Scéal na hÉireann a insint ‘in English and in Irish’ – ‘fianaise ar bith’ go bhfuil Amharclann na Mainistreach ag cloí lena ráiteas misin

Deir Aire Stáit na Gaeltachta nach bhfuil aon bhaint ag a Roinn lena chinntiú go gcuirtear an Ghaeilge chun cinn san amharclann náisiúnta, ach deir an Teachta Dála neamhspleách gur léir nach bhfuil an amharclann ag cloí lena ráiteas misin

Scéal na hÉireann a insint ‘in English and in Irish’ – ‘fianaise ar bith’ go bhfuil Amharclann na Mainistreach ag cloí lena ráiteas misin

Amharclann na Mainistreach. Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Ní mó ná sásta atá an Teachta Dála Catherine Connolly le háitiú Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh nach bhfuil “aon ról díreach” aige maidir le ceist na Gaeilge agus Amharclann na Mainisterach.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios sa Dáil do Chathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta nach bhfuil aon bhaint ag a Roinn lena chinntiú go gcuirtear an Ghaeilge chun cinn san amharclann náisiúnta, Amharclann na Mainistreach.

Agus ceist a chuir an Teachta Dála Catherine Connolly air á freagairt aige, dúirt McHugh nach raibh “aon ról díreach” ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an amharclann náisiúnta toisc go bhfaigheann sé maoiniú ón gComhairle Ealaíon.

Thagair an tAire Stáit áfach do ráiteas misin Amharclann na Mainistreach ina ngealltar go n-inseofar scéal na hÉireann sa dá theanga oifigiúil – “to lead in the telling of the whole Irish story, in English and in Irish”.

Dúirt Catherine Connolly le Tuairisc.ie nach raibh sí sásta ar chor ar bith le freagra an Aire agus nach léir di go bhfuil Amharclann na Mainistreach ar an eolas fiú faoi “réimse a gcláir oibre” i dtaobh na Gaeilge.  

Joe McHugh

“Tá ráiteas misin Amharclann na Mainistreach iontach láidir faoi sin, ach níl fianaise ar bith ann go bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh.

Is fada scríbhneoirí agus lucht amharclannaíochta na Gaeilge ag cásamh a laghad béime a bhíonn ag Amharclann na Mainistreach ar an teanga agus thart ar fiche bliain ann ó bhí dráma Gaeilge ar phríomhstáitse na hamharclainne.

Dúradh ag cruinniú de chuid choiste cultúir, oidhreachta agus Gaeltachta an Oireachtais le déanaí gur “náire shaolta” í an tslí atá Amharclann na Mainistreach ag caitheamh leis an nGaeilge “le fiche bliain anuas”.

Dúirt an t-iarsheanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag an gcruinniú sin go raibh sé “thar am ag an amharclann náisiúnta aitheantas a thabhairt don scéal go bhfuil dhá theanga náisiúnta againn sa tír seo”.

Dúirt Ó Clochartaigh, atá anois ina Bhainisteoir Cumarsáide le TG4, le Tuairisc.ie gur chóir go mbeadh coinníoll ag baint leis an maoiniú a fhaigheann leithéidí Amharclann na Mainistreach a chuirfeadh ceangal orthu méid áirithe saothar Gaeilge a léiriú agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na drámaíochta Gaeilge.

Níor léirigh Amharclann na Mainistreach aon dráma Gaeilge le breis agus 25 bliain anuas agus níl aon dráma Gaeilge ar chlár na bliana seo ag an amharclann ach oiread.

Léiríodh dhá dhráma Gaeilge ar stáitse na Péacóige, dara stáitse Amharclann na Mainistreach, le seacht mbliana anuas, ach léirithe le comhlachtaí eile a bhí iontu sin.

Bhí an cheist seo faoin easpa drámaí Gaeilge san amharclann náisiúnta go mór i mbéal an phobail nuair a fógraíodh clár na hamharclainne do bhliain chomórtha Éirí Amach na Cásca 1916 agus gan oiread is dráma Gaeilge amháin ann.

Dúirt Fiach Mac Conghail, iar-stiúrthóir ealaíne na hamharclainne, ag deireadh 2015, go raibh ‘náire’ air nár cuireadh aon dráma Gaeilge ar stáitse le linn a thréimhse in Amharclann na Mainistreach, ach dúirt sé nár aimsigh sé dráma ar mhaith leis a dhéanamh nó a “d’fheil don séasúr” ó ceapadh ina stiúrthóir é os cionn deich mbliana roimhe sin.

Sular éirigh sé as mar stiúrthóir, choimisiúnaigh Mac Conghail dráma ón scríbhneoir agus stiúrthóir Darach Mac Con Iomaire. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil toradh an choimisiúin sin, an dráma nua ‘Baoite’, á bhreithniú faoi láthair ag lucht amharclann na Taibhdheirce sa Ghaillimh. 

Faoi na socruithe a bhain leis an gcoimisiún bheadh cead ag an Taibhdhearc an dráma a léiriú, san amharclann sin a léireofaí ar dtús é agus chuirfí ar stáitse Amharclann na Mainistreach ina dhiaidh sin é.

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, le linn an chruinnithe i dTithe an Oireachtais go raibh an amharclann náisiúnta ag éirí “níos oscailte do scríbhneoirí Gaeilge le tamall anuas” agus luaigh sí an tacaíocht a tugadh don Taibhdhearc faoin scéim forbartha ‘Five by Five’.

Fág freagra ar 'Scéal na hÉireann a insint ‘in English and in Irish’ – ‘fianaise ar bith’ go bhfuil Amharclann na Mainistreach ag cloí lena ráiteas misin'

  • Joe

    Ní iarsheanadóir é Trevor Ó Clochartaigh ach iar-Shinnéir.

  • Mánus

    Fiach Mac Conghail ba chóir náire do bheith ort. Níl an Ghaeilge san amharclann “náisiúnta” ná drámaí i dteangacha eile le fotheidil mar a bhíonn i dtíortha go bhfuil cultúr dá chuid fhéin fós beo.