Praghas stampaí ag ardú den chéad uair le ceithre bliana

Ón 27 Bealtaine beidh 10 cent breise ar stampa an €1 agus beidh €2 ar stampa idirnáisiúnta, 30 cent d’ardú

Praghas stampaí ag ardú den chéad uair le ceithre bliana

Tá sé fógartha ag An Post go mbeidh an costas postais ag ardú ag deireadh na Bealtaine, an chéad ardú le ceithre bliana. Mí Feabhra 2020 a bhí an t-ardú seo le cur i bhfeidhm ach cuireadh ar athlá é a deir An Post “mar bheart comhghuaillíochta sóisialta” agus an tír buailte ag paindéim an Covid-19. 

Ón 27 Bealtaine beidh 10 cent breise ar stampa an €1 agus beidh €2 ar stampa idirnáisiúnta, 30 cent d’ardú. Ní chuirfear aon ardú ar phraghas na mbeart.

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta An Post, Garrett Bridgeman gurb é polasaí an chomhlachta “praghas cothrom, a bhíonn bunaithe ar chostas na seirbhíse agus na dtáirgí” a iarraidh. 

Leanfaidh An Post leis an tacaíocht phaindéime a chuireann siad ar fáil d’fhiontair bheaga is mheánmhéide [SME] go dtí deireadh na bliana seo le deis a thabhairt do chomhlachtaí beaga is meánmhéide “téarnamh sa tréimhse i ndiaidh na dianghlasála”. Faoin gcúnamh sin faigheann na SME lacáiste 34% ar bhearta agus lacáiste 5% ar litreacha.

An tacaíocht a chuir An Post ar fáil le linn na paindéime don phobal, Fócas Pobail, leanfar leis “go deireadh na bliana ar a laghad”. Ar an gcúnamh sin bhí cuairteanna ar dhaoine a bhí ina n-aonar nó ar an iargúil, postas saor in aisce ó ionaid chúraim agus go dtí na daoine a chónaíonn iontu agus na nuachtáin a sheachadadh saor in aisce go dtí seandaoine.

An laghdú ar an líon litreacha a scríobhtar agus a sheoltar tríd an bpost an chúis a tugadh anuraidh leis an ardú. Cé gur tháinig ardú ollmhór ar líon na mbeart le bliain, dúirt Príomhfheidhmeannach an chomhlachta David McRedmond ar Morning Ireland ar RTÉ ar maidin nach nglanann an praghas costas seachadta na mbeart idirnáisiúnta faoi láthair ach go rabhthas ag súil go dtitfeadh an costas sin nuair a scaoilfear na srianta agus tuilleadh eitiltí san aer. 

“Rinne An Post infheistíocht mhór i bhfeithiclí leictreacha, in uathoibriú agus i dtáirgí is seirbhísí nua le cúpla bliain. Chonacthas fiúntas na hinfheistíochta sin anuraidh nuair a d’éirigh linn 99% dár soláthar poist a choinneáil ag imeacht d’ainneoin costas breise ar chúrsaí sláinteachais, trealamh cosanta pearsanta agus oibrithe ionadaíochta,” a dúirt McRedmond.

Fág freagra ar 'Praghas stampaí ag ardú den chéad uair le ceithre bliana'