Plean €375 milliún do lánoscailt na scoileanna seolta

Deir an Taoiseach Micheál Martin go mbeidh ‘ról’ ag an uile dhuine sa tsochaí an 4,000 scoil sa Stát a choimeád oscailte

Plean €375 milliún do lánoscailt na scoileanna seolta

Tá a bplean €375 milliún do lánoscailt na scoileanna ag deireadh na míosa seo chugainn foilsithe ag an Rialtas.

Agus an plean á sheoladh aige, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go mbeidh “ról” ag an uile dhuine sa tsochaí na scoileanna a choimeád oscailte.

Thug an tAire Oideachais Norma Foley le fios go mbeifí ag féachaint ar gach seomra ranga bunscoile mar “bholgán” agus go mbeidh daltaí roinnte ina “podanna laistigh den rang” chun an baol ráige a laghdú.  Sa chás go dtiocfaí ar chás den ghalar, d’fhéadfadh go mbeadh ar rang iomlán féinleithlisiú. Beidh ionaid leithlisithe sna scoileanna, mar a bhféadfaí tástáil a dhéanamh ar dhalta dá mba ghá.

Faoin bplean, Treochlár chun filleadh ar scoil go hiomlán, déanfar obair athchóirithe ar scoileanna chun go mbeifear ábalta an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm. €75 milliún atá curtha ar leataobh don obair sin a bhfuil fúithi a chinntiú gur féidir an scoitheadh sóisialta – aon mhéadar amháin – a chur i bhfeidhm. €53 milliún a chaithfear ar mhúinteoirí breise a fhostú chun líon na ndaltaí i ranganna a laghdú.

Tá €70 milliún á chur ar fáil chun múinteoirí a chur in áit múinteoirí nach féidir leo obair toisc go bhfuil siad leochaileach. €41.2m a chuirfear ar fáil chun cur le líon na múinteoirí ionaid.

Breis is 1,000 post múinteoireachta breise a bheidh ar fáil sna hiarbhunscoileanna. Gealltar 120 treoirchomhairleoir breise. Beidh 360 post nua sna hiarnbhunscoileanna is mó a mbeidh deacrachtaí acu athoscailt.

€52 milliún atá á chur ar fáil do ghlantachán agus sláinteachas agus glanfar gach scoil gach lá. Cuirfear trealamh cosanta pearsanta  agus táirgí sláinteachais ar fáil do scoileanna freisin.

Ní bheidh sé éigeantach ar dhaltaí ná múinteoirí mascanna a chaitheamh ach beidh an rogha ag múinteoirí agus ag daltaí iarbhunscoile níos sine sin a dhéanamh sa chás go meastar é a bheith deacair an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm. Beidh ar dhaltaí iarbhunscoile fanacht méadar óna chéile agus dhá mhéadar nuair is féidir.

Ní bheidh an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm do na daltaí is óige sna bunscoileanna – ó na naíonáin shóisir go dtí rang a dó. Cuirfear daltaí bunscoile níos sine i ngrúpaí nó ‘podanna’ beaga de sheisear a mbeidh a mboird méadar óna chéile.

Cuirfear múinteoirí breise ar fáil agus beidh a thuilleadh síceolaithe agus treoirchomhairleoirí ar fáil freisin le cabhrú le daltaí dul i dtaithí ar an gcur chuige nua.

Tá na scoileanna dúnta ón 12 Márta de bharr na paindéime Covid-19.

Fág freagra ar 'Plean €375 milliún do lánoscailt na scoileanna seolta'