Post fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael d’oifigeach Gaeilge lánaimseartha den chéad uair riamh

Is é seo an chéad uair go mbeidh duine ceaptha go lánaimseartha ag CLG chun ‘clár leathan forbartha don Ghaeilge a chur chun cinn’

Post fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael d’oifigeach Gaeilge lánaimseartha den chéad uair riamh

Tá post nua mar oifigeach Forbartha Gaeilge fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael an tseachtain seo. D’fhógair iar-uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail mí Feabhra go raibh duine le ceapadh sa ról nua agus tá CLG anois ag glacadh le hiarratais.

Post lánaimseartha atá i gceist agus beidh an té a cheapfar lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh. Beidh an t-oifigeach freagrach ar bhonn laethúil do Stiúrthóir Cumarsáide CLG, Alan Mac Maoldúin.

De réir an fhógra, beidh dualgais ar an té a cheapfar clár leathan a chur chun cinn “a fhorbróidh úsáid agus feiceálacht na Gaeilge sa Chumann”.

Beidh an té a cheapfar ina rúnaí ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge agus ar Choiste Scór chomh maith.

I measc na spriocanna atá luaite leis an bpost tá CLG ag iarraidh go gcothófaí an Ghaeilge ar ardáin chumarsáide an Chumainn; go gcuirfí béim ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta agus i measc na hóige agus go spreagfaí úsáid na Gaeilge i measc na mball agus na gclubanna ar fud na tíre.

Beidh ardleibhéal Gaeilge, idir scríofa agus labhartha, chomh maith le taithí agus tuiscint ar éiteas CLG, taithí ar fheachtais a bhaineann leis na meáin shóisialta a reáchtáil, i measc na gcáilíochtaí a bheidh riachtanach don phost seo.

Dé hAoine an 4 Bealtaine an spriocdháta le cur isteach ar an bpost.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos luaithe i mbliana, tráth a raibh sé fós ina uachtarán, dúirt Aogán Ó Fearghail go mbeidh dualgas ar an té a cheapfar an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na gcumann ar fud na tíre agus comhairle agus treoir a chur ar fáil do lucht bainistíochta CLG.

“Tá a lán oifigeach lánaimseartha againn i bPáirc an Chrócaigh ag déileáil leis an iomáint agus leis an bpeil ach go dtí seo ní raibh post lánaimseartha againn don Ghaeilge,” a dúirt Ó Fearghail ag an am.

“Tá an Ghaeilge lárnach i ngach rud a dhéanann muid i gCumann Lúthchleas Gael. Beidh freagracht ar an duine a cheapfar maidir leis na clubanna agus beidh sé in ann comhairle a thabhairt don lucht bainistíochta, don Uachtarán, don Ard-Stiúrthóir agus tacaíocht a thabhairt do na hoifigigh Ghaeilge timpeall na tíre. Sin atáimid ag súil leis.”

Fág freagra ar 'Post fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael d’oifigeach Gaeilge lánaimseartha den chéad uair riamh'