‘Réamhchoinníollacha’ Shinn Féin faoin nGaeilge ‘an chonstaic’ – Foster

Deir ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill gur léir go bhfuil ‘a hata caite ag an DUP’ le roinnt na cumhachta

‘Réamhchoinníollacha’ Shinn Féin faoin nGaeilge ‘an chonstaic’ – Foster

Tá ráite ag Arlene Foster gurb iad “réamhchoinníollacha Shinn Féin maidir leis an nGaeilge “an chonstaic” roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill gurb amhlaidh “go raibh a hata caite ag an DUP” le roinnt na cumhachta agus athbhunú an fheidhmeannais.

Bhí ceannairí Shinn Féin agus an DUP ag caint i ndiaidh na sraithe cruinnithe a bhí ag an Státrúnaí Karen Bradley inné le páirtithe an Tuaiscirt maidir le hiarracht eile a dhéanamh an feidhmeannas a athbhunú in Stormont.

Dúirt Arlene Foster go mbeadh sé an-deacair “muinín” a chur i Sinn Féin arís i ndiaidh theip na gcainteanna faoin tsáinn pholaitiúil mí Feabhra.

“Bíodh scoileanna, bóithre, ospidéil nó leathanbhanda i gceist, tá na rudaí sin ar fad ag cur isteach ar an uile dhuine i dTuaisceart Éireann cheal feidhmeannais. Aontaíodh leasuithe tábhachtacha i gcúrsaí sláinte le Michelle O’Neill i mí Dheireadh Fómhair 2016. Tá siad ansin fágtha ag bailiú dusta fad is atá tús áite á thabhairt ag Sinn Féin dá gclár oibre cúng,” a dúirt Foster.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill gurb iad an DUP is cúis leis an easpa dul chun cinn maidir le hathbhunú an fheidhmeannais.

“Tá a hata caite ag an DUP le roinnt na cumhachta. Tá an méid sin soiléir sna ráitis is déanaí uathu ina deir siad gur beag an baol go ndéanfaí na hinstitiúidí seo a athbhunú go luath. Sin an cur chuige mícheart. Sin an cur chuige a bhfuil Rialtas na Breataine ag tacú leis mar gheall ar an socrú muiníne agus soláthair atá acu leis an DUP,” a dúirt O’Neill.

Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood nach raibh de leigheas ar an tsáinn pholaitiúil ach Comhdháil Idir-rialtasach agus dúirt ceannaire an UUP Robert Swann go raibh sé in am éirí as an gcaint faoi “línte dearga” agus an feidhmeannas a athbhunú ar mhaithe le pobal an Tuaiscirt atá ag fulaingt dá uireasa, dar leis.

D’fhógair Arlene Foster mí Feabhra go raibh teipthe ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi cheist an achta Ghaeilge.

Deir Sinn Féin gur éirigh leo dréachtmhargadh maidir le hathbhunú Stormont a aontú leis an DUP sular theip ar na cainteanna agus go raibh acht teanga don Ghaeilge amháin san áireamh sa mhargadh sin.

Is é an tuiscint a bhí ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine ar an scéal go raibh a leithéid de mhargadh déanta chomh maith, cé go bhfuil an méid sin séanta ag Arlene Foster agus polaiteoirí sinsearacha eile de chuid an DUP.

Mar a tuairiscíodh cheana, bhí trí phíosa reachtaíochta i gceist leis an socrú mar gheall ar chúrsaí teanga – acht Gaeilge, acht Ultaise agus acht dar teideal an Respecting Language and Diversity Act.

Mhaígh an t-iriseoir Eamonn Mallie go raibh aontú sa dréachtmhargadh faoi na struchtúir nua agus an dréachtreachtaíocht ar fad a theastódh chun na hachtanna éagsúla a thabhairt isteach in éineacht. Cé go mbeadh na hachtanna ag tagairt dá chéile, achtanna neamhspleácha a bheadh iontu.

Maítear go raibh láraonad aistriúcháin don státseirbhís agus seirbhís aistriúcháin comhuaineach do thionól Stormont i measc na rudaí a aontaíodh sa dréachtmhargadh.

Mhúscail scéalta sna meáin faoi shonraí an dréachtmhargaidh freagairt bhorb ó aontachtaithe agus polaiteoirí aontachtacha agus meastar gur tháinig athrú intinne dá bharr ar cheannairí agus ar lucht idirbheartaíochta an DUP maidir leis an margadh a chur i láthair bhaill agus chosmhuintir an pháirtí.

Fág freagra ar '‘Réamhchoinníollacha’ Shinn Féin faoin nGaeilge ‘an chonstaic’ – Foster'