Rinne dúnadh na scoileanna dochar do pháistí ó thaobh cearta oideachais, sláinte agus forbartha – tuarascáil

Deir tuarascáil nua ó Oifig an Ombudsman do Leanaí nár deineadh ‘dóthain machnaimh’ ar na himpleachtaí a bhainfeadh le dúnadh na scoileanna le linn na dianghlasála do ghrúpaí áirithe leanaí

Rinne dúnadh na scoileanna dochar do pháistí ó thaobh cearta oideachais, sláinte agus forbartha – tuarascáil

Rinne dúnadh na scoileanna le linn na paindéime dochar do pháistí ó thaobh cearta oideachais, sláinte, meabhairshláinte agus forbairt shóisialta, de réir tuarascáil nua ó Ombudsman na Leanaí.

Deirtear sa tuarascáil nua a foilsíodh inniu gur chuir dúnadh na scoileanna leis an mbaol “go ndéanfaí dochar nó go mbainfí mí-úsáid as leanaí” agus gur tháinig méadú ar an líon cásanna foréigean baile. Chomh maith leis sin, deirtear go raibh níos lú seans ag oibrithe gairmiúla atá lonnaithe i scoileanna aon údar imní a aithint agus gníomhú dá réir.

Deirtear gur “éifeacht dhiúltach” den chuid is mó a bhí ag dúnadh na scoileanna ar chearta oideachais an linbh “agus tionchar níos mó aige ar leanaí a bhí faoi mhíbhuntáiste cheana féin i gcúrsaí oideachais”.

I gcás leanaí áirithe bhí tionchar diúltach ag dúnadh na scoileanna ar a sláinte agus a meabhairshláinte agus ar an bhforbairt shóisialta agus mhothúchánach, a deirtear.

Maítear gur chuir dúnadh na scoileanna dhá bhliain ó shin isteach ar sheirbhísí riachtanacha sláinte a chuirtear ar fáil i scoileanna, seirbhísí amhail an clár imdhíonta scoile, tástálacha éisteachta, radhairc agus fiaclóra, agus Clár na mBéilí Scoile.

Deirtear chomh maith gur tharraing dúnadh na scoileanna le linn na géarchéime sa tsláinte phoiblí aird ar “cé chomh mór agus a bhímid ag brath ar na scoileanna agus ar phobal na scoile le tacú le cearta na leanaí”.

Déantar cur síos sa Measúnacht Tionchair maidir le Cearta Linbh a d’fhoilsigh Oifig an Ombudsman do Leanaí inniu ar an tionchar a bhí ag dúnadh na scoileanna sa bhliain 2020 agus 2021 ar chearta leanaí.

Dúirt Ceannasaí Polasaí Oifig Ombudsman na Leanaí, an Dr Karen McAuley, go raibh tionchar diúltach ní ba mhó ag dúnadh na scoileanna ar na cúig ghrúpa leanaí ar díríodh orthu sa tuarascáil – leanaí a a raibh deacrachtaí meabhairshláinte acu, leanaí gan dídean, leanaí a bhí ina gcónaí i Soláthar Díreach, leanaí faoi mhíchumas agus leanaí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach.

Dúirt an Dr Karen McAuley nár deineadh “dóthain machnaimh” ar na riachtanais ar leith a bhí ag páistí sna grúpaí seo nuair a cinneadh na scoileanna a dhúnadh ar fad i mí an Mhárta 2020.

“Dá réir sin, ní hamháin go dtarraingíonn ár Measúnú ar Thionchar ar Chearta Leanaí

(CRIA) aird ar an ngá go gcuirfeadh an Stát cearta leanaí san áireamh agus cinntí á ndéanamh, i gcásanna éigeandála chomh maith, ach go ndéanfaí machnamh ar na bearta ar leith atá ag teastáil leis an tionchar díréireach a bhíonn ag cinntí áirithe ar ghrúpaí leanaí ar leith a mhaolú.

“Tá sé soiléir chomh maith go bhfuil i bhfad níos mó ag baint leis an scoil ná an t-oideachas amháin, agus go mbíonn ról tábhachtach ag múinteoirí agus ag oibrithe gairmiúla eile maidir le cearta leanaí. I gcás roinnt mhaith leanaí, cabhraíonn an scoil leis an bhforbairt mhothúchánach agus shóisialta acu agus tugtar an deis dóibh tabhairt faoi sheiceálacha tábhachtacha sláinte.

“I gcás leanaí áirithe, is áit í an scoil a mbíonn teacht acu ar bhéile te. I gcás leanaí eile, tugtar tearmann dóibh ar scoil ó chásanna díobhálacha nó drochíde sa bhaile agus is áit í ar féidir le hoibrithe gairmiúla údair imní a aithint agus a thuairisciú maidir le cosaint agus leas an linbh.”

Mhol Oifig an Ombudsman do Leanaí go dtabharfaí córas measúnachta isteach lena chinntiú go gcuirtear cearta leanaí san áireamh in aon mholtaí a mbíonn tionchar acu ar leanaí.

Fág freagra ar 'Rinne dúnadh na scoileanna dochar do pháistí ó thaobh cearta oideachais, sláinte agus forbartha – tuarascáil'