Scéim nua bunaithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcoláistí tríú leibhéal na tíre

Seoladh an scéim ‘Gníomhaí Gaeilge’ chun aitheantas, meantóireacht, oiliúint agus gradaim a chur ar fáil do mhic léinn atá ag cur na teanga chun cinn

Scéim nua bunaithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcoláistí tríú leibhéal na tíre

Tá scéim nua bunaithe chun tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal leis an nGaeilge a chur chun cinn i gcoláistí ar fud na tíre.

Seoladh an scéim ‘Gníomhaí Gaeilge’ chun aitheantas, meantóireacht, oiliúint, teastasú agus gradaim a chur ar fáil do mhic léinn.

Togra de chuid Chonradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn atá ann agus iad ag iarraidh cur leis na tacaíochtaí atá ar fáil do na Cumainn Ghaelacha sna coláistí tríú leibhéal.

“Tá Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag comhoibriú leis na Cumainn Ghaelacha agus leis na hOifigigh Ghaeilge sna coláistí tríú leibhéal len iad a fhorbairt, a láidriú agus a mhéadú ó 1998,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. 

“Is iomaí imeacht, seisiún traenála, feachtas sa phobal, bronnadh gradam agus eile a eagraíodh sna blianta sin. Aithníonn muid an dul chun cinn suntasach atá déanta agus táimid den tuairim go bhfuil sé in am dúinn anois tógáil ar an struchtúr láidir atá tógtha againn le chéile. Sin atá i gceist againn leis an scéim nua Gníomhaí Gaeilge.”

Tá ceithre chuid sa scéim – beidh meantóirí ar fáil le comhairle agus moltaí a chur ar fáil, beidh ceardlanna oiliúna á reáchtáil go minic dóibh siúd atá ag réiteach plean oibre faoin scéim, tabharfar teastas ‘Gníomhaí Gaeilge’ do gach mac léinn a ghlacann páirt, agus bronnfar gradam ar Aontais agus Cumainn Ghaelacha má éiríonn leo a gclár oibre a chur i gcrích.

Chuir Lorna Fitzpatrick, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, fáilte roimh an scéim nua.

“Creideann muid go dtugann na mic léinn a bhíonn gníomhach ar son na Gaeilge ag an tríú leibhéal in Aontais na Mac Léinn agus sna Cumainn Ghaelacha splanc do ghluaiseacht na Gaeilge trí thionscadail, imeachtaí agus feachtais éagsúla a eagrú agus tá toradh na hoibre sin le feiceáil le cúpla bliain anuas agus líon na mac léinn atá gníomhach ag ardú. 

“Ba mhaith linn tacú níos mó leo sa todhchaí agus aitheantas a thabhairt dóibh as an obair den scoth a dhéanann siad go deonach le deiseanna úsáide na Gaeilge a chur ar fáil agus leis an teanga a spreagadh i measc na mac léinn.”

Cuirfear tús leis an scéim nua sa bhliain acadúil 2021/22 agus is féidir le mic léinn, Cumainn Ghaelacha, Aontais Mac Léinn agus ábhar meantóirí spéis a léiriú sa togra anseo.

Fág freagra ar 'Scéim nua bunaithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcoláistí tríú leibhéal na tíre'

  • S. Mac Muirí

    Tábhachtach.