Scoil gheimhridh nua i gcuimhne ar Ghearóid Ó Cairealláin

Tá sé d'aidhm ag scoil nua a bheidh ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo deis a thabhairt don phobal saol Ghearóid Uí Chairealláin a cheiliúradh

Scoil gheimhridh nua i gcuimhne ar Ghearóid Ó Cairealláin

Beidh Scoil Geimhridh Uí Chairealláin, scoil nua atá á cur ar bun i gcuimhne ar Ghearóid Ó Cairealláin, ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál an deireadh seachtaine seo.

Cuirfear imeachtaí na scoile ar bun ar an Aoine agus Satharn, 5 agus 6 Nollaig, agus beidh saorchead isteach chuig na himeachtaí ar fad.

Sa gCultúrlann a bheidh imeachtaí na féile cé is moite de shiúlóid agus oíche cheoil i gCumann Chluain Ard. Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón scoil gheimhridh maidin Dé Sathairn ón 11:00 go 12:00 leis an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra.

Is iad ‘Agóidíocht’ agus ‘Iriseoireacht’ an dá mhórthéama a bheidh chun cinn ag Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin agus is ócáid bhliantúil a bheidh ann as seo amach, in ómós do Ghearóid Ó Cairealláin, gníomhaí teanga agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, a bhásaigh mí na Nollag seo caite.

Tá sé d’aidhm ag an scoil deis a thabhairt don phobal saol Ghearóid Uí Chairealláin a cheiliúradh agus machnamh a dhéanamh ar an ról lárnach a bhí aige i gcúrsaí na Gaeilge i mBéal Feirste ar feadh cuid mhór dá shaol.

Tá meascán d’imeachtaí ar chlár na scoile – pléphainéil, taispeántas, scannáin, cainteanna, agallamh poiblí agus imeachtaí ceoil.

Is í Bríd Ó Gallchóir, Stiúrthóir Chompántas Amharclainne Aisling Ghéar, a osclóidh an Scoil Gheimhridh go hoifigiúil agus beidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin ina aoichainteoir ann.

Iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams a sheolfaidh taispeántas grianghrafanna ar shaol Ghearóid Uí Chairealláin agus na fiontair a raibh baint aige leo.

Cuirfear clabhsúr ar an chéad lá den Scoil le pléphainéal faoin téama ‘Agóidíocht- an fiú í?’, le hagallamh ag Robert McMillen leis an scríbhneoir Alan Titley agus le dhá scannán.

Siúlóid threoraithe le hEoghan Ó Néill thart ar na hionaid i gceantar na bhFál a bhí ceangailte le saol agus le scéal Ghearóid Uí Chairealláin an chéad imeacht maidin Shathairn. I ndiaidh do Milène Fegan caint a dhéanamh faoina clár teilifíse ‘Stop an Preas’ (clár faoi agus Preas an Phobail), cuirfidh Ciarán Ó Feinneadha caint i láthair faoin téama, ‘Gearóid Ó Cairealláin – Gníomhaí Gaeilge’.

Níos deireanaí ar an Satharn, beidh pléphainéal d’iriseoirí aitheanta ag meas ‘Iriseoireacht na Gaeilge agus pobal Ghaeilge a thógáil’. Cuirfear deireadh le himeachtaí na Scoile le hoíche cheoil i gCumann Chluain Ard.

Deir Eoghan Ó Néill, duine de choiste eagraithe na scoile, go dtabharfaidh an t-imeacht seans do dhaoine “a theacht le chéile agus seal a chaitheamh ag smaointeoireacht, ag éisteacht le cainteoirí maithe ag malartú tuairimí agus ag baint sult as an chaint agus an chuideachta, rudaí a raibh dúil ag Gearóid féin riamh iontu”.

Fág freagra ar 'Scoil gheimhridh nua i gcuimhne ar Ghearóid Ó Cairealláin'