Seans gurb é Lá mór na nOráisteach i mBéal Feiste inniu an ceann deiridh dá sórt

Má bhíonn an lá le daoine áirithe san Ord Oráisteach beidh paráid an lae inniu i mBéal Feirste ar an gceann deiridh ar an gcúrsa traidisiúnta agus cuirfear tús leis an ré úr in 2024

Seans gurb é Lá mór na nOráisteach i mBéal Feiste inniu an ceann deiridh dá sórt

Inniu, an dara lá déag d’Iúil, glacfaidh na scórtha míle i dTuaisceart Éireann páirt i máirseálacha nó baileoidh siad mar lucht tacaíochta ag ceiliúradh mór bliantúil na nOráisteach.

Ocht gcinn déag de pharáidí oifigiúla atá beartaithe chomh maith leis na scórtha de mháirseálacha beaga tánaisteacha a tharlaíonn nuair a bhíonn daoine ar an mbealach chuig paráid mhór. Beidh taispeántas i ngach contae, ina measc paráidí i Loch Bricleann agus Cill Chaoil i gcontae an Dúin, i mBéal Átha na Mallacht i gContae Fhear Manach, i mBaile an Chaistil ar an gcósta thuaidh agus, mar is gnách, i mBéal Feirste. Táthar ag súil go mbeidh na himeachtaí go léir síochánta, paráidí conspóideacha a raibh doicheall rompu curtha ar mhalairt treo le roinnt blianta.

Le déanaí ba iad na tinte cnámh oíche an 11 Iúil ba mhó a tharraing easaontas, go háirithe mar gheall ar thaispeántais fuatha, íomhánna de pholaiteoirí náisiúnacha á gcur trí thine. B’údar imní é gur dódh pictiúr den Taoiseach Leo Varadkar, bratach na hÉireann agus leagan de Chomhaontú Aoine an Chéasta ar thine chnámh i Maigh gCaiseal i gContae Thír Eoghain ag deireadh na seachtaine. Cháin ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson an beart. Bhí sé mícheart agus drochmheasúil a dúirt sé. Chuir sé fainic ar lucht na dtinte go gcaithfidís meas a léiriú má tá siad ag iarraidh meas ar a gcultúr féin.

Cothaíodh beagán imní nuair a rinneadh iarratas ar Choimisiún na bParáidí chun máirseáil um thráthnóna an 12ú a cheadú in Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste. Dhiúltaigh an Coimisiún ar an mbonn go gcothódh an t-imeacht teannas nó trioblóid. Ba mhinic achrann agus foréigean idir lucht máirseála agus lucht agóide áitiúil sa tráthnóna; rinneadh margadh logánta tamall de bhlianta ó shin go ngabhfadh na fir bhuí abhaile ar bhusanna chun baol scliúchais a sheachaint. Bhí lóiste amháin ag maíomh nár shocrú buan é sin ach tá súil go gcloífear le rialú an Choimisiúin.

Ba mhinic a bhí baint ag meisce leis an drochiompar um thráthnóna. Maíonn an tOrd gur eagraíocht mheasarthachta é (staonadh ón ól) ach sceith bhéil is ea ceiliúradh an 12 Iúil as ólachán ar an taobhlíne agus i measc roinnt mhaith de na rannpháirtithe. Náiríodh an tOrd i mBéal Feirste anuraidh nuair a chonacthas iompar meisciúil, frithshóisialta a chuir déistin ar dhaoine i gCearnóg Shaftesbury, ceantar ar imeall theas lár na cathrach in aice le comharsanacht dhílseach Rae an Ghainimh.

Tá an drochiompar sin á úsáid mar bhonn le moladh réabhlóideach atá faoi chaibidil ag Ord Bhéal Feirste chun cúrsa na paráide a ghiortú agus an teacht le chéile ‘sa pháirc’ i ndeisceart na cathrach a sheachaint scun scan. Is mór idir an plean chun an cúrsa traidisiúnta a athrú agus diongbháilteacht an Oird ar feadh blianta nach bhféadfadh éinne iarraidh orthu a dhul ar mhalairt slí óna gcúrsa traidisiúnta.

Seans maith go bhfuil baint ag aoisghrúpa na mbráithre Oráisteacha leis an scéal. Tá an bhallraíocht aosta agus bhí an cúrsa seanbhunaithe an-fhada, deich míle ar maidin agus 10 míle ar ais tráthnóna tar éis uaireanta an chloig sa pháirc. Ina theannta sin bhí an slua a d’éist leis an hóráidí sa pháirc laghdaithe go mór agus daoine bailithe leo ag óstáin agus tábhairní.

Sé an moladh atá ann gur cúrsa ceithre mhíle amach go dtí deisceart na cathrach a bheadh i gceist agus ceithre mhíle ar ais gan aon stad páirce; ocht míle ar fad. Is fearr a d’oirfeadh sé sin do dhaoine atá ag dul in aois, ar siad. Is léir go bhfuil fadhbanna earcaíochta acu, nach suim le daoine óga a bheith páirteach agus go bhfuil an tOrd á sheachaint ag mórán den mheánaicme Phrotastúnach. Áiríonn roinnt gur thart ar 28,000 ball atá acu anois i gcomparáid le 100,000 leathchéad bliain ó shin.

Ní hé gach duine atá sásta leis an bplean nua, roinnt ag iarraidh na socruithe traidisiúnta a chaomhnú. Is cosúil áfach go measann móramh gur cheart áil a dhéanamh den éigean. Má bhíonn an lá leis an eite sin is í paráid an lae inniu i mBéal Feirste an ceann deiridh ar an gcúrsa traidisiúnta agus cuirfear tús leis an ré úr in 2024.

Fág freagra ar 'Seans gurb é Lá mór na nOráisteach i mBéal Feiste inniu an ceann deiridh dá sórt'

  • jpmorley0@gmail.com

    Is mór idir ‘Béal Átha na Mallacht’ agus an Béarlú a rinneadh air .i. Bellanamallard! Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ró-fhada ó ‘Samhail Phit’ Mhéabha’ i gContae Dhoire? ‘Saville Hill’ i mBéarla is dócha? Cúis gháire ó Dhia chugainn!