‘Rinne sé éacht agus mhúscail sé misneach Bhanba’ – céim oinigh bronnta ar Phádraig Ó Snodaigh

Ag saothrú ar son na hÉireann agus na Gaeilge gach lá dá shaol a bhíonn Pádraig Ó Snodaigh, an foilsitheoir aitheanta ar bronnadh céim oinigh DlittCelt air in UCD tráthnóna

‘Rinne sé éacht agus mhúscail sé misneach Bhanba’ – céim oinigh bronnta ar Phádraig Ó Snodaigh

Pádraig Ó Snodaigh lena chlann. Ó chlé: Colm, Rónán, Pádraig féin, Lucas, mac Choilm, Aengus agus Rossa. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

‘Múscail do mhisneach, a Bhanba!’ Sin an chéad líne de dhán le Pádraigín Haicéad sa seachtú haois déag, nuair a bhí an tír faoi leatrom agus faoi ghéarghoin tinnis. Dán é a cumadh chun muintir na hÉireann a ghríosú, agus an dóchas a adhaint iontu.

Ba í an fhilíocht sméar mhullaigh na Gaeilge riamh anall. Ba í banríon na n-ealaíon í, faobhar na polaitíochta, buancháipéis na staire, áille na háille.

Ainneoin bhlianta an Drochshaoil sa gciall is leithne, claochlaíodh an fhilíocht ó bhonn, ach mhair sí beo. Tháinig deireadh le foirmeacha ársa, ach cruthaíodh foirmeacha nua, a mhair beo. D’éalaigh an phátrúnacht agus na scoileanna móra filíochta, ach ghlac aicmí eile ar bord í, agus maireann sí beo. Bhí sí riamh bisiúil, agus tá fós, ar bhéal na ndaoine.

Níor leor sin uile d’Éirinn nua na hAthbheochana. Thuig na ceannairí go dteastódh samhlú nua agus litríocht nua, don domhan úrnua. Theastaigh litríocht ina bpreabfadh seanchuisle na Gaeilge féin i  gcomhcheol  leis an Eoraip nua – nó, mar a déarfaí inniu, leis an domhan uile.

Ó aimsir na hAthbheochana tháinig  laochra ar an bhfód a mhúscail misneach Bhanba le neart a gcroí agus beart de réir a mbriathair. Bhí agus bíonn Pádraig Ó Snodaigh ag saothrú ar son na hÉireann agus na Gaeilge, agus ar son a litríochta, gach lá dá shaol. Roghnaím anseo an bhéim a leagan thar aon rud eile ar bhanríon na n-ealaíon, an fhilíocht. Ba gheall le hionchollú ar chóras pátrúnachta ann féin é Pádraig, córas trína dtacaíodh na taoisigh leis na filí anallód. Ghríosaigh sé na filí nua chun pinn, d’fhoilsigh sé iad, ghríosaigh sé arís iad, chuir sé in eagar iad, chruthaigh sé spás dóibh, chruthaigh sé muinín iontu, chuir sé ar fáil iad ar fud Éireann. Na céadta díobh.

Tá tuairim is míle trí céad leabhar foilsithe aige – níl a fhios aige féin go cruinn cé méid. Ní luafaidh mé ainmneacha na bhfilí ina nduine is ina nduine, ach tá a bplúr is a scoth ar a liosta foilsithe. Tá an plúr is an scoth fíorthábhachtach, ach tá an t-iomlán chomh tábhachtach céanna, mar a bheadh cór glórtha ag canadh amach in ard a gcinn is a ngutha. Tá ceol na sféar san fhilíocht sin – an tsainchuid de a bhaineann leis an nGaeilge in Éirinn go príomha, ach in Albain freisin.

Agus Pádraig ag gabháil dá ghaisce, bhí na tréithe aige a d’aithneodh na seanfhilí agus a d’éilídís ar a bpátrúin. Fear uasal é. Fear fial, le féile as cuimse. Fear cosanta filí. Fear léannta. Fear fuinniúil, a thóg agus a rith a ghnó foilsitheoireachta gan frapa gan taca murab ionann agus comhlachtaí móra foilsitheoireachta. Fear a sheas an fód in aghaidh an éilimh go n-aistreofaí dánta Gaeilge ón gcéad lá.

