Saothar lánmhachnaimh eile ó cheardaí Raging Bull agus Taxi Driver

Scannán lánmhachnaimh a bhogann ar aghaidh ar a bhogstróc is carachtar céasta á chíoradh aige is ea The Card Counter le Paul Schrader

Saothar lánmhachnaimh eile ó cheardaí Raging Bull agus Taxi Driver

The Card Counter
Stiúrthóir: Paul Schrader
Cliar: Oscar Isaac, Tye Sheridan, Tiffany Haddish, Willem Dafoe

Ceardaí ar leith é Paul Schrader agus ní gá ach Raging Bull (1980) agus Taxi Driver (1976) a lua lena dhintiúir a chur abhaile ar dhuine. Ba é a bhí ar an bpeann do na saothair cháiliúla úd ach tá geábhanna tugtha taobh thiar den cheamara aige chomh maith, agus is maith ann iad leithéid First Reformed (2017). Seo chugainn saothar eile uaidh ina bhfuil sé ina scríbhneoir agus ina stiúrthóir.

Cadhan aonair agus éan corr é William Tell (Isaac) a bhíonn ag imeacht ó áit go háit ar fud Mheiriceá ag tuilleamh a chrústa mar chearrbhach. Saol aonaránach á chaitheamh ag an bhfear beagfhoclach, ciúinbhriathrach seo.

I dtosach an scannáin taibhsítear dúinn gur scannán cearrbhachais ar nós na coda eile a bheidh chugainn agus Tell ag cur de go heolgaiseach ina dhialann/tráchtaireacht faoi oibriú agus chorrlaigh an ‘blackjack’ agus an phócair.

Tá a fhios againn, áfach nach bhfuil sé go hiomlán istigh leis féin; cuirtear seo abhaile orainn go drámatúil nuair a chímid é ag clúdach troscán uile a sheomra le blaincéid bhána go cáiréiseach. Ní mhínítear bunús an nóis riamh dúinn ach címid go bhfuil an nós céanna ag pearsa lárnach eile sa scéal níos faide anonn.

 

Deinimid amach go bhfuil an nós agus corraíl intinne William fréamhaithe in eachtraí a tharla nuair a bhí sé san arm. Chaith sé tréimhse ag obair san ionad coinneála míchlúiteach Abu Ghraib agus é oilte ar cheird an “advanced interrogation”. Nuair a foilsíodh na grianghraif faoin gcéasadh agus an náiriú a bhí ar bun san ionad daoradh Tell chun príosúin. Ba iad tréimhsí díomhaointis a bhraighdeanais a thug an deis dó barr feabhais a chur ar a scileanna cearrbhachais.

Tá a ghníomhartha uafásacha in Abu Ghraib ag luí go trom ar a chroí is a intinn. Tuigeann sé anois an díobháil a dhein sé agus an mhídhaonnacht a léirigh sé. Bíonn bá againn leis, go mórmhór agus é ag iarraidh an t-ógánach Cirk (Sheridan) a sheoladh ar bhóthar a leasa agus caidreamh rómánsúil a chur sa tsiúl le La Linda (Haddish). Ag an am céanna, áfach, léiríonn na hiardhearcthaí go raibh sé thar a bheith cruálach agus is deacair don lucht féachana, agus dó féin, na peacaí sin a mhaitheamh. In ainneoin a shéimhe tuigimid go dtiocfadh an foréigean go nádúrtha chuige dá n-oirfeadh sé.

Tá an cearrbhachas i lár an aonaigh go dtí go gcasann sé ar phearsa (Dafoe) ó thréimhse Abu Ghraib in athuair. Bogann eachtraí an scannáin ar aghaidh go mall réidh. Níl aon deabhadh ar Schrader ceann scríbe a bhaint amach.

Tugann Haddish taispeántas ábalta uaithi sa charachtar caithiseach atá idir lámha aici agus déanann Dafoe is Sheridan a gcúram. Sé Isaac an ceann feadhna gan aon agó. Téann sé go feirc sa charachtar casta, céasta, suaite, gránna, geanúil seo. N’fheadaramar ar cheart trua a bheith againn dó nó an ghráin a bheith againn air. Scannán lánmhachnaimh a bhogann ar aghaidh ar a bhogstróc is carachtar céasta á chíoradh aige.

Fág freagra ar 'Saothar lánmhachnaimh eile ó cheardaí Raging Bull agus Taxi Driver'