Saothar nua ar Ghaeilge Árann le seoladh an mhí seo chugainn

An ‘staidéar is cuimsithí ar aon chanúint Ghaeilge go dtí seo’ le cur faoi bhráid an tsaoil mhóir go han-luath

08 Séamas in Sligo cropped.jpg
An Dr Séamas Ó Direáin

 

Seolfaidh an tOllamh Nollaig Mac Congáil Suirbhé ar an nGaeilge Labhartha in Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe, ar an Aoine, an 9 Deireadh Fómhair ag 1.30 i dTéatar Uí Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Éireann, Gaillimh.

Is é an Dr Séamas Ó Direáin as California ach ar de shliocht Árann é, a chuir an saothar seo i dtoll a chéile, saothar a bhfuil cúig bliana is fiche dá shaol caite aige ina bhun.

Staidéar mionchruinn canúineolaíochta ar an nGaeilge labhartha in Oileáin Árann atá sa suirbhé seo agus díríonn sé go háirithe ar na difríochtaí tíreolaíocha agus sóisialta a bhaineann leis na glúnta, idir shean agus óg, agus na difríochtaí a bhí idir buachaillí agus cailíní, fir agus mná, agus an leibhéal oideachais a bhain daoine difriúla amach.

Den chéad uair riamh i gcás aon teanga in aon áit ar domhan, déantar anailís chuimsitheach sochtheangeolaíochta agus canúineolaíochta ar raon leathan éagsúlachtaí a mhaireann san fhoghraíocht agus sa ghramadach. I gcás an oileáin is mó, Árainn (nó Inis Mór, mar a thugtar air in amanna), tá mioneolas sa suirbhé i dtaobh éagsúlacht foghraíochta, gramadaí agus stór focal, go fiú ar leibhéal na mbailte fearainn.

“Is léir go bhfuil éacht déanta ag Séamas Ó Direáin lena chuid taighde teangeolaíochta ar na canúintí Gaeilge in Oileáin Árann,” a dúirt an tOllamh Kevin Scannell, Ollamh le Matamaitic agus Ríomheolaíocht in Ollscoil St Louis.

“Is dócha gurb é seo an staidéar is cuimsithí ar aon chanúint Ghaeilge go dtí seo, agus tá sé go hiontach go mbeidh scoláirí agus taighdeoirí in ann teacht ar an anailís agus ar na bunsonraí go léir ar líne i bhfoirm inchuardaithe leictreonach,” a dúirt sé.

Dúirt an Dochtúir John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge agus Ceann Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go mbaineann “tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leis an saothar canúineolaíochta seo le Séamas Ó Direáin”.

“Cuireann sé go mór lenár n-eolas ar chanúineolaíocht chomhaimseartha na Gaeilge trí chéile agus sáraíonn sé aon staidéar eile a deineadh ar chanúintí Árann roimhe seo. Is mór iad na deiseanna eile taighde a eascraíonn as agus tá áthas orm gur in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bheidh sé lonnaithe feasta,” a dúirt sé.

Beidh 77 bliain slánaithe ag an Dochtúir Séamas Ó Direáin an mhí seo chugainn agus dúirt sé go bhfuil ríméad air go mbeidh a shaothar ar theanga dhúchais a mhuintire ar fáil anois ar líne agus saor in aisce ón 9 Deireadh Fómhair 2015 ar aghaidh.

Is ó dheoraithe as Éirinn a thosaigh sé ag foghlaim na teanga ar dtús.

Fág freagra ar 'Saothar nua ar Ghaeilge Árann le seoladh an mhí seo chugainn'