Seacht gcinn de sciortaí mar mhalairt ar an ngúna samhraidh…

Tá seacht gcinn de sciortaí, atá ar fáil ar idir €22 agus €55, roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí agus í ag súil lena thuilleadh dea-aimsire

Seacht gcinn de sciortaí mar mhalairt ar an ngúna samhraidh…

Agus aimsir shármhaith againn le gairid bhí neart againn a thosaigh ag caitheamh gúnaí arís agus mura bhfuil dul amú mór orm bhí go leor againn ann gur thaitin an t-athrú stíle sin go mór linn.

Feicim gúnaí á gcaitheamh níos minice le roinnt seachtainí anuas ná mar a chonaic mé riamh roimhe sin sa tír seo.

Don té a cheapann go bhfuil gúnaí rófhoirmeálta nó a bhraitheann ‘róghléasta’ iontu in amanna, tá rogha eile ann – sciorta deas samhraidh. Agus tá roghanna áille ar fáil faoi láthair ar phraghsanna réasúnta go maith.

Seo roinnt de na cinn is mó a thaitin liom féin.

 

Sciorta meánfhada buí ar €22.11 ó Bershka

Na dathanna buí nó mustaird is fearr liom féin an séasúr seo agus is cinnte go raibh mé an-sásta leis an sciorta deas seo. Bím seasta ag ceannach rudaí a mbíonn an dath seo orthu. Tá banda coime air a bhfuil beagán leaistice ann rud a chiallaíonn go bhfuil sé an-chompordach ar fad.

 

Mionsciorta ar dhath ‘cham an ime’ ar €35 ó Warehouse

Más mionsciorta atá uait, is rogha iontach é an ceann seo ó Warehouse. Tá an patrún bláthach go hálainn agus an stíl chídeoige le ruifil ag a bhun go mór sa bhfaisean le bliain anuas.

 

Sciorta pionsail ar dhath coiréalach ar €55 ó Oasis

Más sciorta don obair atá uait, ba cheart súil a chaitheamh ar an gceann pionsail seo. Tá sé an-fhaiseanta ach fós oiriúnach d’ócáid fhoirmeálta. Is féidir é a mheaitseáil le barréide, rud a fhágfaidh cosúlacht an ghúna air, mar atá sa phictiúr seo.

 

Sciorta pléatáilte ar €39.99 ó H&M

Tá sciortaí ar an stíl phléatáilte seo iontach don tráth seo bliana. Tá sé breá scaoilte agus is cinnte nach mbeidh tú ró-the ann. Tá dath álainn uaine agus dearg air agus patrún deas air freisin. Bhreathnódh sé seo iontach le bróga reatha agus t-léine i rith an lae nó le barréide dheas agus sála arda san oíche.

 

Sciorta meánfhada bláthach ar €59 ó & Other Stories

Sa siopa seo atá fáil ar roinnt de na sciortaí agus na gúnaí is deise atá ar fáil ar an ghnáthmhargadh faoi láthair. Is maith ann an siopa seo dúinne nach bhfuil an saibhreas againn le dul ag ceannach ó na dearthóirí mór le rá. Bíonn an fhabraic, an gearradh agus na dathanna i gcónaí ar fheabhas. Is breá liom an ceann gorm bláthach seo agus cuireann an scoilt ar an taobh breis slachta ar an stíl álainn.

 

Sciorta pionsail ar dhath bán ar €55 ó River Island

Seo sciorta eile a d’fhéadfá a chaitheamh i rith an lae nó ag ócáid fhoirmeálta san oíche. Tá an dath go deas don samhradh agus básta air a chuirfeadh cruth iontach ar dhuine. Is breá liom freisin na cnaipí blaosc toirtíse atá air.

 

Sciorta dearg go rúitín ar €24.99 ó New Look

Más sciorta go rúitín atá uait is rogha iontach an ceann deas dearg seo atá breá saor ó New Look. Is sciorta cídeoige é atá breá fada don té nach bhfuil ag iarraidh na cosa a chur ar taispeáint. Arís, rogha iontach é seo le bróga reatha nó le sála arda.

Fág freagra ar 'Seacht gcinn de sciortaí mar mhalairt ar an ngúna samhraidh…'

  • peg

    tá siad galánta uilig