Go moch maidin an 12 Deireadh Fómhair 1984 do réab buama cumhachtach Óstán an Grand in Brighton Shasana. Bhí comhdháil na gCaomhach, faoi stiúir Margaret Thatcher, ag teannadh chun críche agus óráid chlabhsúir le tabhairt ag bean an iarainn an lá sin. Fogha fíochmhar ar bhunaíocht Shasana a bhí anseo ag an IRA agus baineadh creathadh astu.
Bhí Trioblóid an Tuaiscirt tagtha go leic an dorais chucu. Maraíodh cúigear agus gortaíodh breis agus tríocha, cuid acu go han-dona. Mar ba dhual do Mhargaret righin níor chuir sí a hóráid ar ceal agus ag daoine áirithe i Sasana tá a hóráid an lá sin sa Táin.
Dhein an saothar ionraic, neamhchlaonta, misniúil Bombing Brighton: The Plot to Kill Thatcher (BBC1, Dé Máirt) iarracht cuntas a thabhairt ar an mbuamáil sin cothrom an ama 40 bliain níos déanaí. Is féidir an saothar seo a roinnt i dtrí chuid dar liom.
I dtosach an chláir tugadh an cúlra dúinn. Faoi 1984 bhí na Trioblóidí faoi bharr lasrach agus tugadh siar sin chuig 1972, an bhliain ab fhuiltí den chomhrac agus bliain Dhomhnach na Fola, le tosach an chúlra a thabhairt dúinn.
Éachtaint chomh maith ar an gcomhthéacs as ar eascair Magee, an tslí gur mhúnlaigh an choimhlint a dhearcadh agus gur seoladh ar bhóthar na cogaíochta é. Fan na slí tugadh éachtaint ar theacht i gcumhacht Thatcher. An dara gné den chlár ná oíche na buamála agus an tríú cuid ná iarmhairtí na buamála, iarmhairtí a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.
Sé Magee, a bhfuil na cúlfhiacla curtha go maith aige, atá i gcroílár an tsaothair. Maide siúil aige agus é ag cur síos go tomhaiste, pointeáilte ar a shaol. Le taithí agus gaois na mblianta tá athrú meoin de shaghas tagtha air.
Bhí, agus tá, tionchar ag an gcaidreamh leanúnach atá aige le Jo Berry, iníon le Anthony Berry a maraíodh sa bhuamáil, ar a dhearcadh. “Targaid fhoirfe” a bhí i gcomhdháil na gCaomhach tráth, díoltas as na stailceanna ocrais a tharla cúpla bliain roimhe sin.
Anois, tuigeann sé gur duine daonna gach targaid. Tá sé, faoi mar a deir sé féin, “conflicted” faoi chúrsaí. Thugas suntas áfach don tslí nach raibh sé sásta aon sonraí a thabhairt faoi conas a pleanáladh agus a leagadh an buama.
Labhair Jo í féin go hionraic, mothúchánach agus í ar a haistear cumha féin agus í fós ag iarraidh dul i ngleic le bás a hathar. A caidreamh le Magee ag cabhrú ar shlí éigin léi é sin a dhéanamh. Príomhcharachtar eile sa scéal ná Thatcher agus thug leithéidí John Gummer agus a hiar-rúnaí pearsanta Robin Butler cuntas moltach (gan amhras) ar a ról siúd. Bhí Danny Morrison ann leis an insint eile a thabhairt. Níl aon bhlas ag cuid acu seo ar chaint Magee; iad fós feargach agus trína chéile faoi eachtraí 1984.
Saothar neamhchlaonta agus ionraic.
Fág freagra ar 'Saothar neamhchlaonta agus ionraic faoi bhuamáil Brighton'