Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne, Féile Rua ar an gCeathrú Rua agus Scéal na Gaeilge i nDoire

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne, Féile Rua ar an gCeathrú Rua agus Scéal na Gaeilge i nDoire

FÉILTE

Scoil Cheoil an Earraigh. Pictiúr: Manuela Dei Grandi

Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne

Beidh Scoil Cheoil an Earraigh ar bun i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne ón Mháirt, 19 Feabhra go dtí an Domhnach 23 Feabhra. Scoil cheoil thraidisiúnta í seo ina mbeidh ceardlanna ceoil, damhsa agus amhránaíochta chomh maith le ceolchoirmeacha agus seisiúin. I measc na gceoltóirí a bheidh ag múineadh ceardlann beidh Mary Bergin agus Bríd Donnelly ar an bhfeadóg stáin, Johnny Óg Connolly ar an mbosca ceoil, Becky Ní Éallaithe agus Nicole Ní Dhubhshláine ar an gconsairtín agus Caoimhín Ó Raghallaigh ar an bhfidil. €70 atá ar na ranganna agus tá an liosta ar fad ar fáil anseo.

I measc na n-imeachtaí eile, beidh an cheolchoirm ‘Scaipeadh is Cruinniú na nGael’ ar bun in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin ar an Déardaoin, an 20 Feabhra ag 8pm. Beidh ceoltóirí agus amhránaithe as Éirinn, as Albain agus as Oileán Cheap Bhreatainn páirteach sa gceolchoirm seo.  Seinnfidh Andrea Palandri agus Pádraic Keane ceol traidisiúnta a fuair siad ó sheanfhoinsí a cuireadh i gcló idir 1750-1850. Bainfidh siad ceol as ceithre uirlis a deineadh in Éirinn le linn na tréimhse sin.

Mar chuid den cheolchoirm freisin beidh ceol agus amhráin ann as Albain leis an amhránaí aitheanta Kathleen MacInnes agus an píobaire agus amhránaí Ailean Domhnallach. Beidh an píobaire agus veidhleadóir Kenneth McKenzie i láthair as Ceap Bhreatainn agus é ar cuairt go Corca Dhuibhne den chéad uair. Breanndán Ó Beaglaoich a bheidh ina fhear an tí..

Tá clár na scoile agus ticéid ar fáil anseo.

 

Máirtín Ó Cadhain agus Peadar Mac Con Iomaire taobh thiar de ag cruinniú de ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta. Pictiúr: RTÉ

Féile Rua ar an gCeathrú Rua

Beidh Féile Rua, féile phobail i gceantar na Ceathrún Rua, ar bun ó 13-16 Feabhra. Cuirfear tús leis an bhféile ag oscailt oifigiúil Déardaoin an 13 Feabhra in Ionad an Oireachtais i gCasla. Is é Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil agus seolfar an taispeántas ‘An Ghluaiseacht’, ábhar ó Chearta Sibhialta na Gaeltachta atá bunaithe ar leabhar le Rónán Mac Con Iomaire ag an ócáid chéanna. Beidh sleachta as leabhar Pheadar Neilí Uí Dhomhnaill, atá le foilsiú go luath, á léamh ag daoine muinteartha leis ag an ócáid freisin agus beidh sólaistí ar fáil. Cuirfear Club na Féile ar bun Tigh Khitt i gCasla ina dhiaidh sin.

Leanfar leis an bhféile ar an Aoine, tráth a ndéanfar craoladh beo ar Iris Aniar RnaG Tigh Mhéicil. Beidh leac chuimhneacháin, atá deartha ag Pádraic Reaney, á nochtadh mar chomóradh ar Chath na Ceathrún Rua, ag an staraí Cormac Ó Comhraí. Beidh ‘Turas Lúibe’ á sheoladh i Leabharlann na Ceathrún Rua agus taispeántas ceardaíochta le mná na cniotála agus na cróiseála ar taispeáint. Beidh siúlóid ealaíne le Danny de Bhailís ar bun i lár an lae agus is é Ciarán Ó Fátharta a chuirfidh tús leis an tsiúlóid.

Cuirfear an ócáid ‘Stéibh ‘25’ ar bun ar an Satharn an 15 Feabhra sa gCrompán. Seo comórtas Amhránaíocht Nuachumtha Fhéile Rua. An craoltóir Séamus Ó Scanláin a bheidh ina fhear an tí agus beidh ceol le Fóidín Meara ina dhiaidh. €10 ar an doras.

