Bille leis an Acht Teanga a leasú le foilsiú roimh dheireadh an tseisiúin nua Dála – Aire Stáit na Gaeltachta

Tá dáta foilsithe an bhille curtha ar athlá go minic le roinnt blianta anuas, ach gheall an Taoiseach i rith an tsamhraidh go bhfoilseofaí an mhí seo nó an mhí seo chugainn é

Bille leis an Acht Teanga a leasú le foilsiú roimh dheireadh an tseisiúin nua Dála – Aire Stáit na Gaeltachta

Roimh dheireadh an tseisiúin nua Dála a fhoilseofar an bille le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla de réir an eolais is deireanaí atá tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Rachaidh an seisiún sin, a thosóidh an tseachtain seo chugainn, ar aghaidh go dtí saoire na Nollag.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ag cruinniú deiridh an Rialtas i nGleann Cholmcille roimh shos an tsamhraidh go bhfoilseofaí an bille mí ‘Meán Fómhair nó Deireadh Fómhair seo chugainn’.

Dúirt sé go raibh díomá air nach raibh an bille réidh le foilsiú do chruinniú na comhaireachta sa Ghaeltacht.

Tá beagnach ocht mbliana caite ó d’fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht Teanga. Tá dáta foilsithe an bhille leis an leasú sin a dhéanamh curtha ar athlá go minic le roinnt blianta anuas.

I bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta Catherine Connolly dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh oifigigh a Roinne agus an dréachtóir parlaiminte in Oifig an Ard-Aighne, tar éis ‘dian-obair a dhéanamh’ ar an dréacht den Bhille Teanga agus go mbeadh sé le cur faoi bhráid an Oireachtais ‘chomh luath agus is féidir’.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ‘tiomanta’ an bille a fhoilsiú ‘roimh dheireadh an tseisiúin seo’ agus go raibh súil aige súil aige go n-achtófaí an bille ‘gan mhoill’ ina dhiaidh sin.

Dúirt sé freisin go raibh sé mar ‘ollchuspóir’ sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a d’earcófaí don tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

“Is í an earcaíocht croílár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn céimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras agus, ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir,” a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt an tAire Stáit Kyne chomh maith go mbeadh ‘tuilleadh deiseanna fostaíochta’ ann do dhaoine le Gaeilge san earnáil phoiblí amach anseo.

Fág freagra ar 'Bille leis an Acht Teanga a leasú le foilsiú roimh dheireadh an tseisiúin nua Dála – Aire Stáit na Gaeltachta'