Seachtar ó Ghaoth Dobhair i measc 30 imreoir Gaeltachta a bheidh páirteach i gcluichí leathcheannais na hÉireann Faoi 21

Ní haon iontas é go bhfuil go leor imreoirí ó chumainn Ghaeltachta ar fhoireann Dhún na nGall a bheidh ag imirt i mbabhta leathcheannais na hÉireann sa Chraobh Peile Faoi 21 tráthnóna. Tá cuid mhaith de na cumainn is láidre sa chontae lonnaithe sa Ghaeltacht agus bhí ionadaithe ó naoi gcinn de na clubanna Gaeltachta […]

Seachtar ó Ghaoth Dobhair i measc 30 imreoir Gaeltachta a bheidh páirteach i gcluichí leathcheannais na hÉireann Faoi 21

Ní haon iontas é go bhfuil go leor imreoirí ó chumainn Ghaeltachta ar fhoireann Dhún na nGall a bheidh ag imirt i mbabhta leathcheannais na hÉireann sa Chraobh Peile Faoi 21 tráthnóna. Tá cuid mhaith de na cumainn is láidre sa chontae lonnaithe sa Ghaeltacht agus bhí ionadaithe ó naoi gcinn de na clubanna Gaeltachta sin ar phainéal na gConallach do chluiche ceannais Uladh Dé Luain seo caite.

Rud nach mbeifeá ag súil leis, áfach, ná go bhfuil an oiread sin imreoirí ar an bhfoireann idirchontae ó aon chumann amháin. Is mór an onóir é do chumann ar bith go mbeadh duine nó beirt acu ar fáil d’fhoireann an chontae ach tá áit bainte amach ag seachtar ó Ghaoth Dobhair i mbliana i scuad faoi 21 Declan Bonner.

Thosaigh triúr do Dhún na nGall ó chumann Mhachaire Gathlán – Dáire Ó Baoill, Cian Mulligan agus Micheál Carroll— in aghaidh Dhoire ag tús na seachtaine. Bhí Niall Friel ar an mbinse agus Gavin McBride, Naoise Ó Baoill agus Ciarán Gillespie ar an bpainéal chomh maith. Gach seans go mbeadh Gillespie ar an bhfoireann a chuaigh chun páirce murach gortú a bhain dó ag imirt do shinsir Dhún na nGall sa tsraith.

Deir Aodh Máirtín Ó Fearraigh, cathaoirleach chumann Ghaoth Dobhair gur cúis mhór bhróid don phobal é go bhfuil ag éirí chomh maith leis na fir óga.

“Tá borradh millteanach sa pharóiste le seachtain anuas. Fiú thuas in Ard Mhacha [áit ar imríodh cluiche ceannais Uladh], bhí scata mór ó Ghaoth Dobhair ar an bpáirc i ndiaidh an chluiche agus ní haon iontas é sin agus seachtar mar chuid den phainéal againn,” a deir sé.

Agus an oiread sin imreoirí óga cumasacha faoi láthair acu, ní haon iontas ach an oiread go raibh rath ar fhoirne faoi aois Ghaoth Dobhair le roinnt blianta anuas.

“Bhí ‘bond’ iontach láidir idir na lads sin ó thosaigh siad ag imirt, fiú ag leibhéal an chlub. I gcluichí craoibhe, níor chaill siad ach aon chluiche amháin riamh agus b’in cluiche leathcheannais Chraobh faoi 21 Uladh i mbliana. Ar an drochuair, bhí go leor de na himreoirí gortaithe an lá sin agus bhí imreoirí eile a raibh dualgas idirchontae orthu. Ba mhór an trua é sin ach b’in é an t-aon chluiche amháin a chaill an fhoireann sin,” a deir Ó Fearraigh.

Deir Ó Fearraigh gur chuir cumann Ghaoth Dobhair an-bhéim ar an struchtúr faoi aois sa chlub le deich mbliana anuas agus go bhfuil a thoradh sin le feiceáil anois. Deir sé go ndearna an cumann iarracht a chinntiú go bhfreastalaíonn a gcuid cóitseálaithe ar chúrsaí oiliúna agus go mbíonn teicnící agus modhanna úra in úsáid acu agus an chéad ghlúin eile á cothú agus á forbairt.

“Is léargas maith ar obair na mbainisteoirí uile agus na ndaoine uile a d’oibrigh ann go bhfuil na himreoirí chomh dílis dóibh go fóill. Tá nasc an-láidir ann idir na himreoirí seo agus a gcuid bainisteoirí agus iarbhainisteoirí,” a deir Ó Fearraigh.

Ní hé Gaoth Dobhair an t-aon phobal Gaeltachta a mbeidh suim ar leith acu i mbabhtaí  leathcheannais an tSathairn ach an oiread. Tabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Chiarraí sa chluiche leathcheannais eile amárach agus beidh rian na gcumann Gaeltachta le feiceáil sa choimhlint sin freisin.

Bhuaigh na Gaillimhigh Craobh Chonnacht coicís ó shin agus bhí seachtar imreoirí Gaeltachta ar an bhfoireann a thosaigh an cluiche sin – Rónán Ó Beoláin (Mícheál Breathnach), Liam Kelly (An Spidéal), Seán Andy Ó Ceallaigh (Naomh Anna, Leitir Móir), Peter Cooke (Maigh Cuilinn), Colm Ó Braonáin (Oileáin Árann), Antaine Ó Laoi (An Spidéal) agus Dessie Conneely (Maigh Cuilinn). Bhí beirt eile, Pádraig Eoin Ó Curraoin (An Spidéal) agus Seán Kelly (Maigh Cuilinn), i measc na n-ionadaithe.

Tá scata imreoirí ó fhoirne iontacha Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar fhoireann Chiarraí, a bhuaigh Craobh na Mumhan den chéad uair ó 2008 an mhí seo caite.

Bhí ceathrar ón Daingean, Tom Leo O’Sullivan, Tom O’Sullivan, Matthew Flaherty agus Cathal Bambury, agus imreoir amháin ón Ghaeltacht, Brian Ó Beaglaoich, ar an bhfoireann a thosaigh i gcluiche ceannais na Mumhan nuair a bhuaigh fir óga na Ríochta ar Chorcaigh. Anuas air sin, bhí Barry O’Sullivan agus Conor Geaney (An Daingean) agus Roibeard Ó Sé (An Ghaeltacht) ar an mbinse an tráthnóna céanna.

San iomlán, idir an cluiche sa Chabhán agus an ceann in Inis, beidh os cionn 30 imreoir ó chumainn Ghaeltachta páirteach i gcluichí an lae amárach. Deireadh seachtaine na Cásca atá ann seachas deireadh seachtaine na Cincíse, ach tá dealramh ag cluichí leathcheannais na hÉireann le Comórtas Peile na Gaeltachta!