Tá clár na féile agus sonraí eile le fáil ar leathanach Facebook Féile Rua.

DRÁMAÍOCHT

Ranganna drámaíochta as Gaeilge in Amharclann Naomh Eoin

Beidh ranganna drámaíochta as Gaeilge á reáchtáil in Amharclann Naomh Eoin i Lios Tuathail. Is é an drámadóir Dic Walsh a bheidh ag stiúradh na ranganna.

Drámadóir é Walsh atá ag obair i réimse na haisteoireachta agus na hamharclannaíochta le cúig bliana déag. Thosaigh sé ag obair trí Ghaeilge nuair a chaith sé tréimhse mar ealaíontóir cónaitheach in Inis Oírr Á i rith an gheimhridh sa mbliain 2022.

Cuirfear an chéad rang eile sa tsraith ar bun ar an Luan an 17 Feabhra agus tá fáilte roimh chách bualadh isteach.

Tuilleadh eolais: 085 718 2605

Dátaí nua don dráma ‘Faoi Dheireadh Thiar’

Tá dátaí léirithe nua fógartha ag Amharclann Chois Fharraige don dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain a bheidh ar stáitse an deireadh seachtaine seo. Cuireadh na léirithe den dráma a bhí socraithe don mhí seo caite ar ceal de bharr na stoirme.

Tá na dátaí nua curtha in áirithe do na daoine a raibh ticéid acu don léiriú cheana féin. Na daoine a raibh ticéad acu do léiriú na hAoine, an 24 Eanáir, beidh an léiriú sin ar siúl anois ar an Aoine, an 7 Feabhra (tráthnóna inniu) ag a 8pm. Na daoine a raibh ticéad acu don léiriú ar an Domhnach, an 26 Eanáir beidh an léiriú sin ar siúl san oíche amárach, Dé Sathairn an 8 Feabhra ag 8pm.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Amharclann Chois Fharraige ag 091 399 199 nó rphost chuig amharclann@cst.ie

Ceoldráma nuascríofa ar stáitse i mBéal Átha an Ghaorthaidh

Tá ceoldráma nua-scríofa Gaeilge Gobnait le Alan Kiely, Kevin Connolly agus Seán Óg Ó Duinnín ar stáitse ag Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh ar feadh sé oíche i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gcontae Chorcaí. Cuireadh tús leis  an léiriú aréir agus beidh sé ar siúl arís anocht agus san oíche amárach, agus an tseachtain seo chugainn ó 15 go 17 Feabhra.

Suite in aimsir na dTuatha in Éirinn thart ar an mbliain 550 AD, tá ar bhean óg teitheadh óna háit dúchais i gCúige Chonnacht agus a bealach a dhéanamh go dtí an áit ina bhfaighidh sí naoi gcinn d’fhianna geala. Maireann éachtaí Ghobnait i seanchas na ndaoine sa lá atá inniu ann agus déantar ceiliúradh agus athinsint orthu sa saothar nua seo.

Tá ticéid ar fáil do Gobnait anseo.

SIÚLÓID

Siúlóid trí stair na Gaeilge i gcathair Dhoire

Tá tionscnamh nua ar líne a thugann cuairteoirí ar thuras trí stair athbheochan na Gaeilge i gcathair Dhoire curtha ar fáil ag Cultúrlann Uí Chanáin. ‘Céim ar Chéim’. Togra sé mhí a bhí i gceist le ‘Céim ar Chéim’ ina ndearnadh taighde ar oidhreacht na Gaeilge sa gcathair agus na daoine agus na háiteanna a bhí lárnach in athbheochan na teanga i nDoire.

Tá siúlóid timpeall na cathrach á cur ar fáil freisin ina dtugtar daoine timpeall chuig na háiteanna a bhfuil baint mhór acu leis an nGaeilge sa gcathair. Tosaíonn an tsiúlóid i gCultúrlann Uí Chanáin agus tá an tslí ceangailte le mapa ar líne gur féidir le daoine é a leanúint ar an bhfón póca. Tá cóipeanna den treoirleabhar dátheangach ar fáil sa gCultúrlann.

Tá tuilleadh eolais agus blaiseadh den tsiúlóid le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne, Féile Rua ar an gCeathrú Rua agus Scéal na Gaeilge i nDoire'