna babhtaí leathcheannais

Is cuma céard a tharlóidh sna babhtaí ceathrú ceannais beidh cuimhne go ceann i bhfad ar ghaiscí Tony Kelly i gcraobh 2020

Seans gurb iad Gaillimh agus Port Láirge a bheidh ag imirt sna babhtaí leathcheannais

Tosach na Gaillimhe, Conor Whelan. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Ní fhéadfainn labhairt faoi chúrsaí iomána an deireadh seachtaine seo gan ómós a thabhairt do Tony Kelly an Chláir a thug ceann de mhórthaispeántais na craoibhe iomána seo Dé Sathairn seo caite, taispeántas a bhí chomh maith nó b’fhéidir níos fearr ná aon cheann dár facthas riamh ar pháirc na hiomána ó bhí Chúchulann ina bhuachaill.

Scóráil sé 1-15 agus ón imirt a fuair sé 1-6 den chreach sin.

Bhí cúpla ceann de na scóranna míorúilteach. Go dtí seo i mbliana tá 1-45 curtha ar chlár na scór ag Kelly, éacht iontach ó imreoir speisialta.

Caithfidh go bhfuil sé ar bharr an liosta i láthair na huaire do ghradam imreoir na bliana a bhuachaint ach is annamh nach dtagann an buaiteoir sin as na foirne a imríonn i gcluiche ceannais na bliana. An mbeidh Kelly agus a chontae páirteach i gcluiche ceannais 2020?

An gaiscíoch, Tony Kelly. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Bhuel beidh seans acu dul céim níos faide níos déanaí tráthnóna agus iad ag taisteal chuig Páirc Uí Chaoimh chun tabhairt faoi na Déise.

Agus déarfainn go raibh liú sásaimh le cloisteáil sa dá chontae nuair a deineadh an tarraingt sin maidin Dé Luain mar caithfidh go gceapann an dá fhoireann bhainistíochta go bhfuil seans réasúnta acu an bua a thabhairt leo inniu. Agus tá.

Ach an bhfuil an Clár ag brath rómhór ar Kelly?

Gan dabht ‘tá’.

Kelly, Shane O’Donnell agus Cathal Malone, a bhfuil obair na gcapall á déanamh acu beirt, a thuill an chuid is mó de na kudos Dé Sathairn. Beidh David McInerney ar ais inniu agus is mór an chabhair é sin. Tá borradh faoi na Cláirínigh ach is amhlaidh an cás ag Port Láirge, bhíodar an-iomaíoch den chuid is mó den seachtó nóiméad i gcoinne Luimnigh agus ní haon dóithín iad sin.

Bhí na Déise go hiontach.

Bhí neart agus díocas chun oibre le sonrú ar an ghrúpa imreoirí seo i ngach cluiche i mbliana. Tá a réaltaí féinig acu, Tadhg de Búrca agus Stephen Bennett.

Tadhg de Búrca. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá imreoirí Bhrian Lohan ag brath rómhór ar fad ar Tony Kelly agus murar féidir le níos mó dá chuid imreoirí cur orthu féin inniu, beidh siad faoi bhrú. Más féidir le Port Láirge Kelly a choimeád ar an ngannchuid (dúshlán ollmhór, dar ndóigh) gach seans gurb iad san a bheidh sna babhtaí leathcheannais.

Ach cé a bheidh ann leo? Sin ceist ar deacair freagra a thabhairt uirthi. Ní dóigh liom go raibh an bainisteoir Liam Sheedy róshásta le taispeántas a fhoirne i gcoinne Chorcaí. Cheapas féin nach rabhadar go hiontach. Bhí an chuid is mó des na seanlaochra ciúin go leor.

Maidir leis an nGaillimh bhuel caithfidh go raibh díomá orthu faoin gceathrú dheireanach den chluiche agus conas nár chuireadar leis na cúig chúilín farasbarr a bhí acu.

Bhí cuid maith den mhí-ádh orthu freisin – an dá liathróid ó Joe Canning a bhuail an pósta, an feall a deineadh ar Niall Burke (agus an buntáiste nár tugadh) agus é beagnach cinnte go mbeadh cúl aige, agus an dá chúl a ghéilleadar taobh istigh de nóiméad amháin (rud nach dtarlaíonn rómhinic ag an leibhéal seo sa lá atá inniu ann).

Tríd is tríd, bhí an Ghaillimh go maith ar feadh tréimhsí fada den chluiche. Cruthaigh siad seansanna, cuid acu nár chuireadar i gcrích.

Bhí Joe Canning agus Daithí Burke ar ais ar a seanléim. Tá aonad tosaithe láidir tapaidh cumasach acu.

Ach theip orthu, mar fhoireann, an bheart a dhéanamh.

Agus más rud é gur fhoghlaim an bhainistíocht agus na himreoirí ceacht ón taispeántas sin agus ón gcluiche a chailliúint, is cinnte go mbeidh siad níos fearr um thráthnóna agus go mbeidh siadsan ag imirt arís an deireadh seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'Seans gurb iad Gaillimh agus Port Láirge a bheidh ag imirt sna babhtaí leathcheannais'