Roinn na Gaeltachta i mbun plé faoi oifigigh cumarsáide Gaeilge a earcú don earnáil phoiblí

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc go mbeadh réimse na cumarsáide “lárnach” i go leor den obair atá ar bun chun spriocanna an Achta Teanga a bhaint amach

Roinn na Gaeltachta i mbun plé faoi oifigigh cumarsáide Gaeilge a earcú don earnáil phoiblí

Tá obair ar bun ag an Rialtas chun breis oifigeach cumarsáide le Gaeilge a earcú mar chuid d’iarrachtaí an teanga a chur chun cinn san earnáil phoiblí.

Tá méadú ar na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge agus méadú ar an líon foirne atá inniúil i nGaeilge sna comhlachtaí céanna mar chuid de phríomhspriocanna an Achta Teanga agus tá Roinn na Gaeltachta ag díriú ar chúrsaí cumarsáide chun tacú leis na spriocanna sin a bhaint amach.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc go mbeadh réimse na cumarsáide “lárnach” i go leor den obair atá ar bun, go háirithe ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bhfuil dualgas orthu an chéad Phlean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a ullmhú. Dúradh go bhfuil an Coiste Comhairleach ag breathnú ar roinnt bealaí éagsúla le daoine a mhealladh chuig róil chumarsáide san earnáil phoiblí.

Tá bunú Scéim Intéirneachta Cumarsáide trí Ghaeilge ar cheann de na bearta atá molta ag an gCoiste Comhairleach agus é beartaithe oifigigh chumarsáide a fhostú i gcomhlachtaí poiblí a bheadh ag plé le cúrsaí Gaeilge amháin.

Nuair a pléadh an scéim ag cruinniú de chuid an Choiste Chomhairligh níos luaithe i mbliana, luadh imní i measc na mball go mbainfí úsáid as na daoine a d’fhostófaí mar aistritheoirí ach dúirt an Roinn go mbeadh cúraimí ar leith aitheanta do na hoifigigh. Dúradh go mbeifí ag plé le hábhar ar na meáin shóisialta nó ag láimhseáil ceisteanna ó na meáin, mar shampla.

Dúradh ag an gcruinniú gur mó seans go mbeadh Roinn na Gaeltachta ag maoiniú na scéime ar dtús ach go bhféadfaí í a leathnú amach go dtí ranna rialtais eile agus comhlachtaí poiblí dá mbeadh sí tairbheach.

Dúirt urlabhraí na Roinne go raibh cainteanna ar bun faoi láthair leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh PFN agus Athchóirithe, Seirbhísí Eolais an Rialtais agus ollscoileanna éagsúla maidir le bearta éagsúla agus go rabhthas ag súil go mbeidh tuilleadh le fógairt ar an ábhar seo sna míonna amach romhainn.

Dúirt an Roinn go raibh feachtas feasachta mór le reáchtáil san fhómhar chomh maith maidir leis na deiseanna suntasacha fostaíochta atá agus a bheidh san earnáil phoiblí dóibh siúd le Gaeilge de thoradh an Achta agus ag súil le roinnt comórtas do róil le Gaeilge a nascadh isteach leis sin, mar shampla i réimse na cumarsáide.

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta i mbun plé faoi oifigigh cumarsáide Gaeilge a earcú don earnáil phoiblí'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An mbeidh cúrsaí Gaeilge ar fáil daofa siúd a bheas ag obair sna róil seo? Tábhachtach go mbíonn ‘uasdátú’ déanta go rialta ar chumas labhairt agus scríobh na Gaeilge ag achan leibhéal san earnáil phoiblí. Fuair mórchuid na cainteoirí Gaeilge atá fostaithe san earnáil phoiblí a bpostanna trí chóras Béarla, mar sin, i mo thuairimse, níl taithí ar bith acu ag plé le cúrsaí trí mheán na Gaeilge. I mo thuairimse fosta, tá oideachas trí Ghaeilg ar mhodhanna oibre agus ar théarmaí oibre a dhith ar bhaill foirne a bheas ag plé le cúrsaí trí mheán na Gaeilge – go hinmheánach agus leis an gnáth phobal.

    Tá sé in am ag ranna rialtais bheith ag déanamh cumarsáid lena chéile trí mheán na Gaeilge agus ag cuir an Ghaeilg chun cinn leis an gnáth phobal, sé sin, na fostaithe siúd a bhfuil Gaeilg acu ag déanamh cumarsáid lena chéile trí mheán na Gaeilge agus má bhíonn duine ar bith as ceantar Gaeltachta ag déanamh teagmháil le cibé rannóg rialtais, gur freagra i nGaeilg a fhaigheann siad, is cuma más i mBéarla nó i nGaeilg a dhéantar an chéad teagmháil sin ón phobal. Caithfear aitheantas a thabhairt don Ghaeltacht trí chúrsaí a bhaineann leis an limistéir sin a dhéanamh go hiomlan trí mheán na Gaeilge.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!