Luaitear trí phríomh-ainm ar na bandéithe a thug a hainm don tír seo: Éire, Banbha, Fódhla. Bhí triúr ag Pádraig freisin, ainmneacha traidisiúnta eile de chuid an Bhandé: Éire – an tír; Bríd –  tig Bhríde ainm árais  a chomhlachta Coiscéim; agus Clíodhna – a bhean uasal, ar ealaíontóir cumasach í féin.

Is geall le spéirling é Pádraig Ó Snodaigh, le fuinneamh, le díograis, le neart. Tá an spéirling a luaigh Seán Clárach in ‘Mo Ghile Mear’, spéirling a bhí ina comhartha tubaiste, tá sí casta timpeall ag Pádraig Ó Snodaigh chun sochair dúinn. 

Rinne sé éacht agus mhúscail sé misneach Bhanba. Músclaíonn i gcónaí é. Aithnímid a shaothar anseo inniu. Faoi cheann nóiméid, bronnfaidh an Ollscoil seo, ollscoil ar céimí dá cuid é cheana féin, bronnfaidh sí DlittCelt air, gradam atá ar na gradaim is airde sa tír seo, le buíochas na hOllscoile, buíochas lucht Gaeilge agus buíochas na hÉireann.

– Tá an t-alt thuas bunaithe ar an ráiteas moltach a thug an t-údar, an tOllamh Máire Ní Annracháin, ar ócáid bhronnta na céime oinigh DlittCelt ar Phádraig Ó Snodaigh, in UCD, ar an 4 Meán Fómhair 2019

Fág freagra ar '‘Rinne sé éacht agus mhúscail sé misneach Bhanba’ – céim oinigh bronnta ar Phádraig Ó Snodaigh'

  • Mícheál de Mórdha

    Fathach foilsitheoireachta is ea an Snodach a bhfuil comaoin thar cuimse curtha aige ar aos scríbhneoireachta na Gaeilge agus an obair éachtach sin déanta aige gan buailim sciath ná gleo ná laochas leis na blianta fada.
    D’fhoilsigh sé mo leabhar féin, ‘An Rialtas Ab Fhearr’ sa bhliain 1993 agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an misneach agus an spreagadh a thug sé dom chuige sin. Sa bhliain 2012 d’fhoilsigh se mo shaothar ‘Scéal agus Dán Oileáin’ – leabhar a rabhas ar tórmach leis le tamall fada! Le linn an ama sin ba é a chéad bheannú a bhíodh ag An Snodach dom aon uair a casadh ar an chéile sin: ‘Cá bhfuil mo fxxxxxg leabhar’! Sin spreagadh agat ambaiste!
    Is minic a bhíos ag ócáid foilsitheoireachta de chuid Choiscéim agus gur iarras ar Phádraig cúpla focal a rá. Go deimhin is iad na focail céanna a deireadh sé i gcónaí: ‘ceannaigh an leabhar!’
    Ní fhéadfaí moladh níos fearr a thabhairt do Phádraig Ó Snodaigh seachas na leabhair atá foilsithe aige a cheannach agus a léamh.
    Guím gach rath agus beannacht sna todhchaí ar Phádraig Ó Snodaigh, a chéile Clíodhna agus a theaghlach ar fad. Gura fada buan é agus go maire sé an céad agus bliain chun aithrí!

  • Cluain Sceach

    Cúis ríméid agus áthais.

  • alan titley

    Aitheasc álainn fileata ag Máire Ní Annracháin. Is maith agus is cuí mar atá saothraithe ag Padraig, fear gnímh ó bhun go barr, laoch de chuid ár linne.

  • An Café Liteartha, Corca Dhuibhne

    Comhghairdeachas, a Phádraig, is tú is mó a choimeád leabhair chugainn le daichead bliain

  • Traolach Ó Sioradáin

    Táim ar aon fhocal le Mícheál de Mórdha.
    Fathach foilsitheoireachta go deimhin. Go maire sé an céad.

  • Nuala Reilly

    Chuir sé croí ionam mo pheann a chur le páipéar agus sheol sé mo shaothar i nArd Mhacha ag 21st John Hewitt.
    Beidh mé iba bhun dó go deo.

  • Pádraig Ó Baoill

    Gael go smior agus é fós dár spreagadh. Is iomaí céim oinigh gur cheart a bhronnadh air. Comhghairdeas ó chroí leis féin agus lena mhuintir. Tuillte go maith aige!

  • Colette no ghallchoir

    Fear uasal

  • Aine Ni Chonghaile

    Colmcille i do chuisleachai a Phadraig …Aine i Washington
    ..

  • Gabriel Rosenstock

    Ardfhear!