Sé scéal a dtángthas orthu sna cáipéisí stáit is déanaí a scaoileadh

Seo sé ní a d'fhoghlaim muid ó cháipéisí an stáit atá scaoilte saor anois. Beidh a thuilleadh faoi na cáipéisí ar 'Siar 30 Bliain' ar TG4 anocht

Sé scéal a dtángthas orthu sna cáipéisí stáit is déanaí a scaoileadh

1. Míshástacht faoi reachtaíocht maidir le hainmneacha Gaeilge ar shráideanna

I mBealtaine na bliana 1995 cuireadh deireadh leis an chosc ainmneacha Gaeilge a chur ar shráideanna i dTuaisceart Éireann. Bhí an cosc seo ina ábhar aighnis idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine ó síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach i 1985 ach ní raibh rialtas na hÉireann pioc sásta leis an reachtaíocht a tháinig isteach ina áit.

Thitfeadh sé ar Chomhairlí Baile is ar Chomhairlí Contae feasta cead a thabhairt, nó a dhiúltú, comharthaí dátheangacha a chrochadh ar shráideanna ar leith.

Mheas Rialtas na hÉireann go dtabharfadh an reachtaíocht cead do thromlach na mball i gcomhairle baile droim láimhe a thabhairt do chearta an mhionlaigh. Ní raibh próiseas achomhairc ann go fiú. Dúirt Rialtas na hÉireann nach raibh sa reachtaíocht úr ach ’empty shell’ a thabharfadh uirlis mhaith bolscaireachta do Shinn Féin. Chuir siad i leith rialtas na Breataine gur dhréachtaigh siad reachtaíocht lag d’aon ghnó agus fios maith acu nach bhféadfaí í a chur i bhfeidhm.

2. Cosc curtha ar de Valera mar iarbhall de Shinn Féin

Rinne an Roinn Gnóthaí Eachtracha gearán chuig an Chomhrúnaíocht Angla-Éireannach i 1990 faoi chomhairle a chuir Oifig an Rúnaí Baile ar an BBC nach raibh aon chead glór Éamon de Valera a chraoladh ar a gcuid cláracha. Bhí cosc i bhfeidhm sa Bhreatain ón bhliain 1988 agallamh a chur ar bhaill de pháirtithe áirithe a raibh toirmeasc orthu, Sinn Féin ina measc. Mar thoradh air seo chuir an Roinn Gnóthaí Baile in iúl don BBC nach mbeidís ábalta glór Éamon de Valera a chraoladh siocair gur mba bhall de Shinn Féin a bhíodh ann. “I pointed out that Eamon de Valera had left Sinn Féin and founded the Fianna Fáil party three quarters of a century ago and that it would be an extraordinary interpretation of them if his voice could not be broadcast,” a dúirt Comhrúnaí na Rúnaíochta Angla-Éireannaí.

3. An t-oideachas lán-Ghaeilge ina ábhar spairne idir Éirinn agus an Bhreatain

Chuir Rialtas na hÉireann i leith na Roinne Oideachais sa Tuaisceart go raibh siad ag tarraingt na gcos ó thaobh an gaeloideachas a fhorbairt sna sé chontae sna 1990idí. Bhí borradh ag teacht faoin éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge sa Tuaisceart ag an am ach theip ar iarrachtaí fhormhór na scoileanna aitheantas oifigiúil a fháil de bharr nár shásaigh siad na critéir dhiana a bhí leagtha síos ag an Roinn Oideachais. Theip ar chásanna Ard-Chúirte a ghlac Meánscoil Feirste agus Bunscoil an Iúir i lár na nóchaidí agus bhí caingean á bheartú chuig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg.

Mheas Rialtas na hÉireann go raibh an Bhreatain ag cur deis iontach amú chun a léiriú don phobal náisiúnach go raibh dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh cothrom na Féinne a bhaint amach. Bhain an rialtas leas as cruinnithe den Chomhdháil Idir-Rialtasach le brú a chur ar na húdaráis oideachais dearcadh níos solúbtha a léiriú ‘against the background of parity of esteem and respect for cultural identity’.

Bhí dea-scéal le hinsint ag an Chomhdháil Idir-Rialtasach i Londain ar an 22 Bealtaine 1996, nuair a d’fhógair an tAire Michael Ancram go dtabharfaí aitheantas do Mheánscoil Feirste agus do bhunscoil lán-Ghaeilge i mBaile Uí Mhurchú. Fuair Bunscoil an Iúir aitheantas níos deireanaí an bhliain sin. Mhaígh an Rialtas anseo gur ghéill Ancram mar thoradh ar a gcuid stocaireachta sa Chomhdháil Idir-Rialtasach.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuir síniú Comhaontú Aoine an Chéasta dualgas reachtúil ar Roinn Oideachais an Tuaiscirt an scolaíocht lán-Ghaeilge a chothú agus a éascú.

