Scoláireacht seolta ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcuimhne ar oifigeach Gaeilge a cailleadh go hóg

Bhásaigh Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, nó Oonagh Ní Chéileachair mar ab fhearr aithne uirthi, in 2017 agus tá sparánacht nua do mhic léinn tríú leibhéal ainmnithe in ómós di ag Comhairle Contae Mhaigh Eo

Scoláireacht seolta ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcuimhne ar oifigeach Gaeilge a cailleadh go hóg

Líne chúil: Austin Vaughan, Leabharlannaí an Chontae, Skyler Kelleher (neacht le hOonagh), Ita Kelleher, Seán Kelleher, Siobhán Kelleher (siblíní), Fionnuala Nic Pháidín, Oifigeach Gaeilge. Líne thosaigh: Ann Marie McGing, Oifigeach Ealaíon, Caoimhín Ó Súilleabháin (fear céile Oonagh), Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir John O’Hara, Pat Kelleher (athair), Joanne Grehan, Stiúrthóir Seirbhísí

Tá scoláireacht nua seolta ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcuimhne ar an gcéad Oifigeach Gaeilge riamh a bhí ag an gComhairle.

Bhásaigh Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, nó Oonagh Ní Chéileachair mar ab fhearr aithne uirthi, go hóg ón ailse in 2017 agus tá sparánacht nua do mhic léinn tríú leibhéal ainmnithe in ómós di ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Deirtear go raibh aithne fhorleathan ar Oonagh ar fud Mhaigh Eo i ngeall ar an obair cheannródaíoch a rinne sí ag cur na Gaeilge chun cinn, go háirithe trí mheán imeachtaí pobail agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha.

Is ag tarraingt ar na réimsí spéise sin atáthar leis an scoláireacht nua seo, lena dtabharfar tacaíocht airgeadais do mhic léinn atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge nó sna healaíona teangabhunaithe.

Is féidir le mic léinn tríú leibhéal ó dhisciplín ar bith cur isteach ar an scoláireacht seo, fad is gurb as Maigh Eo dóibh, nó go bhfuil cónaí orthu sa chontae.

Gheobhaidh buaiteoir na scoláireachta sparánacht €3,000 don bhliain, a bhuíochas don mhaoiniú ó Phobail Ildána Mhaigh Eo, chomh maith le gradam saindeartha agus tacaíocht forbartha ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Dúirt Joanne Grehan, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Contae Mhaigh Eo:

“Trína cuid oibre ar fad, chinntigh Oonagh go raibh deiseanna ar fáil do gach ball den phobal a bheith páirteach i saol na Gaeilge.

Bhí fíormheas ag Oonagh ar na healaíona agus thuig sí luach na meán cruthaitheach, ar nós na hamhránaíochta, na drámaíochta agus na litríochta, chun rannpháirtíocht leis an nGaeilge a chothú. Tá muid fíorshásta a bheith in ann an scoláireacht seo a sheoladh chun a cuid éachtaí a cheiliúradh agus chun spreagadh a thabhairt do mhic léinn ó Mhaigh Eo leanúint leis an obair thábhachtach sin.”

Tá tuilleadh eolais faoi na critéir iontrála agus an próiseas iarratais don scoláireacht seo ar fáil anseo. Glacfar le hiarratais go dtí Dé Luain an 14 Deireadh Fómhair 2024.

Fág freagra ar 'Scoláireacht seolta ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcuimhne ar oifigeach Gaeilge a cailleadh go hóg'