Réiteach ar chás inar thug comhairleoir amháin ‘scumbag’ ar chomhairleoir eile

An comhairleoir cathrach as Gaillimh Padraig Conneely (FG) a thug an cás in aghaidh Michael Crowe (FF) mar gur thug fear Fhianna Fáil ‘scumbag’ air

Réiteach ar chás inar thug comhairleoir amháin ‘scumbag’ ar chomhairleoir eile

Padraig Conneely (FG), ar gabhadh leithscéal poiblí sa chúirt leis

Socraíodh lasmuigh den chúirt tráthnóna cás clúmhillte a thug comhairleoir cathrach amháin i nGaillimh in aghaidh comhairleoir eile.

Ba é Padraig Conneely (FG) a thug an cás in aghaidh Michael Crowe (FF) mar gur thug fear Fhianna Fáil “scumbag” air i ríomhphost a sheol sé chuig comhairleoirí eile ar an 3 Meitheamh, 2015.

Chuir Alan Ledwith, dlíodóir an Chomhairleora Conneely, in iúl d’Uachtarán Chúirt Cuarda Shibhialta na Gaillimhe, an Breitheamh Raymond Groarke, maidin inniu go mbeadh an cás ag dul ar aghaidh chuig éisteacht iomlán a thógfadh thart ar dhá uair go leith.

Tar éis cur agus cúiteamh go leor idir foirne dlí na beirte, áfach, d’fhill Ledwith ar an gcúirt ag 4p.m. inniu agus dúirt go rabhthas tagtha ar réiteach.

Dúirt Deirdre Browne, dlíodóir Crowe, gur aontaigh an dá dhream go bhféadfaí an cás i gcoinne an Chomhairleora Crowe a chaitheamh amach agus ansin léigh sí ansin don chúirt leithscéal poiblí thar ceann Crowe.

Ba é seo an leithscéal:  “Gabhaim mo phardún ó chroí as tagairt don Chomhairleoir Conneely mar ‘scumbag’ i ríomhphost a sheol mé chuig mo chomhghleacaithe sa Chomhairle agus chuig oifigigh na Comhairle ar an 3 Meitheamh 2015, agus is oth liom go mór aon phian nó crá croí a tharraing mé, go príobháideach nó go poiblí.

“Molaim an dá dhream as réiteach a aimsiú ar bhealach stuama,” a dúirt an Breitheamh Groarke, sular chaith sé an cás amach.

Dúirt an Comhairleoir Conneely ina dhiaidh sin: “Táim thar a bheith sásta gur cruthaíodh sa chúirt inniu an ceart a bheith agam. Níl smál anois ar mo cháil. Nuair a fiafraíodh de, cé mhéid cúitimh a d’fhéadfadh sé a fháil i ndiaidh do Crowe a leithscéal a ghabháil go poiblí sa chúirt, dúirt Conneely go diongbháilte nár bhain an cás clúmhillte le hairgead.

“Ní raibh aon bhaint riamh ag seo le cúiteamh airgid, mo cháil a bhí i gceist mar dhuine poiblí agus príobháideach, agus fuair mé mo cheart sa chúirt inniu leis an leithscéal iomlán poiblí,” arsa an Comhairleoir Conneely.

Fág freagra ar 'Réiteach ar chás inar thug comhairleoir amháin ‘scumbag’ ar chomhairleoir eile'