‘Rás is ea é’ – plean leasaithe do dháileadh na teanndáileoige le foilsiú 

Tá plean leasaithe do dháileadh na teanndáileoige le foilsiú ag an HSE tráth a bhfuil rabhadh tugtha faoi ‘stoirm’ Omicron sa Tuaisceart

‘Rás is ea é’ – plean leasaithe do dháileadh na teanndáileoige le foilsiú 

Tá plean leasaithe do dháileadh na teanndáileoige le foilsiú an tseachtain seo ag an HSE.

Tá a leithéid de phlean fógartha cheana féin ag Rialtas na Breataine.

D’fhógair Boris Johnson, Príomh-Aire na Breataine, aréir go gcuirfí dlús le dáileadh na teanndáileoige chun stop a chur le “rabharta” Omicron. An plean atá ag Rialtas na Breataine go mbeadh an teanndáileog faighte roimh dheireadh na bliana ag gach duine os cionn 18 atá i dteideal a leithéid.

Bhí deacrachtaí ag suíomh NHS inniu mar gheall ar líon na ndaoine a bhí ag iarraidh clárú le haghaidh coinne do theanndáileog.

“Stoirm” Omicron a bhí i ndán don Tuaisceart a dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Paul Givan agus é ag moladh do dhaoine an teanndáileog a fháil.

Tá dlús curtha le clár teanndáileoige an Tuaiscirt chomh maith agus an tríú snáthaid ar fáil anois do gach duine atá os cionn 30 bliain d’aois.

Fágann scaipeadh mear an Omicron gur neamhchosúil é le haon rud eile ó thús na paindéime, a deir rúnaí sláinte na Breataine, Sajid Javid.

“Tá sé á mhaíomh ag go leor daoine nach bhfuil sé seo chomh tromchúiseach céanna ach fan go bhfeicfimid. Fiú mura mbíonn sé chomh trom, má bhíonn líon mór ionfhabhtaithe ann is mór an méid fiú céatadán níos lú daoine atá ionfhabhtaithe,” arsa Javid.

Tá plean leasaithe do dháileadh na teanndáileoige le foilsiú an tseachtain seo agus an Rialtas ag súil go mbeidh an tríú snáthaid faighte ag 1.5 milliún duine faoin Nollaig.

Tugadh an teanndáileog do na mílte daoine ag an deireadh seachtaine agus bhí fanacht fada i ndán do dhaoine in ionaid vacsaíne siúil isteach áirithe.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, ar maidin go bhfoilseodh Feidmeannacht na Seirbhíse Sláinte an plean nua as seo go ceann cúpla lá. Chaithfí, a dúirt sé, “cinnteacht” a thabhairt do dhaoine san daichidí agus in aoisghrúpaí eile faoi cathain a bheidh deis acu an teanndáileog a fháil.

“Rás is ea é agus sin an fáth go mbeidh teanndáileog faighte ag 1.5 milliún duine faoin Nollaig,” arsa Chambers.

Ag labhairt dó le RTÉ, dúirt Paul Moynagh, ollamh leis an imdhíoneolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad, go gcabhródh an teanndáileog le daoine a chosaint ón Omicron a tholgadh agus le srian a chur ar scaipeadh an ghalair.

517 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil ar maidin, 13 níos mó ná mar a bhí i gceist inné. 109 de na hothair a bhí in aonad dianchúraim.

4,667 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte inné.

Fág freagra ar '‘Rás is ea é’ – plean leasaithe do dháileadh na teanndáileoige le foilsiú '