Feicfimid linn, a deir sé! Bhí Seán Kyne sa gClochán cúpla lá théis d’Éamon Ó Cuív fógra a thabhairt go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht. Tháinig fear chomh fada leis an Seanadóir Kyne agus dúirt: “Tá do bhealach ceart, a Mhic Uí Chadhain.” Arsa Seán go réchúiseach “Feicfimid linn.”
Ba é an chéad phort ag go leor daoine san am ar fhógair an Teachta Ó Cuív go raibh sé réidh leis an bpolaitíocht ná gurbh ag Seán Kyne a bheadh an buntáiste. Mar iarAire Stáit Gaeltachta, bheadh neart eolais air agus tacaíocht dá réir – agus an Teachta Ó Cuív imithe – ag Kyne leis an suíochán Dála a bhíodh aige a bhuachan ar ais.
Bhí Seán Kyne sa gClochán freisin an lá ar osclaíodh Seó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara. Ní raibh sé ach dhá lá roimhe sin ó fógraíodh go mbeadh Gráinne Seoige san iomaíocht d’ainmniúchán ó Fhianna Fáil san Olltoghchán. “By dad a Sheáin, saothróidh tú anois é,” a deir fear leis mar chineál beag spochadh. Arsa Seán agus meangadh air go cluasa: “Feicfimid linn”.
Má bhí sampla ann ariamh d’fhilíocht Rudyard Kipling, thug Seán an sampla sin: Má tá tú in ann an t-ádh agus an mí-ádh a láimhsiú ‘and treat both those imposters just the same’.
Ní chloisfeá go brách aon duine in aon pháirtí eile ag caitheamh anuas ar Sheán Kyne. Ach níl dabht ach go bhfuil sé foghlamtha aige freisin gur cluiche crua – salach scaití – í an pholaitíocht. Mar a deir Bertie Ahern: “Every candidate is an independent when the election is called.”
Ach pé bealach a rachfar dó, seo Toghchán cinniúnach atá amach romhainn don Seanadóir Seán Kyne.
Murar féidir le Seán Kyne suíochán a bhuachaint an iarraidh seo, d’fhéadfadh an rás a bheith rite aige i gcúrsaí na polaitíochta náisiúnta. Go deimhin, d’fhéadfadh sé é a shaothrú agus an Seanad a fháil ar ais, fiú dá mbeadh fonn air a dhul an treo sin, má chailleann sé an toghchán seo. Ar an taobh eile den scéal, beidh seans an-mhaith aige ar aireacht shinsearach, nó aireacht shóisearach, má thagann sé i dtír i nGaillimh Thiar.
An dtiocfaidh?
Bhí dhá shuíochán ag Fine Gael i nGaillimh Thiar idir 2011 agus 2016, Seán Kyne agus Brian Walsh. Más suíochán amháin a bheidh acu, bheadh ar an Seanadóir Kyne a chomhghleacaí, Hildegarde Naughton T.D. a chur amach. Ach, an bhféadfadh Fine Gael dhá shuíochán a thabhairt leo? Dá n-éireodh le Naughton agus Kyne 28% den vóta a fháil, thabharfadh sé an bheirt acu isteach. Níl sin dodhéanta de réir mar atá cuid de na pobalbhreitheanna ag tuar na gcéatadán. Ach, beidh aimsir ann fós roimh lá an toghcháin.
Bhí 6,136 vóta ag Seán Kyne ar an gcéad chomhaireamh in Olltoghchán 2016 agus toghadh é. Bhí sé gafa ar gcúl go dtí 5,284 vóta in Olltoghchán 2020. Chaill sé a shuíochán. Bhí a chomhghleacaí i bhFine Gael, Hildegarde Naughton, 1,000 vóta chun tosaigh air sa gcéad chomhaireamh.
Éiríonn rud amháin fíorshoiléir. Más leis an gCadhnach a dhul ar ais go Dáil Éireann, beidh air 1,000 vóta, ar a laghad, a chur leis an líon a bhí aige sa gcéad chomhaireamh in 2020.
An féidir leis é sin a dhéanamh?
Ar leic an dorais aige féin a chaithfidh Seán Kyne tosú; sin é ceantar Mhaigh Cuilinn, Uachtar Ard agus Chill Aithnín agus síos le bruach Loch Coirib. Chaill sé vótaí sa taobh sin tíre in 2020. Bhí dris chosáin roimh an gCadhnach an uair úd. Níor éirigh go maith leis ag cruinniú san Ionad Pobail in Uachtar Ard áit a raibh na céadta fáiscthe isteach agus iad in aghaidh lonnú daoine a bhí ag lorg tearmainn in Óstán an Connemara Gateway in aice láithreach. Bhraitheadar nár sheas Kyne leo. Is cosúil go bhfuil an t-olc a bhí don Seanadóir Kyne lagaithe anois ach bheadh a lorg ansin i gcónaí.
Tá an vóta sa gceantar sin méadaithe thar cuimse. Is beag nach bhfuil daonra Mhaigh Cuilinn féin méadaithe faoi thrí le 25 bliain. Tá an daonra in Uachtar Ard beagnach dúbailte.
Ach, taobh amuigh de cheist Óstán an Connemara Gateway, tá dúshlán eile ag Seán Kyne ina chomharsanacht féin mar go bhfuil an Comhairleoir Contae Noel Thomas ina iomaitheoir don pháirtí Éire Neamhspleách. Ba le Fianna Fáil a bhí an Comhairleoir Thomas nó gur thug sé droim láimhe leo anuraidh de bharr aighnis eile a bhain le hionad do dhaoine atá ag lorg tearmainn.
Óstán Ross Lake a bhí i gceist an iarraidh seo. Fuair an Comhairleoir Thomas 1,500 vóta sa toghchán Comhairle Contae. Cuirfidh sé brú ar an Seanadóir Kyne, ach ar an taobh eile, bheadh Kyne ag súil go bhfanfadh sé chun cinn agus go mbeadh buachtáil aige ar aistriúcháin ó Noel Thomas sa deireadh thiar thall.
Sí an Ghaeltacht an dara háit a mbeidh obair le déanamh ag an Seanadóir Kyne agus caithfidh sé a bheith i bhfad níos éifeachtaí sa taobh sin tíre ná a bhí sé in 2020 más leis carnán láidir vótaí a thabhairt as. Cé go raibh an-mheas air mar Aire Stáit Gaeltachta níor léiríodh é sin sna boscaí Gaeltachta cúig bliana ó shin.
D’fhéadfadh an iarraidh seo go mbeadh fonn ar mhuintir na Gaeltachta tacú le fear a bhfuil eolas an bhealaigh aige, go háirithe agus Éamon Ó Cuív ag imeacht uathu. Leis sin a bheidh Seán Kyne ag súil. Ach tá Gráinne Seoige ansin freisin.
‘Óra vóta amháin’ a dúradh san amhrán. Teastaíonn míle acu, agus tuilleadh, le cois a raibh aige cúig bliana ó shin ón Seanadóir Seán Kyne má tá sé lena ghreim a choinneáil ar an téad sa bpolaitíocht náisiúnta.
Feicfidh muid linn.
Fág freagra ar 'Seán Kyne – toghchán cinniúnach amach roimh an iar-aire stáit Gaeltachta'