Rabhadh buí báistí i 15 contae amárach

Iarrtar ar dhaoine atá ar bóthar a bheith fíorchúramach mar go bhféadfadh fuarlaigh a bheith ar na bóithre

Rabhadh buí báistí i 15 contae amárach

Bhí rabhadh buí báistí i bhfeidhm i dtrí chontae – Gaillimh, Maigh Eo agus Ciarraí – óna haon a chlog ar maidin go dtí a 4.00pm inniu, ach níl deireadh na doininne againn go fóill.  Chaith sé báisteach throm agus bhí fuarlaigh ar bhóithre in áiteanna inniu agus toirneach agus tuilleadh báistí atá geallta ag Met Éireann do 15 contae amárach.

Táthar ag tuar go ndéanfaidh sé aiteall ar feadh tamaill leis an gcósta thiar tráthnóna sula mbeidh sé ina bháisteach throm arís le titim na hoíche. Beidh báisteach throm anocht san oirthear agus san oirdheisceart chomh maith.

Ó mheán lae amárach go dtí a 8.00pm tráthnóna beidh rabhadh buí báistí i bhfeidhm – gCúige Laighean ar fad, chomh maith leis an gCabhán, Dún na nGall agus Muineachán agus rabhadh buí eisithe ag oifig aimsire na Ríochta Aontaithe do na sé chontae atá faoina cúram.

Iarrtar ar thiománaithe a bheith fíorchúramach ar an mbóthar mar go bhféadfadh fuarlaigh a bheith in áiteanna.

Ach tá dea-thuar againn don Luan agus an Mháirt atá geallta tirim te agus an teocht thart ar 23 céim Celsius.

Fág freagra ar 'Rabhadh buí báistí i 15 contae amárach'