Scannán corraitheach, cumasach a bhí ‘róchasta’ don phictiúrlann

Is scannán machnamhach, corraitheach, téagartha é Annihilation a thugann leis tréithe an scannáin uafáis, an scéinséara agus an scannáin eachtraíochta

Scannán corraitheach, cumasach a bhí ‘róchasta’ don phictiúrlann

Annihilation
Stiúrthóir: Alex Garland
Cliar: Natalie Portman, Jennifer Jason Leigh, Gina Rodriguez, Tuva Novotny, Oscar Isaac, Benedict Wong

Níl sa saothar seo ach an dara geábh ag Alex Garland ar an scáileán mór mar stiúrthóir, ach mar sin féin is léir gur ceardaí scannánaíochta é a bhfuil cruinneshamhail faoi leith aige. Is óna pheann a tháinig na scríbhinní tathagacha do 28 Days Later (2002) agus Sunshine (2007). Dhein sé a chéad ruathar mar stiúrthóir Ex Machina (2014) a sholáthar dúinn; táirge ar leithligh eile. Lena chois sin ar fad is é a scríobh an leabhar The Beach, ar a raibh an scannán den teideal céanna bunaithe.

Is scannán machnamhach, corraitheach, téagartha é seo a thugann leis tréithe an scannáin uafáis, an scéinséara agus an scannáin eachtraíochta. Ar uairibh mheabhraigh sé Arrival (2016) dom agus uaireanta eile thosaigh comparáidí le cnuasach Alien ag ráthaíocht im intinn, go mór mhór agus corpuafás i lár an aonaigh.

Is Ollamh le bitheolaíocht í Lena (Portman) agus i dtosach an scannáin címid í á diancheistiú tar éis di teacht as an ‘Shimmer’ – ceantar in Florida a bhfuil rudaí aite ag tarlú ann ó bhuail meitéar é cúpla bliain roimhe seo. Is i bhfoirm iardhearcaí a insítear dúinn cad a bhain di agus a comhghleacaithe is iad istigh sa ‘Shimmer’.

Thug cleatráil mhaith daoine faoi chroílár an cheantair roimh Lean agus a comhghleacaithe, ach ba é Kane (Issac), fear céile Lena nach bhfaca sí le bliain, an t-aon duine a tháinig amach arís. Is léir nach bhfuil sé istigh leis féin agus éiríonn sé go dona tinn tar éis dó filleadh abhaile gan choinne. Mar is dual dos na húdaráis i saothair den chineál seo teastaíonn uathu nithe a choiméad fé cheilt agus sciobann siad leo an bheirt acu. ’Sé críoch agus deireadh na mbeart ná go dtugann Lena agus ceathrar eile faoin bhfeiniméan.  Meitheal ban atá againn, rud atá tráthúil i bhfianaise an fhothragtha ar fad faoi chúrsaí cothromaíochta i Hollywood ar na saolta seo. Is fisiceoir, síceolaí agus paraimhíochaineoir atá mar leathbhádóirí ag an ollamh agus avae leo.

Tugann siad faoi deara an claochlú fíochmhar atá tagtha ar an dúlra, ainmhithe san áireamh. Is de réir a chéile a thugann siad faoi deara go bhfuil athruithe ag teacht orthu féin chomh maith. Tá tréithe den scéinséir agus den scannán uafáis le sonrú sa chuid seo den scannán ach de réir a chéile, agus de réir mar a bhíonn carachtair á gcur de dhroim seoil is iad ag druidim leis an teach solais atá i lár an aonaigh, éiríonn an saothar níos fealsúnaí agus níos casta.

Bhíos ag cur díom faoi Jennifer Lawrence an tseachtain seo caite ach bheadh Portman breá ábalta é a fhéachaint léi. Tá raidhse taispeántas cumasach tugtha uaithi aici agus ní taise di sa scannán seo. Is í a dhéanann cuid mhaith den scannán a iompar agus tá sí breá in ann na buillí mothúchánacha a shníomh leis an aicsean.

Scannán corraitheach, cumasach é seo, ach mar nach saothar sothuigthe é ní bheidh an goile ag gach duine le tabhairt faoi agus sin an chúis is cosúil gur ar Netflix atá teacht air seachas sa phictiúrlann. Is é an trua é.

Fág freagra ar 'Scannán corraitheach, cumasach a bhí ‘róchasta’ don phictiúrlann'