Rialacha nua maidir le húsáid Botox agus instealltaí eile áilleachta á mheas

Fianaise idirnáisiúnta ann go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndéagóirí atá ag úsáid Botox

Rialacha nua maidir le húsáid Botox agus instealltaí eile áilleachta á mheas

Tá an tAire Sláinte Simon Harris ag lorg chomhairle na n-oifigeach ina Roinn ar cheart rialacha nua a dhéanamh maidir le húsáid táirgí ar nós Botox nó líonaigh dheirmeacha (dermal fillers) sa Stát. Tá difríochtaí móra idir an dá chineál táirge ach baintear leas as an bpéire i dtionscal na háilleachta le dul i ngleic le roic ar éadan dhaoine, idir fhir agus mhná.

Ar na roghanna a bheidh á scrúdú ag an Roinn d’fhéadfaí riail a dhéanamh nach bhfaighfí líonaigh dheirmeacha ach le hoideas dochtúra nó go gcuirfí cosc ar dhaoine óga faoi bhun 18 bliana d’aois instealltaí Botox a fháil. Is cosúil go bhfuil fianaise idirnáisiúnta ann go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndéagóirí atá ag úsáid Botox. Bheadh an dlí nua cosúil leis an gcosc dlíthiúil atá i bhfeidhm sa Stát le cúig bliana anuas ar dhaoine faoi bhun 18 bliana d’aois úsáid a bhaint as leapacha gréine mar go méadaíonn siad an baol go bhfaighfí ailse an chraicinn. 

Tá rialacha difriúla i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid Botox agus líonaigh dheirmeacha anseo. Ní cheadaítear ach do dhochtúirí amháin instealltaí Botox a thabhairt do dhaoine.

Reonn an t-ábhar ar a dtugtar tocsain bhotalanaim san instealladh na meatáin faoi bhun na roc lena nglanadh chun bealaigh. Le snáthaid an-fhíneálta a thugtar an t-instealladh agus is gá tabhairt faoi bhabhta nua instealltaí gach trí go sé mhí. Cosnaíonn an próiseas cuid mhaith céadta euro gach uair, ag brath ar an ndochtúir agus an táirge atá i gceist.

Tá rialacha difriúla ar fad i gceist le líonaigh dheirmeacha. Ní theastaíonn dochtúir nó duine le hoiliúint leighis leis na hinstealltaí seo a thabhairt mar nach ábhar tocsaineach a bhíonn san instealladh.  Is iondúil gur ábhar a bhíonn iontu le toirt bhreise agus beocht nua a thabhairt don fhíochán matáin (muscle tissue).

Is sciamheolaithe a bhíonn ag obair i salúin áilleachta a bhfuil traenáil faighte sa cheird acu a thugann na hinstealltaí seo agus is aigéad hialúrónach, sileacón nó fiú saill ó chuid éigin eile den cholainn a bhíonn i gceist iontu de ghnáth. Bíonn éifeacht leo ar feadh bliain go leith nó mar sin.

Ní bhíonn rath i gcónaí ar na hinstealltaí Botox ná ar na líonaigh dheirmeacha. Thuairiscigh an Irish Times le linn na seachtaine go raibh 13 gearán faoi fhadhbanna le hinstealltaí Botox faighte ag an Údarás um Rialála Táirgí Sláinte le ceithre bliana anuas. Tá litreacha rabhaidh eisithe acu freisin i 12 cás eile maidir le fógraí ar an idirlíon do tháirgí Botox. Tá dosaen gearán eile déanta le deich mbliana anuas leo faoi líonaigh dheirmeacha.

Creidtear nach aon léargas iad líon na ngearán ar líon na ndaoine a mbíonn fadhbanna acu leis na hinstealltaí seo ach nach nós le mórán daoine gearán a dhéanamh. Tá eolas á bhailiú faoi láthair, mar chuid den taighde reatha, ar an líon daoine a raibh orthu cóir leighis a fháil sna hospidéil de barr deacrachtaí le hinstealltaí den chineál seo.

Luath nó mall, beidh ar an Aire Sláinte cinneadh a dhéanamh faoi rialacha nua. Beidh tionchar ag rialacha ón Aontas Eorpach ar an scéal freisin. Meastar go mbeidh sé riachtanach amach anseo go mbeidh, ar a laghad, ceadúnas oifigiúil ag daoine chun na hinstealltaí seo a thabhairt ach amháin más in ospidéil a thugtar iad.

Ceist eile ar fad í ar cheart do dhaoine na hinstealltaí seo a ghlacadh ar chor ar bith agus iad ar thóir áilleacht na hóige ina gcraiceann. Tá argóintí maithe sláinte agus fealsúnachta ar son agus in aghaidh na ceiste sin. Ach rud amháin atá cinnte ná go bhfuil úsáid na n-instealltaí ag méadú as cuimse ar fud an domhain agus is mná iad 90 faoin gcéad dóibh siúd atá á bhfáil.   

Fág freagra ar 'Rialacha nua maidir le húsáid Botox agus instealltaí eile áilleachta á mheas'