Ranganna Gaeilge agus fáinní speisialta le seoladh do Ghardaí

Tá feachtas nua foghlama le seoladh mar chuid d’iarrachtaí an Gharda Síochána dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag an eagraíocht seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal

Ranganna Gaeilge agus fáinní speisialta le seoladh do Ghardaí

Seolfar go luath cúrsa Gaeilge ar líne do gach Garda sa tír atá ag iarraidh a gcumas teanga a fheabhsú. Tá feachtas Fáinní Gaeilge speisialta a chaithfidh Gardaí a bhfuil labhairt na Gaeilge le seoladh freisin.

Tá na feachtais mar chuid d’iarrachtaí an Gharda Síochána dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag an eagraíocht seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal.

Thug an tAire Dlí agus Cirt le fios go bhfuil straitéis nua don Ghaeilge le seoladh ag an nGarda Síochána sna seachtainí amach romhainn agus go seolfar na ranganna Gaeilge agus feachtas na bhfáinní ag an am céanna.

“Beidh mar aidhm leis an straitéis nua seirbhísí Gaeilge a neartú laistigh den Gharda Síochána, agus comhlíonadh dualgas reachtúil teanga a chinntiú. Déanfar an chéad acmhainn ar-líne le Gaelchultúr, agus Fáinne nua Gaeilge an Gharda Síochána, a sheoladh in éineacht leis an Straitéis, chomh maith,” a dúirt an tAire Helen McEntee.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús mí Feabhra go raibh na ranganna, a bheidh á reáchtáil i gcomhar le Gaelchultúr, á gcur ar fáil. Meastar go bhfuil sé i gceist díriú ar chúrsa d’fhoghlaimeoirí ar dtús ach go ndéanfar freastal amach anseo ar bhaill a mbeadh leibhéal Gaeilge níos fearr acu.

Nuair a bhí sé os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris go raibh an maoiniú do na cúrsaí ceadaithe agus go rabhthas ag comhoibriú le Gaelchultúr chun “cúrsaí Gaeilge ar líne a chur ar fáil do phearsanra iomlán an Gharda Síochána.”

Dúradh ag an gcruinniú freisin sin go raibh Fáinní Gaeilge speisialta coimisiúnaithe ag an nGarda Síochána do Ghardaí a bhfuil labhairt na Gaeilge acu.

Beidh fáinne óir ann do Ghardaí ar cainteoirí líofa Gaeilge iad agus beidh fáinne airgid uathúil ar fáil le caitheamh ag Gardaí atá ag foghlaim Gaeilge.

“Táimid an-eolach ar chearta teanga an phobail agus is é aidhm an Fháinne ná go mbeidh cainteoirí Gaeilge níos compordaí Gaeilge a úsáid le comhaltaí den Gharda Síochána,” a dúirt an Coimisinéir Harris mí Bealtaine.

Dúirt sé gurb é an Fáinne Gaeilge an t-aon suaitheantas a bhfuil cead ag comhaltaí é a chaitheamh.

Tá na feachtais agus an straitéis don Ghaeilge le seoladh tráth go bhfuil conspóid ann faoi chinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge sa Gharda Síochána.

Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh cinneadh déanta fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh ar ghardaí a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí marc 50% a fháil i mbéaltriail Ghaeilge, cinneadh ar thug an tAire Dlí agus Cirt a tacaíocht dó.

Tá úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána ina ábhar plé ag Coiste Gaeilge an Oireachtais le tamall anuas tar éis don Choimisinéir Teanga tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag cur síos ar an sárú atá á dhéanamh ag An Garda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge. Bhain an tuarascáil leis an sárú ar an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ag obair sa Ghaeltacht.

Nuair a bhí ceannasaí na nGardaí, Drew Harris, os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, ghéill sé go bhfuil teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa.

Fág freagra ar 'Ranganna Gaeilge agus fáinní speisialta le seoladh do Ghardaí'

  • Donncha

    “atá ag iarraidh a gcumas teanga a fheabhsú”

    Fáinne Gaeilge!

    Cén gasúr a tháinig suas leis an bplean seo?