Rithim réidh ag Mícheál Darby Ó Fátharta agus Dónal Clancy os cionn a bhuille ar an Lonesome Plain

Port eile! Colún léirmheastóireachta ar an gceol traidisiúnta. An babhta seo, albaim nua le Mícheál Darby Ó Fátharta agus Dónal Clancy atá faoi chaibidil

An Rithim Réidh – Mícheál Darby Ó Fátharta

Seo é an dara dlúthcheirnín atá tugtha amach ag an mboscadóir as na hAille in Indreabhán, Mícheál Darby Ó Fátharta.  An Rithim Réidh an teideal atá ar an albam nua a rinne sé i Stiúideo Mhic an Daill sa Daingean i gContae Chiarraí.  Tá fuaimeanna breátha le cloisteáil ar an dlúthcheirnín seo agus Mícheál ag casadh ar an mileoidean le tionlacan ó Donogh Hennessey ar na giotáir agus Trevor Hutchinson ar an olldord. Tá aíonna speisialta ina theannta chomh maith: Dessie Kelleher ar an mbainseó agus bean cháiliúil an cheoil as Corca Dhuibhne, Muireann Nic Amhlaoibh ar an bhfliúit.  Dhá cheann déag de rianta atá ar An Rithim Réidh, ina measc poirt, flaingeanna, ríleanna agus cornphíopaí.

Tugann an válsa ‘Meánuisce na Mara’ agus an fonn mall ‘Cúirt Bhaile Nua’ léargas iontach dúinn ar stíl álainn réidh staidéarach Mhíchíl Darby. Is píosaí ceoil iad seo a chuaigh i bhfeidhm ar Mhícheál agus a chuala sé á gcasadh ag a chuid laochra ceoil féin, PJ Ó hIarnáin, Máirtín O’Connor, Johnny Phádraig Pheter Ó Conghaile agus a leithéidí. Tá go leor de na seanphoirt a chastaí agus a chastar fós i gConamara le cloisteáil anseo – ‘Cathaoir an Iarla’, ‘Spaisteoireacht an Chonnachtaigh’, ‘An Mairnéalach ar an gCarraig’, ‘Drioball na Fáinleoige’ agus ‘An Colúr ar an nGeata’. Tá  píosaí eile ann freisin nach bhfuil chomh sean sin, ar nós ‘Caisleán an Óir’, an cornphíopa álainn sin a chum Junior Crehan as Contae an Chláir, port a chuala Mícheál ag duine eile dá chuid laochra ceoil Mick Mulcahy.  Tá leagan amach deas freisin ar an dearadh a rinne Aengus Ó Fátharta agus ar an obair álainn ealaíne le Dara McGee.  Is dlúthcheirnín é seo atá éasca ar an gcluas agus ceol deas binn air ó thús go deireadh.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

On the Lonesome Plain – Dónal Clancy

Tá sáraithne ar Dhónal Clancy faoin tráth seo i measc lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta. Tá sé aitheanta ar dhuine de na giotáraithe is fearr atá againn agus is amhránaí álainn é chomh maith.  Is i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chaith sé a óige sular tháinig an chlann abhaile le cur fúthu i Rinn Ua gCuanach i gContae Phort Láirge i 1983.  Thug a athair, an t-amhránaí cáiliúil, Liam Clancy, a chéad ghiotár dhó nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus faoin am a raibh sé sna déaga bhí sé ag casadh ceoil go proifisiúnta.  Tá éachtaí móra ceoil déanta ag Dónal a bhí ar dhuine de na ceoltóirí a chuir tús leis an ngrúpa Danú. Chas sé ceol lena athair agus le Robbie O’Connell, thaistil sé agus thaifead sé leis an bhfidléir Eileen Ivers agus bhí sé mar aoicheoltóir le The Chieftains ar roinnt dá gcuid camchuairteanna.  Chaith sé tamall ag casadh leis an ngrúpa Solas freisin agus chas sé ceol don scannán faisnéise New York le Ric Burns. 

Ní hé seo an chéad albam aonair atá déanta ag Dónal mar thug sé na dlúthcheirníní Close to Home amach in 2006 agus Songs of a Roving Blade in 2014. Trí cinn déag de rianta atá ar an taifead is déanaí uaidh, seacht gcinn d’amhráin i mBéarla, amhráin a bhíodh ag a athair Liam agus a bhfuil an-fhonn ar Dhónal iad a choinneáil i gcuimhne na ndaoine, cinn ar nós ‘The Lowlands of Holland’ agus ‘Open the Door Softly’ agus sé rian uirlise á gcasadh aige féin ar an ngiotár, ina measc ‘The Green Fields of Canada’ agus ceann a chum sé féin ‘Máirseáil na Conrach’.  Seo saothar an-deas go deo.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Rithim réidh ag Mícheál Darby Ó Fátharta agus Dónal Clancy os cionn a bhuille ar an Lonesome Plain'