Rialacha nua agus bainisteoirí nua ach na fadhbanna céanna ag cur as do roinnt foirne ag tús na sraithe peile

Agus tús á chur leis an tSraith Peile caitheann Tuairisc.ie súil ar chúig cinn de na ceisteanna is mó atá le freagairt

Rialacha nua agus bainisteoirí nua ach na fadhbanna céanna ag cur as do roinnt foirne ag tús na sraithe peile

An éireoidh le Gaillimh dul chun cinn a dhéanamh arís i mbliana?

Tháinig an rath a bhí ar pheileadóirí na Gaillimhe aniar aduaidh ar go leor daoine anuraidh nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais na sraithe. Ní raibh foireann Kevin Walsh ach díreach tar éis ardú céime a fháil go dtí Roinn 1 ach bhuaigh siad ar gach foireann sa bpríomhroinn, seachas Áth Cliath.

Gach seans go mbeidh rudaí níos crua orthu i mbliana mar go mbeidh na foirne eile níos ullmhaithe dóibh. 

Bhí lántosach na Gaillimhe, Damien Comer, ar fheabhas le linn na sraithe anuraidh agus ní raibh go leor foirne in ann ag an neart atá ann. Tá gortú rúitín ag cur as d’fhear Eanach Dhúin le tamall agus tá amhras ann an mbeidh sé ar fáil do chuid mhaith den tsraith. Ní hé Comer an t-aon fhear a bheidh in easnamh ar Ghaillimh ach an oiread.

Tá cleachtadh maith anois ag Kevin Walsh ar gan imreoirí Chora Finne a bheith ar fáil dó ach mar sin féin ní bheidh sé éasca déanamh d’uireasa leithéidí Ian Burke, Liam Silke agus Kieran Molloy. Ní fheicfear Paul Conroy ná Éamonn Brannigan ar an bpáirc go ceann cúpla mí eile agus bhain gortuithe do chúigear eile de na himreoirí i gcluiche ceannais na sraithe FBD an deireadh seachtaine seo caite.

Tá sé an-tábhachtach go gcuirfidh Gaillimh tús maith leis an tsraith an deireadh seachtaine seo, go háirithe agus cluichí crua rompu as baile in aghaidh Átha Cliath agus Mhuineacháin. Mura n-éiríonn leo an Cabhán a shárú inniu, d’fhéadfadh siad a bheith i gcruachás.

James Horan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An dtiocfaidh na bainisteoirí nua slán agus iad imithe sa bhearna bhaoil?

Ceann de na rudaí is mó a mbeidh aird an phobail air ná cén chaoi a bhfuil ag éirí leis na bainisteoirí nua, go háirithe iad siúd atá i bhfeighil na bhfoirne móra i Roinn 1.

Tá Peter Keane tagtha isteach i gCiarraí tar éis dó a bheith i gceannas ar fhoirne a bhuaigh trí cinn de Chraobhacha Mionúir na hÉireann as a chéile. Beifear ag súil go n-éireoidh leis scata de na himreoirí sin a thabhairt chun cinn ar an bhfoireann shinsir.

Ar an lámh eile, chuir Maigh Eo tús lena bhfeachtas aréir agus an chuma ar an scéal go bhfuil James Horan athcheaptha chun iarracht mhór amháin eile ar chraobh na hÉireann a dhéanamh a in éineacht le seanfhondúirí Mhaigh Eo. Bhí ceangal ar leith ag Horan leis an ngrúpa seo imreoirí ina chéad tréimhse i gceannas ar an bhfoireann agus ó tharla gur chlis go dona orthu i gcraobh na bliana seo caite, is beag an baol nach mbeidh na himreoirí céanna ag iarraidh leorghníomh a dhéanamh in 2019.

Is é Mickey Graham i gceannas ar an gCabhán agus iad ar ais i Roinn 1 agus is cinnte go mbeidh seisean gnóthach i rith an earraigh mar tá sé fós i bhfeighil ar chumann Mhullach an Leachta, a bheidh ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann an mhí seo chugainn.

Jim Gavin. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Cé hiad na fir nua a thiocfaidh chun coinlíochta ar fhoireann Átha Cliath?

Ní bheidh Brian Fenton, Ciarán Kilkenny ná James McCarthy ar fáil d’Áth Cliath nuair a chuirfidh siad tús lena bhfeachtas sraithe i gcoinne Mhuineacháin tráthnóna. Sin gan trácht ar Dhiarmuid Connolly, fear nach bhfuil a fhios againn an mbeidh sé le feiceáil i ngeansaí Átha Cliath ar chor ar bith i mbliana.

