Plean foirfe na Mí agus a mbuille tugtha ag laochra Bhaile Átha Cliath

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluiche ceannais peile na hÉireann idir An Mhí agus Áth Cliath

Plean foirfe na Mí agus a mbuille tugtha ag laochra Bhaile Átha Cliath

A bplean curtha i bhfeidhm go foirfe ag mná na Mí

Agus iad ag imirt i gcluiche ceannais sinsir na hÉireann den chéad uair riamh, an rud ab iontaí faoi thaispeántas na Mí inné ná a laghad botún a rinneadar, fiú nuair a bhí an crú ar an tairne i dtreo dheireadh an chluiche.

Ba iad imreoirí Átha Cliath a raibh an taithí uile acu – cuid acu ag imirt ina n-ochtú cluiche ceannais as a chéile – ach mná na príomhchathrach a bhí ag déanamh na mbotún: deiseanna á gcur amú acu nó seilbh na liathróide á cailliúint de dheasca cinneadh mícheart.

Ar an taobh eile den scéal, ghlac imreoirí na Mí an cinneadh ceart arís agus arís eile nuair a bhí seilbh na liathróide acu. Sa dara leath, bhí Niamh O’Sullivan fágtha léi féin nach mór mar thosach aonair na Mí ach bhí sí ar fheabhas aon uair a tháinig an liathróid ina treo. Fuair sí seilbh, d’fhan sí go raibh cabhair tagtha agus thug sí pas stuama don duine ceart i gcónaí.

Bhí an gliceas sin ag teastáil mar ba é plean na Mí stop a chur le hÁth Cliath trí iad a phlúchadh le cosantóirí. Fiú agus an Mhí ar an ionsaí, d’fhág siad suas le ceathrar cosantóirí breise thiar agus chinntigh siad nach bhfágfaí aon bhearna ag Áth Cliath. Is í Carla Rowe Átha Cliath an t-imreoir is fearr sa tír chun na bearnaí beaga sin idir cosantóirí a aimsiú ach ní raibh sí in ann aon dul chun cinn a dhéanamh.

Ní haon phlean nua é scata imreoirí breise a fhágáil i mbun cosanta ach an fhadhb a bhíonn ag go leor leor foirne a chleachtann an stíl sin ná nach mbíonn siad sách maith chun deiseanna a chruthú agus scóráil iad féin nuair a fhaigheann siad seilbh ar an liathróid. Ní raibh an fhadhb sin ag mná na Mí Dé Domhnaigh agus ceann de na taispeántais foirne is fearr le fada an lá tugtha acu i bPáirc an Chrócaigh.

Lyndsey Davey leOrlagh Lally agus Emma Duggan of Meath. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

A mbuille tugtha ag cuid de laochra Átha Cliath

Tháinig tocht ar bhainisteoir Átha Cliath, Mick Bohan, i ndiaidh an chluiche agus é ag labhairt ar a raibh i ndán don fhoireann. Mheas sé go raibh suas le seisear imreoirí a raibh a mbuille tugtha acu le foireann Átha Cliath agus, ón méid a bhí le rá aige, ní fhéadfá a bheith cinnte go mbeidh Bohan féin ar ais i gceannas ar an bhfoireann an bhliain seo chugainn.

Bhí Siobhán McGrath, Niamh McEvoy, Lyndsey Davey agus Sinéad Aherne uile ar fhoireann Átha Cliath nuair a bhuadar an Chraobh Shinsir den chéad uair riamh in 2010 agus is cinnte go bhfuil tréimhse mhachnaimh rompu féachaint an síleann siad an fiú dóibh tabhairt faoi bhliain eile. Bhí McGrath agus McEvoy ag streachailt le gortuithe i mbliana freisin, rud a chuirfidh siad san áireamh, cinnte.

Tá grúpa imreoirí eile, leithéidí Martha Byrne, Niamh Collins, Leahy Caffrey agus Nicole Owens, fós cúpla bliain faoi bhonn 30 bliain d’aois ach tá siad ar an mbóthar le fada agus beidh le feiceáil an mbeidh siad uile ag iarraidh tabhairt faoi bhliain dhúshlánach eile, go háirithe má tá Mick Bohan le himeacht.

Níl gach duine de na himreoirí a luadh thuas chun éirí as an imirt ach má imíonn fiú triúr nó ceathrar, is mór an chailliúint a bheidh ann d’Áth Cliath. Cé nár bhain siad barr a maitheasa amach inné, níl aon amhras ach go raibh glúin imreoirí ar leith ag Áth Cliath le deich mbliana anuas.

Monica McGuirk. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Muinín McGuirk cinniúnach don Mhí

Chuir an Mhí brú damanta ar chiceanna amach Átha Cliath sna chéad deich nóiméad. D’éirigh leo seilbh a bhuachan ón gcéad cheann a bhuail Ciara Trant agus ba léir go raibh sé deacair ag cúl báire Átha Cliath, a bhíonn an-chruinn de ghnáth, a céilí imeartha a aimsiú.

Bhí an t-ádh le hÁth Cliath le cic amach eile a bhuaigh an Mhí ach a chuaigh amach thar an taobhlíne ach tháinig an scór cinniúnach cúpla nóiméad ina dhiaidh nuair a bhuaigh Emma Duggan na Mí cic amach de chuid Trant. Chuir Duggan an liathróid díreach isteach san eangach chun cúl thar a bheith tábhachtach a fháil don Mhí.

Lena ceart a thabhairt do Trant, níor chuir sí ach cic amach amháin eile ar strae i rith an chluiche ar fad, ach bhí an dochar déanta.

Ar an taobh eile, bhí an Mhí ag baint úsáid as an gcic gearr d’fhormhór mór a gcuid ciceanna amach. Bhí Áth Cliath ag iarraidh brú a chur ar chiceanna amach Monica McGuirk ach bhí cúl báire na Mí chomh tapa sin ag cur tús leis an imirt arís go raibh sé deacair acu í a chur dá buille.

Fiú nuair a bhí deis ag Áth Cliath brú suas ar chiceanna amach na Mí, bhí McGuirk fós sásta dul i muinín an chic ghearr. Theastaigh an t-uafás misnigh agus scile ó McGuirk chun cic beag gearr a thabhairt do dhuine de lánchúlaithe na Mí agus mná na hardchathrach sa mhullach uirthi ach bhain McGuirk an sprioc amach arís agus arís eile.

Cic amháin a chuir McGuirk ar strae, sa 49ú nóiméad, nuair a chinn sí an liathróid a bhualadh amach fada agus d’éirigh le hÁth Cliath scór a fháil mar thoradh ar an mbotún, rud a d’fhág nach raibh ach trí phointe idir na foirne. Nuair a tháinig an chéad chic amach eile, bhí Áth Cliath brúite suas agus an slua ag liúireach ach bhain McGuirk imreoir i ngeansaí glas amach le cic beag gearr.

TG4 All-Ireland Senior Ladies Football Championship Final, Croke Park, Dublin 5/9/2021
Dublin vs Meath
Meath players celebrate with supporters on Hill16 after the game
Mandatory Credit ©INPHO/Bryan Keane

Gaisce na Mí chun foirne eile a spreagadh

Ta 20 bliain ann ó d’éirigh le Laois Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan bliain tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach ón ngrád idirmheánach, díreach mar atá déanta ag Contae na Mí anois.

Tabharfaidh dul chun cinn na Mí le cúpla bliain anuas spreagadh d’fhoirne eile. Fuair an Mhí an ceann is fearr ar an Iarmhí i gcluiche ceannais idirmheánach na bliana seo caite ach d’éirigh leis an Iarmhí ardú céime a fháil ar an dara hiarracht nuair a chloígh siad Loch Garman i bPáirc an Chrócaigh inné. Beidh dóchas acu anois go mbeidh siad in ann an fód a sheasamh i measc na sinsear tar éis don Mhí gaisce a dhéanamh sa phríomhghrád.

Spreagfar na foirne eile i gcraobh na sinsear freisin. Is í foireann na Mí an chéad fhoireann, seachas Áth Cliath agus Corcaigh, a bhfuil Craobh Shinsir na hÉireann buaite acu ó 2004 agus beidh leithéidí Ard Mhacha, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Dhún na nGall anois ag iarraidh an chéad chéim eile a bhaint amach agus é léirithe ag Contae na Mí nach bhfuil Áth Cliath ná Corcaigh dosháraithe.

Fág freagra ar 'Plean foirfe na Mí agus a mbuille tugtha ag laochra Bhaile Átha Cliath'

  • Éamonn Ó Dónaill

    Alt dea-scríofa agus anailís den chéad scoth.