Rogha gúnaí pósta ar fáil anois ó H&M

Tá an comhlacht a bhfuil 3,700 siopa acu ar fud an domhain tar éis aghaidh a thabhairt ar mhargadh nua agus gúnaí bainise á ndíol acu anois

Ar chlé: Gúna rómánsúil le muinchillí fada agus muineál ard déanta as síoda orgánach: praghas €450 ($499). Sa lár: Gúna clasaiceach ‘struchtúrtha’ déanta as línéadach orgánach, síoda agus cadás a bheadh an-oiriúnach do bhainis samhraidh: praghas €270 ($299). Ar dheis: Dearadh ‘boho’ a luaitear leis an ngúna seo i síoda orgánach atá maisithe ag ábhar Art Deco, gloine athchúrsáilte agus réinchlocha: praghas, €580 ($649)
Ar chlé: Gúna rómánsúil le muinchillí fada agus muineál ard déanta as síoda orgánach: praghas €450 ($499). Sa lár: Gúna clasaiceach ‘struchtúrtha’ déanta as línéadach orgánach, síoda agus cadás a bheadh an-oiriúnach do bhainis samhraidh: praghas €270 ($299). Ar dheis: Dearadh ‘boho’ a luaitear leis an ngúna seo i síoda orgánach atá maisithe ag ábhar Art Deco, gloine athchúrsáilte agus réinchlocha: praghas, €580 ($649)

Tá an comhlacht H&M, a bhfuil siopaí acu i 61 tír ar fud an domhain, tar éis cnuasach nua faisin a sheoladh agus tá rogha de ghúnaí pósta á dtairiscint acu anois den chéad uair. 


Tá cáil mhaith ar H&M as éadach deas a chur ar fáil ar phraghas réasúnta agus is amhlaidh an cás do na gúnaí pósta a mbeidh idir €250 agus €600 orthu. 

Is cosúil go gcaitheann brídeacha na hÉireann thart ar €2,500, ar an meán, ar ghúnaí pósta agus bíonn an caiteachas sin ar cheann de na gnéithe aonair is costasaí a bhaineann le lá na bainise.  


Ar ndóigh, caitheann brídeacha a bhfuil neart airgid acu i bhfad níos mó ná sin agus i gcás an té a bheadh in acmhainn dul chuig na siopaí mór le rá ar nós Kleinfeld i Nua-Eabhrac ní bheadh mórán le spáráil agat as €20,000 ar ghúna don lá mór.  

Is cinnte gur rogha an-speisialta é d’aon bhean an gúna a phiocfaidh sí d’ócáid a pósta agus is féidir a bheith cinnte go dtarraingeoidh sé caint, idir mholadh agus cháineadh, ar an lá sin.

Cuirtear an-suim go deo san ábhar agus tá lucht féachana ollmhór ag cláracha teilifíse ar nós Say Yes to the dress! nach bhfuil iontu ach tuairiscí ar mhná ag roghnú gúna pósta don lá mór. 

 

Trí cinn de ghúnaí pósta atá curtha ar fáil ag H&M faoin teideal ‘Conscious Exclusive’, agus iad ar fad déanta as éadach inbhuanaithe ó fhabraicí ar nós cadás orgánach, línéadach agus poileistear athchúrsáilte.

Is cinnte gur céim chun cinn i saol an fhaisin é go bhfuil comhlacht cosúil le H&M, a bhfuil 3,700 siopa acu ar fud an domhain, tar éis cinneadh a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an margadh áirithe seo. Ní bheidh siad in iomaíocht riamh le dearthóirí ar nós Vera Wang ach seans go meallfaidh siad comhlachtaí móra eile a bhfuil aithne agus eolas againn orthu le dul sa treo céanna i mbailte agus i gcathracha eile na cruinne. 

Cuirfidh H&M na gúnaí pósta ar fáil ar dtús i 180 siopa agus beidh siad le fáil freisin ar líne ón 7 Aibreán ar aghaidh. Deir an comhlacht, a bunaíodh ar dtús sa tSualainn, gur éileamh ó chustaiméirí a spreag iad le gúnaí pósta a chur ar díol.

Fág freagra ar 'Rogha gúnaí pósta ar fáil anois ó H&M'