Scéim ‘Oireachtas na Samhna’ le reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tá scéim nua á reáchtáil i mbliana ag Tuismitheoirí na Gaeltachta a thabharfaidh deis do ghasúir Chonamara barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna roimh chomórtais Oireachtas na Samhna, a bheas ar siúl in Óstán an Citywest

at the Oireachtas in Letterkenny which in its 115th year celebrating the best of Sean Nos singing and dancing.  Pic: Clive Wasson
Pictiúr: Clive Wasson

Tá scéim nua á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, an eagraíocht a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, faoina ndíreofar ar iomaitheoirí óga ar spéis leo páirt a ghlacadh i gcomórtais an Oireachtais.

Cuirfear ranganna ar fáil d’iomaitheoirí as Conamara faoi naoi mbliana agus faoi dhá bhliain déag d’aois a bhfuil fonn orthu bheith páirteach sna comórtais scéalaíochta, aithriseoireachta, lúibíní agus agallamh beirte.

Cuirfear seá speisialta ar siúl don phobal i gConamara roimh Oireachtas na Samhna ina mbeidh na gasúir páirteach le deis a thabhairt dóibh a bhfuil foghlamtha acu a thaispeáint. Ansin eagrófar bus dóibh féin agus dá gcuid tuismitheoirí ar phraghas speisialta le freastal ar na comórtais in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath.

Tá cúig chomórtas i gceist leis an scéim: scéalaíocht; agallamh beirte; lúibíní; agus aithriseoireacht faoi 9 agus aithriseoireacht faoi 12. Is comórtas nua é an comórtas aithriseoireachta ina mbeidh ar iomaitheoirí dán nó píosa cainte a aithris ar feadh dhá nóiméad. Beidh liosta scéalta, lúibíní, agallaimh bheirte agus píosaí aithriseoireachta ullmhaithe ag teagascóirí na ranganna ach beidh fáilte roimh rogha na n-iomaitheoirí nó a bpíosaí nua-chumtha féin freisin.

Is in Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta a bheidh imeachtaí na scéime ar bun agus deis ag gasúir clárú don scéim go dtí Dé Máirt 8 Meán Fómhair. Féadfar clárú léi trí ríomhphost a chur chuig tuismitheoirínagaeltachta@gmail.com.

Cuirfear tús leis na ranganna ag tús mhí Dheireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Scéim ‘Oireachtas na Samhna’ le reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta'