Rún éigeandála faoi na vacsaíní aontaithe ag na trí cheardchumann múinteoirí 

Deir an Dr Colm Henry gur ‘míthreorach’ iad na sonraí a léiríonn nár tholg ach duine amháin as gach 1,000 cás sa Stát an Covid-19 amuigh faoin aer 

Rún éigeandála faoi na vacsaíní aontaithe ag na trí cheardchumann múinteoirí 

Tá na trí cheardchumann múinteoirí ar aon intinn faoi rún a thacaíonn le gníomhaíochtaí tionsclaíochta, fiú an stailc féin, mura dtabharfaidh an Rialtas tosaíocht dá gcuid ball sa gclár vacsaínithe.  

Dheimhnigh na ceardchumainn Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) agus Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) go mbeadh á chur faoi bhráid a gcomhdhálacha acu amárach. 

Deir na ceardchumainn go dtabharfaidh an rún seo údarás dóibh gach aon rogha a scrúdú, aon bheart chomh fada le stailc, ach creidtear nach bhfuil aon bhaol ann nach n-athosclófar na scoileanna an tseachtain seo chugainn. 

Chinn an Rialtas an tseachtain seo caite athrú a dhéanamh ar an gclár vacsaínithe in aghaidh an Covid-19 agus an sceideal a bhunú feasta ar aois an duine seachas ar shlí bheatha. 

Idir an dá linn, dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, gur “míthreorach” iad na sonraí a léiríonn nár tholg ach duine amháin as gach 1000 cás sa Stát an Covid-19 amuigh faoin aer. 

Dúirt an Dr Henry nár áiríodh sna figiúirí sin gníomhaíochtaí a bhaineann le himeachtaí amuigh faoin aer, cuir i gcás daoine ag cruinniú le chéile i seomraí feistis nó ag taisteal chuig imeachtaí agus abhaile uathu. 

Dúirt sé go raibh imeachtaí lasmuigh níos sábháilte ach gurb í an chomhairle sláinte phoiblí gur féidir an galar a scaipeadh ag ócáidí a bhaineann leis na himeachtaí sin.

Agus é ag déanamh a chuid cainte ar News at One  RTÉ, dúirt an Dr Henry gurb é “an ceacht” atá le foghlaim ó na figiúirí go bhfuil 19/20 uair níos lú baol ann go dtolgfaidh duine an galar ag imeachtaí faoin aer, ach cloí leis an scaradh sóisialta agus na bearta sláinte phoiblí eile. 

Léirigh na figiúirí a fuair nuachtán an Irish Times ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte nár deimhníodh ach cás amháin a tolgadh amuigh faoin aer as gach 1000 cás den Covid-19.

As an 232,164 cás den Covid-19 a deimhníodh sa Stát seo go dtí an 24 Márta, níor tolgadh ach 262 acu amuigh faoin aer, nó 0.1 %. Deimhníodh 42 ráig a bhain le cruinnithe lasmuigh agus deimhníodh ráig amháin sa phobal ag ar tholg seachtar an galar. 

Fág freagra ar 'Rún éigeandála faoi na vacsaíní aontaithe ag na trí cheardchumann múinteoirí '