4. Gearán faoin dóigh ar chaith Arm na Breataine le lucht leanúna Dhún na nGall

Rinne Rialtas na hÉireann gearán oifigiúil chuig Rialtas na Breataine faoin mhoill as cuimse a cuireadh ar lucht leanta Dhún na nGall a bhí ag teacht abhaile ó athimirt Chraobh na Sraithe Peile in éadan Bhaile Átha Cliath i 1993. B’fhada lucht leanta CLG ag gearán faoin dóigh ar chaith Arm na Breataine leo agus iad ag dul trasna na teorann go cluichí peile is iomána. Ar ndóigh faoi Riail 21 ní raibh aon chead ag baill d’fhórsaí cosanta na Breataine a bheith ina mbaill de CLG ná cluichí peile ná iomána a imirt. Bhí droch-chaidreamh idir CLG agus Arm na Breataine fosta de bharr seilbh a bheith glactha ag an arm ar chuid de pháirc imeartha Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin.

Ar an 9 Bealtaine 1993, cuireadh moill mhór ar lucht leanta Dhún na nGall ag an phointe seiceála in Achadh na Cloiche, Co Thír Eoghain. Bhí go leor acu den tuairim gur d’aon ghnó a tharla an tranglam tráchta agus gur léirigh sé an naimhdeas a bhí ag Arm na Breataine do CLG. Rinne taobh na hÉireann den Rúnaíocht Angla-Éireannach gearán chuig a gcomhghleacaithe Breataineacha faoinar tharla. Gabhadh leithscéal leo faoin mhoill ach dúradh go dtarlaíonn sé ar ócáidí áirithe go mbíonn ar na fórsaí slándála a bheith níos críochnúla ina gcuid cuardaigh. B’amhlaidh a tharla lá na hathimeartha.

Chuir feidhmeannaigh de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha ina luí ar a gcuid comhghleacaithe go raibh géarghá a chinntiú ar ócáidí móra spóirt nach gcuirfí moill ar an trácht. Sa chás is go mbeadh moill ag pointe seiceála, ba cheart do na húdaráis insint don phobal cén t-údar a bhí léi agus cé chomh fada is a mhairfeadh sí.

5. Iarracht an Foras Teanga a chur go tóin poill

Sna míonna beaga tar éis síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998, bhí dianchainteanna ar bun idir Rialtas na hÉireann, Rialtas na Breataine agus páirtithe an Tuaiscirt i dtaca leis na ranna stáit agus na hinstitiúidí trasteorann a bhí le bunú. Léirigh tuairisc ar dhul chun cinn na gcainteanna a chuir an Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha i dtoll a chéile go raibh neart aighnis fós le sárú i gcás roinnt institiúidí. Ach bhí dea-scéal ann sa mhéid is nach raibh ach ‘minor differences’ i gceist idir na páirtithe i dtaca le foras teanga a bhunú. Bheadh an foras seo ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Ultaise ar bhonn trasteorann.   

Chuir leascheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh, John Taylor, an lasóg sa bharrach ag an bhomaite deireanach, áfach.  Mheas Taylor go raibh na hAontachtóirí ag géilleadh barraíocht don phobal náisiúnach agus ghlac sé a ndúshlán faoi fhoras teanga a bhunú. Mhaígh sé go mbeadh ar Rialtas na hÉireann, an SDLP agus Sinn Féin rogha a dhéanamh idir foras trádála agus foras teanga mar nach mbeadh na hAontachtóirí ag géilleadh don dá cheann!

Chuir Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Dermot Gallagher, in iúl do Roinn an Taoisigh go rabhthas iontach buartha faoi bhagairt Taylor. Bheadh orthu, dar leis, a chur ina luí go láidir ar Rialtas na Breataine seasamh go diongbháilte in éadan na bagartha seo. I ndeireadh ama, níor éirigh leis na bagairtí.

6. Cúpla focal sa Phálás ach gan ach Béarla na Banríona san Ambasáid

Ceithre bliana déag sular labhair an Bhanríon Eilís abairt Ghaeilge i gCaisleán Átha Cliath, chuir Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine tuairisc faoina mhacasamhail d’eachtra a tharla i gcaisleán eile – Pálás Bhuckingham. Cuireadh fearadh na fáilte roimh an Ambasadóir, Ted Barrington, go dtí an Pálás i 1997, agus seinneadh ‘The Rose of Tralee’ ina onóir. Baineadh stangadh as ag deireadh na hoíche, áfach, nuair a labhraíodh leis i nGaeilge: “One of the elderly footmen, dressed in a red cloak, and a white hat, bade us good night, saying “Oíche mhaith, slán agus beannacht”,’ a thuairisc an tAmbasadóir chuig a chuid comhghleacaithe i mBaile Átha Cliath.

I dtuairisc a sheol Ambasadóir eile ar ais i 1994 deineadh cur síos ar an chéad turas a thug Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, ar Ambasáid na hÉireann i Londain. Dúradh go raibh Adams go mór ar a shuaimhneas ach cé gur labhair Ambasadóir an ama, Joseph Small, leis i nGaeilge bhí iontas orthu gur i mBéarla a freagraíodh é. “He did not deviate from the Queen’s English!” a dúradh.

* Craolfar an clár Siar 30 Bliain ar TG4 anocht ag 7.15pm

Fág freagra ar 'Sé scéal a dtángthas orthu sna cáipéisí stáit is déanaí a scaoileadh'