Tá léiriú tugtha i bhfigiúirí nua ar an tóir a bhíonn ar an oideachas tríú leibhéal i measc daltaí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.
De réir figiúirí a foilsíodh san Irish Times agus an Irish Independent, bhí Coláiste Íde sa Daingean i gCiarraí, Coláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal i nGaillimh agus Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath i measc na scoileanna “is fearr” sa tír ó thaobh mic léinn a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal i mbliana.
De réir na bhfigiúirí, daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge a bhí i 3.5% dóibh siúd a rinne an Ardteist anuraidh ach daltaí ó na scoileanna céanna a bhí i 3.9% dóibh siúd a fuair áit in institiúid tríú leibhéal i mbliana.
Ardaíonn an céatadán sin go dtí 4.6% nuair nach gcuirtear san áireamh ach na hollscoileanna traidisiúnta.
Tá Coláiste Íde sa Daingean ar an tríú scoil is fearr sa tír chun mic léinn Ardteiste a sholáthar d’institiúid tríú leibhéal agus bhí Coláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal san ochtú háit. Bhí trí cinn eile de scoileanna lán-Ghaeilge – Coláiste Íosagáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste Mhuire i dTuar Mhic Éadaigh i measc na 25 iarbhunscoil is fearr.
Tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Gaelcholáiste Luimnigh, Coláiste na Coiribe i nGaillimh, Coláiste an Phiarsaigh i gCorcaigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde i measc na scoileanna measctha is fearr chun mic léinn Ardteiste a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal.
Bíonn roinnt conspóide ag baint i gcónaí le liostaí seo na scoileanna freastail nó ‘feeder’. Dar le go leor saineolaithe oideachais nach dtugann liostaí dá leithéid léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.
Fág freagra ar 'Scoileanna lán-Ghaeilge i measc na n-iar-bhunscoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal'