Pobal Giúdach na hEorpa i mbaol – 65 bliain tar éis an uilelosctha

Seo hí an bhliain 2015, ach mheabhródh nuacht an lae an bhliain 1935 do dhuine

Anti-Semitism_Klapeida

Tá sé náireach amach is amach go bhfuil pobal Giúdach na hEorpa i mbaol arís, trí scór bliain go leith tar éis an uilelosctha.

Mar is eol do chách, dúnmharaíodh ceathrar Giúdach in ionsaí ar shiopa grosaera de chuid an phobail Ghiúdaigh i bPáras dhá lá tar éis an áir in oifig na hirise Charlie Hebdo, nach mór coicís ó shin anois.

I bhfianaise an ionsaithe ar an siopa grósaera sin (agus i bhfianaise eachtra eile a tharla sa Bhruiséal i Mí na Bealtaine 2014, inar dúnmharaíodh ceathrar ag iarsmalann Ghiúdach na cathrach sin), tá géarchosaint á cur i bhfeidhm ag na húdaráis sa Fhrainc, sa Bheilg agus sa Bhreatain ar shiopaí, scoileanna, sionagóga agus áiseanna eile de chuid an phobail Ghiúdaigh ar eagla go dtarlódh ionsaithe sceimhlitheoireachta iontu.

Is maith ann an chosaint bhreise sin – tá an méad sin dlite ag an Eoraip dá bhfuil fágtha de phobal ar dhlúthchuid é dá sochaí go dtí go ndearnadh a bhformhór a dhúnmharú i gcampaí báis – ach is cúis mhór náire é go bhfuil gá lena leithéid ar chor ar bith.

Gan amhras, is é dearcadh na Moslamach radacach atá taobh thiar de na hionsaithe ar phobal Giúdach na hEorpa a tharla le deireanas gurb ionann pobal Giúdach na hEorpa (agus an domhain ar fad) agus pobal Iosrael.

Ar an drochuair, tá an dearcadh seo forleathan san Eoraip freisin: bíonn sé le léamh idir na línte i gcuid mhór den phlé a dhéantar faoin gceist.

Níl an dearcadh sin cruinn, áfach. Is Giúdaigh iad pobal Giúdach na hEorpa, ar ndóigh – ach Francaigh, Beilgigh, Ísiltírigh, Gearmánaigh nó saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe nó ballstáit Eorpacha eile iad freisin. Go deimhin, tá a gceangal leis an Eoraip chomh láidir sin gur roghnaigh siad fanacht ann i ndiaidh do na náitsithe slad a dhéanamh orthu agus i ndiaidh do mhórchuid mhuintir na hEorpa seasamh i leataobh agus ligean dó sin tarlú.

Cé go luíonn sé le réasún go mbeadh ceangail láidre chultúrtha agus chlainne idir Giúdaigh na hEorpa agus Iosrael, níl cónaí orthu in Iosrael agus, ar an ábhar sin, níl aon fhreagracht orthu as iompar na tíre sin i gcoimhlint an Mheánoirthir agus níor cheart go mbeidís ag fulaingt dá bharr (agus ar eagla na míthuisceana, ní hé sin le rá go measaim go bhfuil ionsaithe sceimhlitheoireachta ar shaoránaigh Iosrael, nó go deimhin ar shaoránaigh tíre ar bith, an Phalaistín san áireamh, inchosanta.)

Seachtó bliain tar éis an uilelosctha, mar sin, tá an Eoraip ar a seacht ndícheall cosaint a thabhairt dá saoránaigh Ghiúdacha mar a bhí tuillte acu an tráth sin. Ag an am céanna, áfach, tá na cúinsí saoil a réiteodh an bóthar d’uileloscadh úrnua – ciall idir sinn agus an drochrud – le feiceáil go soiléir inár dtimpeall.

Tá fás ar an bhfrith-Ioslamachas san Eoraip le nach mór scór blianta anuas, ach cé a shamhlódh riamh go nglacfadh na scórtha míle duine páirt in oll-léirsithe frith-Ioslamacha – faisisteacha a déarfainn féin – i mórchathracha na Gearmáine?

An tseachtain seo, eagraíodh léirsithe den chineál céanna sa Danmhairg agus san Iorua. Gach seans nach bhfuil ann ach ceist ama sula gcuirfear a leithéidí ar bun i dtíortha eile – tá talamh méith i gcuid mhór den Eoraip do shíolta an fhuatha.

Seo hí an bhliain 2015, ach mheabhródh nuacht an lae an bhliain 1935 do dhuine. Ciall idir sinn agus an drochrud arís: ná bíodh sé ina Kristallnacht frith-Mhoslamach as seo go ceann trí bliana.

An bhfuil scéal chailleach an uafáis á dhéanamh agam?

Tá súil agam go bhfuil.

Fág freagra ar 'Pobal Giúdach na hEorpa i mbaol – 65 bliain tar éis an uilelosctha'

  • Eoghan ONeill

    Chuir tú mé ag macnamh i dtaobh sliocht na nGiúdach san Eoraip agus tuigim anois an poinnte sin nach bhfuil siad freagrach as atá ag tarlú sa Mheanoirthear.

  • Mise Åine

    ‘tá talamh méith i gcuid mhór den Eoraip do shíolta an fhuatha.’ Tá síolta an fhuatha chuile áit ar fud na cruinne, faraor, agus talamh méith le fáil acu chuile áit, faraor eile.