Raic faoi alt ar an Guardian faoi úsáid an tseomra ranga chun tacú le mionteanga

In alt a foilsíodh ar shuíomh idirlín nuachtán an Guardian maíodh go raibh daltaí atá á dteagasc trí Bhreatnais faoi mhíbhuntáiste

Raic faoi alt ar an Guardian faoi úsáid an tseomra ranga chun tacú le mionteanga

Tá sé ina raic sa Bhreatain Bheag mar gheall ar alt a foilsíodh ar an Guardian inar maíodh go raibh daltaí atá á dteagasc trí Bhreatnais faoi mhíbhuntáiste.

Ceistíodh san alt le Louise Tickle agus Steven Morris eitic chur chuige na scoileanna lán-Bhreatnaise agus dúradh go raibh díospóireacht mhór ann maidir le “using the classroom to bolster a minority language”.

Phléigh an t-alt an chonspóid a bhí ann anuraidh faoi theanga teagaisc bunscoile in Llangennech.

Chuir roinnt tuismitheoirí i gcoinne chinneadh na comhairle contae sa cheantar scoil lán-Bhreatnaise a dhéanamh den scoil dhátheangach.

Ag tagairt dó don alt a d’fhoilsigh an Guardian, dúirt Toni Schiavone, gníomhaí teanga de chuid Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, go raibh an méid a bhí ráite ann míchothrom agus aontaobhach.

Dúradh san alt chomh maith go raibh amhras ann i measc saineolaithe oideachais faoi mhúnla an tumoideachais.

“…for some children, being plunged into a classroom where they are unable to communicate or comprehend can be a terrifying, isolating and miserable experience,” a dúradh.

Bhí ráiteas ann chomh maith ón eagraíocht Save the Children inar maíodh go raibh sé cruthaithe “that if the school language is different from the language children use at home, this is a major cause of educational failure”.

Ar an taobh eile den scéal, bhí ráiteas san alt chomh maith ó Ceri Owens ón eagraíocht Tuismitheoirí Ar Son Oideachas trí Bhreatnais nach raibh i gcinneadh na comhairle maidir leis an mbunscoil in Llangennech ach iarracht cothrom na Féinne a thabhairt do lucht na Breatnaise. Tá an ceart chun oideachas Breatnaise á cheilt ar go leor teaghlach, rud nach bhfuil fíor i gcás teaghlach Béarla, a dúirt Owens.

Spreag an t-alt ar shuíomh an Guardian na mílte trácht ar líne agus thug urlabhraí dá gcuid le fios go bhfuil na tráchtanna á scrúdú faoi láthair ag Eagarthóir Neamhspleách Léitheoirí an nuachtáin.

Fág freagra ar 'Raic faoi alt ar an Guardian faoi úsáid an tseomra ranga chun tacú le mionteanga'