Ina ainneoin sin uile, ní bheidh lucht tacaíochta Átha Cliath róbhuartha. Is annamh a bhí imreoir mór le rá in easnamh ar Jim Gavin nach raibh fear eile aige chun an jab a dhéanamh. 

Le cúpla bliain anuas, tháinig leithéidí Con O’Callaghan, Niall Scully, Brian Howard agus Eoin Murchan ar an bhfód chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann agus tá gach seans ann go mbeidh duine nó beirt nua eile ann i mbliana. 

Cé nach raibh aon imreoir ó phainéal 2018 ar fáil acu do Chorn Uí Bhroin, chuaigh Áth Cliath chomh fada le cluiche ceannais an chomórtais. Is beag aithne a bheadh ag aon duine taobh amuigh den chontae ar na himreoirí a d’imir aimsir na Nollag ach ní bheadh aon iontas ar aon duine má bhíonn aithne níos fearr againn ar dhuine nó beirt díobh roimh thús na craoibhe.

 

Declan Bonner. Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

An mbeidh Dún na nGall sáinnithe i Roinn 2?

Bhí an chuma air go raibh leathshúil ag Declan Bonner ar an séasúr seo agus é ag iarraidh feabhas a chur anuraidh ar Dhún na nGall. Díbríodh na Conallaigh ó Roinn 1 na sraithe in 2018, ach níorbh aon iontas é go raibh deacrachtaí acu agus Bonner díreach tagtha agus na himreoirí ag dul i dtaithí air féin agus a chur chuige.

Tá bearna réasúnta mór ann idir Roinn 1 agus Roinn 2 agus is cinnte go mbeidh Bonner ag iarraidh áit a bhaint amach sa bpríomhroinn arís chomh luath agus is féidir. Déarfainn go mbeidh sé sin beagáinín níos deacra ná a cheap sé ag deireadh na sraithe anuraidh.

Ar an gcéad dul síos, tá scata mór imreoirí ar iarraidh air agus foireann Ghaoth Dobhair ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann. Mar bharr ar an donas, ní bheidh teacht aige ar Michael Murphy ná ar Frank McGlynn don chéad chuid den tsraith agus ní fheicfidh muid Patrick McBrearty, sár-imreoir na gConallach anuraidh, roimh thús na craoibhe. 

Bíonn sé deacair ag foirne uaireanta ardú céime a bhaint amach díreach tar éis dóibh titim ó Roinn 1 agus is amhlaidh a bheidh i gcás Dhún na nGall a bhfuil obair chrua rompu más fúthu éalú ó Roinn 2.

 

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cén tionchar a bheidh ag na rialacha nua?

Cé go bhfuair Ard-Chomhairle CLG réidh leis an gcosc a bhí ar cheithre phas láimhe as a chéile roimh thús na sraithe, tá na rialacha nua eile fós i bhfeidhm don tsraith ach is deacair a rá cén tionchar a bheidh acu.

D’fhéadfadh an marc nua stíl na himeartha a athrú ach ó tharla nach mbeidh na rialacha i bhfeidhm don chraobh, beidh foirne áirithe ann a déarfaidh nach fiú dóibh iad a chleachtadh. Tá sé ráite cheana féin ag Declan Bonner nach bhfuil imreoirí Dhún na nGall ag bacadh leo ina gcuid traenála.

Níor imir Ciarraí ná Áth Cliath, faoi cheannas Jim Gavin, aon chluiche faoi na rialacha nua go fóill agus níor imir Maigh Eo ach cluiche amháin.

An riail faoin gcic amach an ceann is mó a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar chluichí. Ní hé gur athrú mór é  an cic amach a bhogadh ón líne 13m go dtí an líne 20m, ach d’fhéadfadh sé ar a laghad beagán moille a chur ar an gcúl báire. Cé nach mbeidh an cúl báire ach ag dul seacht méadar níos faide ón gcúl, d’fhéadfadh sé sin soicind breise a thabhairt d’fhoirne le réiteach don chic amach, rud a d’fhágfadh go mbeadh an cic gearr amach níos deacra.

Fág freagra ar 'Rialacha nua agus bainisteoirí nua ach na fadhbanna céanna ag cur as do roinnt foirne ag tús na sraithe peile'