Seans ar an gcéad bhaisc den vacsaín go luath mí Eanáir – Donnelly

Deir an Taoiseach go bhfuil dul chun cinn ‘an-tapa’ á dhéanamh ag an tascfhórsa a bunaíodh chun straitéis vacsaínithe an stáit a láimhseáil

Seans ar an gcéad bhaisc den vacsaín go luath mí Eanáir – Donnelly

D’fhéadfadh go dtosófar ar an vacsaín Pfizer/BioNTech a thabhairt do dhaoine mí Eanáir, a deir an tAire Sláinte Stephen Donnelly.

Dúirt Donnelly go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)  deireadh leis an scagadh atá á dhéanamh acu ar an vacsaín ar an 29 Nollaig.

Má thugann an EMA a mbeannacht don vacsaín d’fhéadfadh go mbeadh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát luath mí Eanáir, a dúirt an tAire Sláinte. Dúirt sé go ndéanfaí cinneadh faoi vacsaín Moderna ar an 12 Eanáir.

Chinn an Rialtas an tseachtain seo go gceannófaí 850,000 dáileog de vacsaín Moderna.

Dúirt an Taoiseach go raibh dul chun cinn “an-tapa” á dhéanamh ag an tascfhórsa a bunaíodh chun straitéis vacsaínithe an stáit a láimhseáil.

Bhí bulc-choimeádáin faighte cheana féin chun an vacsaín a iompar ag teocht an-íseal, a dúirt an Taoiseach.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh gur an tseachtain seo chugainn a thosófar ar vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thabhairt do mhuintir an Tuaiscirt.

Tá an Ríocht Aontaithe ar an gcéad áit ar domhan le mórdháileadh na vacsaíne Pfizer/BioNTech a cheadú agus dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann gur “lá mór” a bhí ann.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster gur “bronntanas Nollag luath” a bhí sa vacsaín. Dúirt an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go ndéanfadh an vacsaín “athrú ó bhonn” ar chúrsaí.

Dúirt Robin Swann go rabhthas ag súil leis an chéad bhaisc den vacsaín roinnt laethanta níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.

Dúirt sé gur 25,000 dáileog den vacsaín a bheadh le fáil sa chéad bhaisc. 1.5 milliún dáileog ar fad atá le fáil ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

Thug rialálaí leighis na Ríochta Aontaithe a bheannacht don vacsaín, a mhaítear a thugann cosaint 95% do dhaoine, agus dúradh go raibh sé sábháilte tosú á dáileadh.

Tabharfar an vacsaín i dtosach do dhaoine in ionaid chúraim agus do dhaoine níos sine agus a gcúramóirí.

Ina dhiaidh sin tabharfar an vacsaín do dhaoine os cionn 80 bliain d’aois agus d’oibrithe sláinte agus sóisialta tús líne.

Ó tharla gur gá vacsaín Pfizer a stóráil ag teocht an-íseal agus go dtagann sé i mbeart mór, socraíodh go dtabharfar daoine go dtí ionaid mhóra chun í a fháil. Seacht n-ionad ar fad a bheidh i gceist.

Fág freagra ar 'Seans ar an gcéad bhaisc den vacsaín go luath mí Eanáir – Donnelly'