Bhí mé sa tóir ar James Bond. Ní minic is féidir le duine é sin a rá. Ach tháinig mé air ar deireadh, a charr spóirt aige, bean dhathúil (Diana Rigg) lena thaobh agus iad ag dul i ngleic le spiairí gránna contúirteacha in áit álainn ar an gcósta.
I seomra tosaigh an Óstáin Palacio Estoril a bhíodar, crochta ar an mballa ansin in éindí le prionsaí, banphrionsaí, uachtaráin, aisteoirí Hollywood agus go leor eile.
Is fada ó tháinig deireadh le cuid de na teaghlaigh ríoga sin – cé a chuala trácht le gairid ar phrionsa Francach? Ach nuair a bhí lucht déanta scannán James Bond sna bólaí seo, lárionad stairiúil a bhí sa óstán ón Dara Cogadh Domhanda i leith agus é ag mealladh na maithe agus na mionuaisle chuile bhliain.
Bhí mé ar saoire seachtaine grúpa in Estoril na Portaingéile agus leis an bhfírinne a dhéanamh, is ag éalú ón ngrúpa a bhí mé. Ní bean mhór grúpaí saoire mé ach bhí mé sásta go maith a bheith ar an turas in éindí leo an fhad is nach gcaithfinn a bheith ag éirí rómhór leo ná a bheith ag cruthú ‘nasc’ le duine ar bith. Ar aon nós, oíche amháin shíl mé go ngabhfainn sa tóir ar James Bond.
Timpeall an choirnéil ó m’óstánsa a bhí an Palacio. Agus caithfidh mé a rá go bhfuil cuma an-ghalánta air fós sa lá inniu, agus na spiairí ar fad glanta leo.
I rith an Dara Cogadh Domhanda, mar atá a fhios agaibh ar fad a bhreathnaigh ar Casablanca, d’fhan an Phortaingéil neodrach. Ach níor éirigh leo lucht na cogaíochta a choinneáil amach as an tír féin. Ba léir gur mheas na tíortha éagsúla a bhí páirteach sa gcogadh go raibh an Phortaingéil, agus Estoril go háirithe, an-áisiúil chun súil a choinneáil ar a chéile. Dúradh go raibh na Gearmánaigh in óstán amháin, na Briotanaigh in óstán eile, na Meiriceánaigh i gceann eile agus mar sin de.
Ag an am bhí Ian Fleming, a bhain cáil amach ina dhiaidh sin mar údar ar leabhair James Bond, ag fanacht sa Palacio agus obair éigin ar bun aige ar son Rialtas na Breataine. I rith an ama chéanna bhí fear darbh ainm Popov ag fanacht ann freisin agus frítheadh amach ina dhiaidh sin, gur gníomhaire ‘dúbailte’ a bhí ann – fear a bhí ina spiaire don dá thaobh.
Tá an leathanach ar ar shaighneáil sé isteach san óstán (faoi dhó) fós crochta ar an mballa. Agus ansin leis tá leathanach Ian Fleming. Deirtear gurbh é an spiaire Popov a thug an inspioráid le haghaidh carachtar James Bond don údar Fleming.
Agus ní hé amháin sin, ach tá an doirseoir a bhí ag obair ann i 1969, nuair a bhí an scannán On Her Majesty’s Secret Service á dhéanamh in Estoril, fós ag obair ann. Suas an bóthar ón óstán, tá Casino mór Estoril agus sin é an Casino a thug an inspioráid d’Ian Fleming don scéal Casino Royale. Rinneadh scannán bunaithe air ach ní fíorscannán Bond a bhí ann – rinneadh ceann eile le blianta beaga anuas.
Casadh lánúin as Dún Éideann orm a bhí ar an turas in éindí linn agus bhí lántaithí ar an gCasino acu. Bhíodar ciúin go maith i rith an dinnéir an oíche roimhe sin go dtí gur luaigh mé an áit. ‘Ó bhíomar ann an oíche cheana,’ a d’admhaigh an bhean. Chaitheadar fiche a cúig punt steirling, níor ghnóthaigh siad aon cheo agus d’imigh siad amach lánsásta leo féin. Thosaigh sí ag caint liom ansin agus níor stop sí go raibh sé in am imeacht as an seomra bia.
‘Casaim féin an ucailéile,’ arsa sí. ‘Go deimhin, tá mé i dtrí ghrúpa éagsúla ucailéile in Albain.’
Céard is féidir a rá faoi sin? ‘An bhfuil ceol ag d’fhear céile?’ a d’fhiafraigh mé di.
‘An bhfeiceann tú an ‘ponytail’ sin aige?’ ar sí.
‘Bhí sé i racghrúpa uair amháin agus ceapann sé go bhfuil sé ann i gcónaí. Agus an gcreidfeá, níl ceol aige. Bhí sé ag ligean air féin ar feadh na mblianta go raibh sé in ann an giotár a chasadh ach níl nóta aige.’
D’fhágamar an lánúin cheolmhar agus rún agam fanacht amach ó na scéalta ar fad a bhí á roinnt ag an ngrúpa lena chéile. Ba léir go raibh siad ag briseadh suas ina ngrúpaí beaga faoin am seo agus cuid acu ag éirí mór lena chéile.
Ansin fuair mé amach ó dhuine eile gur baintreach fir a bhí i nduine acu agus nach raibh ann ach cúpla bliain ó fuair a bhean chéile bás. ‘Tá chuile dhuine ag tabhairt aire dhom,’ a dúirt an fear sin liom. Ba léir go raibh daoine eile sa ngrúpa ag suí in éineacht leis, ag ithe béilí leis, agus ag déanamh cinnte de nach bhfágfaí rófhada leis féin é. ‘Tá an dinimic an-mhaith sa ngrúpa seo,’ a bhreithiúnas féin. Dúirt sé go raibh sé ar thurais le grúpaí cheana agus nár réitigh na daoine ná na dreamanna éagsúla lena chéile.
Thosaigh mé ag teacht ar athrú intinne.
B’fhéidir nach bhfuil an socrú seo ródhona, a dúirt mé liom féin. Ní hé an rud is measa ar domhan é castáil le daoine gnaíúla a bhreathnaíonn amach dá chéile.
Bhí triúr ina suí ar an tolg díreach taobh istigh den doras nuair a d’fhilleamar ó lárionad James Bond. An fear a bhí leis féin, agus lánúin as iarthar na tíre. Fuair mé amach go raibh deirfiúr an fhir ar scoil le mo dheirfiúrsa agus go mb’as oirthear na Gaillimhe don lánúin. Bhí aithne mhaith acu ar chlann mo chéile dearthár. Ach bhí nasc eile fós acu liom. Nuair a chuala an fear go mb’as Bealach a’Doirín mé, d’inis sé dom gur fhreastail sé ar an gceardscoil ann.
‘Agus an raibh aithne agat ar Pheadar Ó Nuadháin?’
‘Nárbh é mo mhúinteoir Gaeilge é!’ ar seisean.
‘Bhuaigh mé an t-aon chorn a ghnóthaigh mé riamh i mo shaol, i gcomórtas drámaíochta agus ba eisean an moltóir.’
Cáil chomh mór le cáil James Bond, beagnach.
Fág freagra ar 'Sa tóir ar James Bond in Estoril na Portaingéile'