Saothar tathagach eile ó cheárta mhuintir Mhic Dhonncha

Tugann Ralph Fiennes taispeántas den scoth uaidh sa scéal moráltachta seo

Saothar tathagach eile ó cheárta mhuintir Mhic Dhonncha

The Forgiven
Stiúrthóir: John Michael McDonagh
Cliar: Ralph Fiennes, Jessica Chastain, Matt Smith, Ismael Kanater, Caleb Landy Jones, Christopher Abbott, Abbey Lee, Saïd Taghmaoui, Fiona O’Shaughnessy, David McSavage

Ní haon dóithín iad muintir Mhic Dhonncha, John Michael agus Martin, ó thaobh na scannánaíochta.  Tá cad é bús faoin saothar is déanaí ó Martin, The Banshees of Inisherin agus moladh In Bruges (2008) is Three Billboards Outside Ebbing, Missouri (2017) go forleathan. Lena chois sin bronnadh gradam Oscar ar a ghearrscannán Six Shooter (2004).     Ní díomhaoin atá John Michael ach an oiread agus an-rath ar shaothair dá chuid ar nós The Guard (2011) agus Calvary (2014). Ceardaithe cruthanta iad beirt cé nach bhfuil siad chomh bisiúil sin ar fad.

Seo an chéad scannán ó John Michael ó 2016 (bhí sos den sórt céanna ag an deartháir) agus is saothar tathagach é atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna.

Lánúin phósta iad David (Fiennes) agus Jo (Chastain) a chaitheann a saol ag sáraíocht ar a chéile. Címid ar dtús iad agus iad tar éis a slí a dhéanamh go Maracó mar go bhfuil cuireadh faighte acu go cóisir le cairde dá gcuid ina ksour (caisleán). Lánúin aerach iad Richard (Smith) agus Dally (Landy Jones) a bhfuil ionad saoire acu sna Sléibhte Atlais. “Is mó atá siad cairdiúil leatsa ná mise,” a deir David go soiniciúil, binbeach.

Pé scéal é caitheann David an lá ag diúgadh sara mbuaileann siad an bóthar. Tosaíonn an tsáraíocht in athuair agus in am marbh na hoíche agus iad ar bhóthar san iargúil buailtear agus maraítear buachaill atá sna déaga.

N’fheadar siad cad a cheart dóibh a dhéanamh agus tugann siad an corp leo chuig an gcaisleán. Le cabhair Richard, agus cumhacht a rachmais sa cheantar máguaird, déanann na póilíní spior spear den scéal. Tá Jo suaite ach tá David ar nós is cuma liom faoin gcúram. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil na cosa tugtha leo acu go dtí go dtagann athair an bhuachalla (Ismael Kanater) go doras an chaisleáin ar thóir an choirp. Cuireann sé ina luí ar David go bhfuil sé ceart agus cóir go dtiocfadh sé ina dteannta chuig an bhfód dúchais i bhfad ó bhaile leis an mbuachaill a chur. Vae leis go drogallach.

Is é a leanann ná scéal moráltachta agus David ag déanamh a mharana ar a shaol agus a bhfuil déanta aige.

Tá seatanna cuidsúlacha de thírdhreach na tíre againn, áit sceirdiúil ach álainn ar a shlí féin. Címid muintir na háite ag maireachtaint ó lámh go dtí an béal. A gcrústa á thuilleamh acu trí iontaisí a dhíol le muintir an iarthair. Tá an ghruamacht seo i gcodarsnacht iomlán le rachmas, drabhlás agus meathlú mhuintir an iarthair atá le feiscint go rábach i gcaisleán an ghaineamhlaigh.

Dearcadh ciníoch uasal le híseal acu i leith mhuintir na háite, i ngan fhios díobh féin fiú. Tá suan na muice bradaí le sonrú i rith an scannáin agus turas David á leanúint.

Tá taispeántais bhreátha againn ón gcliar ar fad. Tá róil bheaga ag McSavage agus O’Shaughnessy na hÉireann. Ar an drochuair bhí cuma na háiféise ar McSavage, agus carbhat cuachóige fé i rith an ama fiú agus é i lár an ghaineamhlaigh.  Tá Fiennes nótáilte ar fad, mar is dual dó. Is cancrán gránna é ar shlí ach is duine uasal é ina shlí féin. Bíonn an-bhá againn leis faoi dheireadh an scannáin. Cé ná rabhas chomh tógtha sin leis an gcríoch is saothar le téagar atá anseo.

Fág freagra ar 'Saothar tathagach eile ó cheárta mhuintir Mhic Dhonncha'