Priacal Paisley – tá na páipéir á saighneáil

Pionós á ghearradh ar deireadh thiar ar pholaiteoirí as faillí agus neamhaird ar fhreagracht i leith ‘bronntanais’ agus saint

Priacal Paisley – tá na páipéir á saighneáil

Níor tharla a leithéid riamh cheana. Tá an próiseas gan fasach. Níl aon dabht ach gur mhaith le Ian Paisley go luafaí an lipéad ‘stairiúil’ leis ach seans nach é seo a bhí ar intinn aige.

Dé Céadaoin an 8 Lúnasa 2018 seolfaidh Oifig Thoghcháin Thuaisceart Éireann próiseas achainí a thabharfaidh deis do vótóirí in Aontroim Thuaidh Ian Paisley a dhícháiliú mar fheisire Parlaiminte. Osclófar trí ionad sa toghcheantar ina bhféadfaidh gach vótóir atá cláraithe a ainm a chur le hiarratas chun é a ruaigeadh.

Má dhéanann 7,543, duine as gach deichniúr de na vótóirí, an beart sna sé seachtaine amach romhainn caithfear fothoghchán a rith. Tá na páipéir á saighneáil mar a deir an t-amhrán ach ní bheidh a fhios againn go dtí an 18/19 Meán Fómhair cén líon a shíneoidh. Ní bheidh cuntas á choinneáil san idirlinn.

Náiríodh Paisley nuair a gearradh 30 lá fionraíochta air ó Westminster de bharr mí-iompar tromchúiseach. Cinneadh gur tharraing sé míchlú ar an bParlaimint nuair a rinne sé stocaireacht thar ceann rialtas Shrí Lanca gan tagairt don dá shaoire a bhí aige féin agus a theaghlach mar bhronntanas ón tír sin. B’fhiú os cionn £50,000 an dá shaoire. B’údar imní í an stocaireacht ar chúis eile; theastaigh uaidh go seasfadh rialtas na Breataine in aghaidh iniúchadh idirnáisiúnta ar rialtas Shrí Lanca as sladmharú a chuid saoránach féin.

’Sí an fhionraíocht 30 lá – os cionn sé seachtaine de sheisiúin na Parlaiminte- an pionós is déine a gearradh ar fheisire le 70 bliain. De réir Acht a ritheadh in 2015 agus a tháinig i bhfeidhm in 2016 is féidir achainí athghairme a rith in aghaidh feisire ar bith a ngearrfar pionós 10 lá fionraíochta nó níos mó air. Ritheadh an reacht nua chun a dhul i ngleic le scannail faoi fheisirí a bhain mí-úsáid as córas na gcostas nó a rinne ‘stocaireacht ar phá’. ’Sé Paisley óg an chéad duine a thuill an smachtbhanna seo.

Rinne sé ráiteas sa Pharlaimint ag gabháil a leithscéil leis an teach, lena pháirtí agus lena thoghcheantar ach fós féin tá sé ag maíomh nach raibh na rialacha soiléir. Leathchiontach nó meathchiontach, b’fhéidir. Chuir an DUP ar fionraíocht é freisin agus anois tá sé ar liosta na bhfeisirí in Westminster mar neamhspleách.

Tá sé diongbháilte go seasfaidh sé sa bhfothoghchán más ann dó. Níl sé soiléir fós an mar iarrthóir don DUP nó mar neamhspleách a sheasfaidh sé. Cheana féin tá cuid dá lucht tacaíochta sa toghcheantar ag eagrú cruinnithe chun tacú leis – beag beann ar cibé cinneadh a dhéanfaidh Arlene Foster agus oifigigh an pháirtí.

Ní nach ionadh níl próiseas na hachainí saor ó chonspóid. D’fhógair an Príomhoifigeach Toghcháin, Virginia McVea gur trí ionad a bheadh oscailte sa toghcheantar chun sínithe a bhailiú. Ceadaíonn an dlí suas le deich n-ionad. Bhí na páirtithe eile ar fad míshásta, ag rá nach leor na hionaid sna trí bhaile mór, an Baile Meánach, Baile Monaidh agus Baile an Chaistil; maítear nach bhfuil freastal á dhéanamh ar cheantair iargúlta. Chosain McVea a cinneadh ag rá go mbeadh na hionaid ar oscailt ar feadh sé seachtaine agus gur féidir síniúcháin a dhéanamh sa phost nó gur féidir le grúpaí iad a chruinniú. Tá Sinn Féin agus Alliance ag clárú chun stocaireacht a dhéanamh le hainmneacha bhailiú. Deir ceannairí an UUP agus an TUV, Robin Swann agus Jim Allister, go síneoidh siad an achainí ach nach mbeidh siad ag clárú mar stocairí oifigiúla.

Bhí móramh ollmhór ag Ian Paisley san olltoghchán anuraidh agus 59% de na vótaí agus os cionn 20,000 d’fharasbarr aige ar Shinn Féin. Sin bearna an-mhór; beagán le cois 20,000 a bhí ag na páirtithe eile ar fad le chéile, Sinn Féin, an UUP, an TUV, Alliance agus SDLP. ’Sé seo dúnáras mhuintir Paisley le leathchéad bliain nach mór. Tháinig an mac i gcomharbacht ar a athair in 2010 mar fheisire Parlaiminte agus is deacair na cúinsí faoina gcaillfeadh sé an suíochán a shamhlú. Tá sé d’acmhainn aige an suíochán a choinneáil fiú dá gcaillfeadh sé leath a chuid vótaí i ngeall ar an scannal. Tabharfar faoi, áfach agus cá bhfios cad a tharlódh dá seasfadh iarrthóir ‘oifigiúil’ ón DUP in aghaidh Paisley neamhspleách nó mar ‘DUP sealadach’. Drochsheans, ceaptar go seasfaidh an páirtí leis tar éis tamaill, ach níl tada soiléir go fóill.

Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil lucht tacaíochta Ian Paisley (cuid acu i measc fheisirí an DUP) den bharúil go bhfuiltear ag dul ródhian air. Mairtíreach é dar le vótóir a mhaígh gur dream atá in aghaidh na ceartchreidmheachta Críostaí atá sa tóir air. Dúirt vótóir eile gur daoine i gcathracha faoi ndear an brú air – shéan sé as éadan go raibh a fhear náirithe. Mheabhródh sé duit an dearcadh a bhíonn ag vótóirí áirithe i dTiobraid Árainn ar Michael Lowry agus iad den tuairim go bhfuil “lucht Bhaile Átha Cliath ag déanamh géarleanúna air”.

Beart dearfach is ea Acht na hAthghairme. Cinntíonn sé nach mbeidh feisirí in ann a rogha rud a dhéanamh – nach mbeidh siad in ann glacadh saor ó cháim le bronntanais, féiríní nó tacaíocht amhrasach gan an reicneáil a íoc. B’fhiú do lucht Theach Laighean smaoineamh ar a leithéid, ní áirím Stormont dá mba ann dó. Tá sé ‘d’onóir’ shuarach ag Ian Paisley an fasach a bhunú. Seans gur riail Phaisley a ghlaofar air amach anseo air. Cor cinniúnach i stair Westminster.

Fág freagra ar 'Priacal Paisley – tá na páipéir á saighneáil'

  • Des O Murchu

    Paisley a srios?! Orange Squash!