Tá sagart as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dún na nGall ceaptha ina bhiocáire ginearálta ar Dheoise Ráth Bhoth, deoise a chlúdaíonn an chuid is mó de chontae Dhún na nGall cé is moite d’Inis Eoghain agus stráice beag de dheisceart an chontae.
Is é an Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easboig atá ceaptha ina bhiocáire ginearálta ag Easpag Ráth Bhoth Niall Coll. Ceapadh an tAthair Brendan Mac an Bhaird ina sheansailéir ar an deoise ag an am céanna.
Dúirt sagart an pharóiste i nGaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, gur “lá bródúil” don pharóiste a bhí ann gur ceapadh beirt a raibh baint acu leis an bparóiste Gaeltachta sna róil nua i nDeoise Ráth Bhoth.
“Is as Gaoth Dobhair ó dhúchas é an Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easboig agus tá an tAthair Brendan Mac an Bhaird ag ministreacht go dílis sa pharóiste mar shagart cúnta.
“Léiríonn an dá cheapachán seo an mhuinín a chuireann an tEaspag Niall iontu beirt, agus is aitheantas fíor é ar a ndúthracht, a n-eagna, agus ar an tseirbhís fhial fhlaithiúil atá á tabhairt acu do Eaglais Dé agus do phobal na deoise,” a dúirt Ó Fearraigh.
Dúirt sé go gcuirfeadh muintir Pharóiste Ghaoth Dobhair “a bpaidreacha in iúl” don bheirt fhear agus iad “ag glacadh na bhfreagrachtaí suntasacha” orthu féin agus go dtacódh an pobal leo.
Bhí an Moinsíneoir Mac Giolla Easboig ina riarthóir i bparóiste Chonbhála agus Leice i Leitir Ceanainn go dtí seo agus bhí an tAthair Mac an Bhaird ina chanónach i nGaoth Dobhair.
Is é ról an bhiocáire ghinearálta an dara ról is sinsearaí i ndeoise Chaitliceach, i ndiaidh ról an easpaig féin.
Fág freagra ar 'Sagart as Gaoth Dobhair ceaptha ina bhiocáire ginearálta ar Dheoise Ráth Bhoth'