Reachtaíocht teanga le dul chomh fada leis an gcéad chéim eile san Oireachtas roimh shos an tsamhraidh – an tAire McHugh

Bhí a gcéad chruinniú tráthnóna inné ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Joe McHugh ó ceapadh den dara huair é ina aire stáit Gaeltachta

Reachtaíocht teanga le dul chomh fada leis an gcéad chéim eile san Oireachtas roimh shos an tsamhraidh – an tAire McHugh

Tá sé tugtha le fios ag Aire Stáit nua na Gaeltachta Joe McHugh go gcuirfear na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a mhol a réamhtheachtaí Seán Kyne faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán roimh shos an tsamhraidh i dTithe an Oireachtais.

Is í céim seo an choiste an chéad chéim eile den dréachtreachtaíocht ar ghlac an Rialtas léi Déardaoin seo caite.

Chuir Conradh na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga fáilte mhór roimh na leasuithe sin ar ghlac an Rialtas le déanaí leo agus dúradh gur chéim mhór chun tosaigh iad i gcomórtas le ceannteidil an bhille leasaithe a foilsíodh in 2014.

Thug Joe McHugh le fios do Chonradh na Gaeilge ag cruinniú a bhí aige leis an eagraíocht teanga tráthnóna inné go rachaidh na ceannteidil os comhair an choiste Oireachtais roimh shos an tsamhraidh.

Is ar an 13 Iúil a scorfar an Dáil féin don samhradh ach leantar ar aghaidh níos faide le hobair na gcoistí Oireachtais de ghnáth.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí thar ceann Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie aréir go raibh “cruinniú dearfach” tráthnóna inné acu leis an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh.

Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag Conradh na Gaeilge leis an Aire McHugh ó ceapadh ina aire stáit Gaeltachta é an mhí seo caite.

I measc na n-ábhar a pléadh ag an gcruinniú bhí éileamh Chonradh na Gaeilge ar bhreis infheistíochta don teanga, plean gníomhaíochta na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge, ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh agus cás na Gaeilge sa reachtaíocht iontrála scoileanna agus sa reachtaíocht maidir le ceapadh breithiúna.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht teanga le dul chomh fada leis an gcéad chéim eile san Oireachtas roimh shos an tsamhraidh – an tAire McHugh'