RTÉ sásta figiúirí féachana don nuacht as Gaeilge a chur ar fáil

Chuir RTÉ figiúirí féachana don chlár ‘Nuacht RTÉ’ ar fáil in ainneoin go bhfuiltear ag diúltú figiúirí a chur ar fáil don chlár nuachta a dhéanann siad do TG4

RTÉ sásta figiúirí féachana don nuacht as Gaeilge a chur ar fáil

Tá figiúirí féachana curtha ar fáil ag RTÉ don chlár nuachta as Gaeilge a théann amach ar RTÉ 1 tráthnóna in ainneoin nach raibh TG4 sásta a macasamhail d’fhigiúirí do Nuacht TG4 a chur ar fáil.

Is iad RTÉ a dhéanann an dá chlár, Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4, a chraoltar gach lá ar RTÉ agus TG4 faoi seach, ach ní raibh ceachtar den dá stáisiún sásta na figiúirí féachana do Nuacht TG4 a chur ar fáil.

Thug RTÉ le fios do Tuairisc cheana gur cheist do TG4 ab ea figiúirí féachana Nuacht TG4 a chur ar fáil, cé gurb iad RTÉ a dhéanann an clár agus cé go gcraoltar é freisin ar an gcainéal RTÉ News.

Nuair a lorg Tuairisc figiúirí féachana do Nuacht TG4, dhiúltaigh TG4 na figiúirí sin a chur ar fáil.

Rinne Tuairisc iarratas ar na figiúirí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ina dhiaidh sin ach dhiúltaigh TG4 don iarratas sin chomh maith.

Rinne Tuairisc achomharc faoin gcinneadh sin leis an gCoimisinéir Faisnéise, a chinn go raibh sé de cheart ag TG4 na figiúirí féachana a choimeád faoi rún.

Chuir RTÉ na figiúirí féachana do Nuacht RTÉ ar fáil nuair a cuireadh gnáth-iarratas preasa faoina mbráid á lorg.

67,000 duine ar an meán a d’fhéach ar Nuacht RTÉ gach oíche idir an 3-9 Aibreán 2022. Bhí an lucht féachana is mó ag na heagráin a craoladh tráthnóntaí Dé Luain agus Dé Céadaoin an tseachtain sin, nuair a bhí lucht féachana 87,000 ag an dá chlár.

Tráthnóna Dé Domhnaigh ba lú an lucht féachana nuair a d’fhéach 53,000 duine ar Nuacht RTÉ.

Níl an lucht féachana a d’fhéach ar Nuacht RTÉ ar an RTÉ Player ná ar an gcainéal RTÉ News san áireamh sna figiúirí sin.

Dhiúltaigh TG4 d’iarratas a rinneadh ar fhigiúirí Nuacht TG4 ar chúiseanna éagsúla, ina measc rúndacht an eolais agus an baol go ndéanfaí dochar, mar shampla, do chaidreamh foirne dá gcuirfí na figiúirí ar fáil.

Dúirt TG4 chomh maith nár mhian leo na figiúirí féachana do Nuacht TG4 ná do 7Lá a chur ar fáil do Tuairisc ná do mheáin eile toisc nach iad féin a shocródh “an comhthéacs” ina gcuirfí na figiúirí sin ar fáil.

Dúradh freisin gur bhain na figiúirí féachana le próiseas eagarthóireachta na gclár.

Ghlac an Coimisinéir Faisnéise leis an maíomh áirithe sin agus chinn sé nach bhfuil aon dualgas de réir dlí ar TG4 na figiúirí féachana a chur ar fáil.

Chuir RTÉ figiúirí féachana do Nuacht TG4 ar fáil do Tuairisc cheana faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Idir 5,600 agus 10,100 duine ar an meán a d’fhéach ar Nuacht TG4 ó Feabhra go Bealtaine 2018, de réir na bhfigiúirí sin.

Fág freagra ar 'RTÉ sásta figiúirí féachana don nuacht as Gaeilge a chur ar fáil'

  • Pádraig

    Chaill Nuacht TG4 mise nuair nach raibh siad sásta na figiúir Covid a bhaineann le tuaisceart na tíre a thabhairt mar a dhéanadh RTÉ News.

  • Seán Ó Briain

    Tá Nuacht RTÉ ar an teilifís go maith, ach tá Nuacht TG4 níos fearr, dar liom. Go minic is aistriúchán ar an nuacht Béarla atá i gceist le Nuacht RTÉ. Is scéalta úra dílse le súil eile go minic a bhíonn ar Nuacht TG4. Craoltar Nuacht RTÉ ag 5.45pm díreach roimh an príomhchlár nuachta Béarla, am a mheallann níos mó éisteoirí. Craoltar Nuacht TG4 ar a 7pm nuair a bhíonn a lán iomaíochta ann ó chláracha breátha eile a mbíonn an-tóir orthu. An bhfuil aon am eile a bhéas níos oiriúnaí do Nuacht TG4?