RnaG agus TG4 i lár an aicsin i Maigh Eo ach ‘comórtas’ Westminster imithe chun leadráin

Bhí RnaG luite amach orthu féin mar is dual dóibh ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus bhí an tsúil eile mar a samhlaíodh dúinn í an chéad lá riamh againn ar TG4

RnaG agus TG4 i lár an aicsin i Maigh Eo ach ‘comórtas’ Westminster imithe chun leadráin

Bhaineas súp as an gclúdach cuimsitheach a dhein RnaG agus TG4 ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

B’iad Cumann Peile na Gaeltachta ó Iarthar Duibhneach a thug an svae leo sa deireadh; gaisce nach bhfuil déanta acu ó 1999.

Agus é fé agallamh ag Micheál Ó Domhnaill, bhí cuma na sástachta ar Mharc Ó Sé lena chéad bhonn de chuid an Chomórtais ina ghlac aige.

Ba thuras siar bóithrín na smaointe é Noel O’Leary agus é féin a fheiscint in adharca a chéile.

Dhein TG4 craoladh beo ar an dá chluiche leathcheannais i ngrád na sinsear agus an dá chluiche ceannais ar an Luan.

Seo hí an tsúil eile mar a samhlaíodh dúinn í an chéad lá riamh. Murab ionann agus craoladh spóirt eile de chuid an stáisiúin is comórtas logánta é seo atá fite fuaite leis an gcroíphobal.

Go deimhin bhí an nasc láidir sin le feiscint i measc na dtráchtairí/anailísithe. Bhí beirt mhac le Pádraig Ó Sé, RnaG, ar pháirc na himeartha d’fhoireann na Ríochta agus é i mbun tráchtaireachta agus nuair a d’imir an Ghaeltacht in aghaidh na Rinne sa dara cluiche leathcheannais ar an Domhnach bhí duine ón dá chlub sa bhosca tráchtaireachta ag TG4.

Sa chluiche úd bhí an t-ádh leis an nGaeltacht an fear maith a fháil ar fhir na Rinne. Bhí MacDara Mac Donncha (atá buailte fé sa Rinn) agus Aodán Mac Gearailt (iar-imreoir de chuid na Gaeltachta) mar chomhghuaillithe micreafóin ach ina gcéilithe comhraic ó thaobh tacaíochta. Níor teas ar an gcraiceann go dtí é. Ar uairibh mheasas go raghaidís i bpíobáin a chéile, go mórmhór agus éileamh ar chic éirice don Rinn agus an cluiche ag tarraingt ar cheann scríbe.

Bhí RnaG luite amach orthu féin mar is dual dóibh ar dheireadh seachtaine na Cincíse.

Ba dheas mar a tugadh siar bóithrín na smaointe sinn ar an Luan agus dreasanna cainte á ndéanamh le Stiofán Seoighe, ón Fhairche agus Micheál Ó Sé ón gCoireán i gCiarraí Theas ó dhúchas ach atá buailte fé i dTuar Mhic Éadaigh le blianta fada.

Mheabhraigh Micheál na naisc Ghaeltachta dúinn agus é ag trácht ar a thréimhse oiliúna i Lochán Beag agus an fhostaíocht a thug go Maigh Eo é.

Dúirt Stiofán linn gur imir sé sa chomórtas don chéad uair nuair a bhí sé beagán le cois na ceithre bliana déag (cé go raibh Micheál Mac Donnchadha den tuairim go raibh lascaine bheag á tabhairt aige dó féin).

Ní bhfuaireas aon bhlas ar dhíospóireacht na gceannairí ó thuaidh (UTV, Dé Luain).

An seanscéal agus meirg air.  Thug leascheannaire an DUP, Nigel Dodds, ceannaire Shinn Féin in Stormont Michelle O’Neill, ceannaire an SDLP Colum Eastwood, ceannaire an Alliance Naomi Long agus ceannaire an UUP Robin Swann aghaidh ar a chéile i gclár réamhthaifeadta, gan lucht féachana.

Slaiseanna á gcaitheamh maidir le Brexit, pobalbhreith teorann agus cúrsaí sceimhlitheoireachta.

Ábhar iontais dom a laghad tráchta a deineadh ar an Acht Teanga.

Níor éirigh le héinne acu buille maraithe na muice a thabhairt, nó fiú buille a thabhairt a d’athródh treo na gaoithe.

Taibhsíodh dom go raibh an rud ar fad ag imeacht chun leadráin don mhodhnóir, Marc Mallet, fiú. 

Fág freagra ar 'RnaG agus TG4 i lár an aicsin i Maigh Eo ach ‘comórtas’ Westminster imithe chun leadráin'