Beidh Raidió Rí-Rá á chraoladh beo ar raidió FM inniu. Beidh an stáisiún ceoil do dhaoine óga ar fáil ar FM go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn agus gach deireadh seachtaine as sin go mí Bealtaine.
Beidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil beo ar raidió FM i mBaile Átha Cliath (105.2fm), Corcaigh (106.7fm), Luimneach (105.5fm), agus i nGaillimh (87.7fm).
Tá lucht an stáisiúin ag iarraidh ar mhúinteoirí scoile an stáisiún a chur ar siúl sa seomra ranga chun éisteacht leis an popcheol agus caint na n-aoiláithreoirí amhail Louise Cantillon ó Today FM agus Hugh Carr ó Joe.ie. Beidh cláracha speisialta á gcraoladh ag láithreoirí Raidió Rí-Rá,
Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin gur deis a bhí ann “a léiriú don saol mór go bhfuil an stáisiún réidh an chéad chéim eile a ghlacadh le cláracha a sholáthar ar ardchaighdeán do dhaoine óga na tíre seo ar ardán náisiúnta”.
Dúirt sé go rabhthas “ag súil go mór” le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal.
“Cuirfear fáilte roimh theachtaireachtaí ó scoileanna agus ranganna ar Twitter, Instagram agus Facebook.
“Is féidir le scoileanna iarratais agus teachtaireachtaí a chur chuig an stáisiún ar na meáin shóisialta tríd an haischlib #RRRfm a úsáid, agus léifear amach ar an aer iad.”
Deir Bainisteoir nua Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil go raibh lucht an stáisiúin “ag tnúth leis an dúshlán”.
“Is iontach go bhfuil daoine óga ag obair leis an tseirbhís seo a sholáthar do dhaoine óga eile, agus tá sé mar sprioc againn go mbeadh an tseirbhís seo ar fáil i gcónaí, agus go mbeadh an rogha ag daoine óga na tíre tíocht ar cheol agus caint trí Ghaeilge am ar bith, áit ar bith, ar FM agus ar líne.”
Dúradh i dtuarascáil taighde a foilsíodh an mhí seo caite nach raibh “aon chinnteacht” ann go n-éireodh le seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg ach nár ghá go mbeadh an teanga ina bac roimh sheirbhís nua.
Laragh
Dia dhuit
lily ní húigín
bhain mé an taitneamh as an alt seo faoi an gaeilge agus na daoine óga .
éistigh mé leis an ceoil ar an raideo anocht :)
slán :)
Aoibhínn
bhí an alt seo an-suimiúil😁