Glactar leis go forleathan gurb é post an Aire Airgeadais an post is sinsearaí sa rialtas i ndiaidh phost an Taoisigh féin. Ceapachán an-tábhachtach é ceapachán Jack Chambers mar Aire Airgeadais mar sin, ach an ceapachán ciallmhar é?
Lena rá go neamhbhalbh níl aon taithí ag Chambers ag an leibhéal seo. Bhí sé ina phríomhaoire ar Fhianna Fáil ó 2020 go dtí 2022, agus ina aire stáit sna ranna airgeadais, Gaeltachta, cosanta, comhshaoil agus iompair ag tréimhsí éagsúla ar feadh ceithre bliana.
Ach ní raibh sé riamh ina aire sinsearach, is níl aon cháilíocht aige i gcúrsaí airgeadais nó eacnamaíochta.
Tá sé an-dílis do Mhícheál Martin, ámh, agus ceapaim gur léiriú ar cé comh muiníneach atá Martin as féin faoi láthair gur féidir leis neamhaird ar fad a thabhairt ar dhaoine sinsearacha eile sa bpáirtí, ar nós Darragh Ó’Brien nó Dara Calleary.
Creideann Martin – agus Fianna Fáil – gur éirigh go maith leo sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, is tá dóchas acu gur féidir leo stop a chur le rás Shinn Féin san olltoghchán.
Tá go maith má dhéanann Martin amhlaidh, ach má theipeann air, bhuel sin scéal eile.
Is den mheánaicme amach is amach é Chambers, agus bhain conspóid lena roghnú chun seasamh don Dáil nuair a chuir ceanncheathrú an pháirtí David McGuinness ar leataobh le Chambers a thabhairt isteach, in ainneoin gurbh é McGuinness ba chúis le haiséirí Fhianna Fáil sa dáilcheantar i ndiaidh thubaiste 2011.
An íomhá a bhí ag McGuinness ná gur duine den lucht oibre é is chreid – agus creideann – na daoine atá i gceannas ar Fhianna Fáil go bhfaigheadh siad tacaíocht níos mó ón meánaicme.
Mac máinlia an-oilte é Chambers atá an-oilte, agus is fíor gur tógadh le spúnóg óir ina bhéal é.
Fuair sé an dul chun cinn a dhein sé ó Mhartin, is bhí sé ag brath ar Mhartin le haghaidh chuile rud: ní nach ionadh bhí agus tá sé an-dílis don mháistir.
Beidh le feiceáil ámh an féidir leis an jab a dhéanamh, nó an mbeidh sé ina phuipéad ag na státseirbhísigh.
Cinnte, cuirfidh a cheapachán tuilleadh feirge orthu siúd a fágadh ar leataobh, ach nach cuma sin nuair atá ag éirí thar barr le Martin mar atá faoi láthair.
Níos tábhachtaí ná sin, is clón é Chambers de Martin maidir lena dhearcadh polaitiúil, agus is féidir le Martin a bheith muiníneach go léireoidh sé an nimh chéanna i gcoinne Shinn Féin agus a léiríonn Martin féin arís is arís.
B’fhéidir má theipeann go tubaisteach ar Mhicheál Martin san olltoghchán go bhfaigheadh lucht a cháinte an misneach a dhúshlán a thabhairt, ach ag an bpointe seo, ceapaim gur féidir comhrialtas Shinn Féin le Fianna Fáil a chur as an áireamh.
Agus i bhfianaise an mhargaidh a dhein Páirtí an Lucht Oibre agus na Glasaigh i gcathair Bhaile Átha Cliath, nuair a dhiúltaigh siad páirt a ghlacadh i gcomhghuaillíocht de chuid na heite clé chun dul i bpáirt le Fianna Fáil agus Fine Gael, tá sé níos deacra ná riamh a dhéanamh amach cén chaoi a gcuirfeadh Sinn Féin comhrialtas le chéile.
Sé an leithscéal atá ag Páirtí an Lucht Oibre ná go dteastaíonn uathu an cháin áitiúil ar thithe cónaithe a ardú. Thug siad an cháin seo isteach agus iad i rialtas na déine le Fine Gael in 2013, agus in ionad leithscéal a ghabhail leis an bpobal mar gheall ar an dtacaíocht a thug siad don déine tá siad ag tabhairt le fios go ndéanfaidís an rud céanna arís má fhaigheann siad an deis.
Ar ndóigh, ní cáin ar shaibhreas atá ann, mar a mhaíonn Páirtí an Lucht Oibre, ach cáin ar gach teach cónaithe a ghoilleann ar ghnáthoibrithe is ar phinsinéirí, go háirithe.
Tá machnamh á dhéanamh ag Sinn Féin faoi céard a bhí mícheart lena straitéis sna toghcháin is déanaí, ach caithfidh go dtuigeann siad go bhfuil Fianna Fáil ar an ionsaí, is an bhearna idir an dá pháirtí ag dul i méad.
Ach ní fiú dóibh labhairt le Davy Stockbrokers agus lucht an ghnó a chur ar a suaimhneas. Caithfidh siad labhairt amach go láidir ar son na ndaoine nach féidir leo teach a cheannach is atá á gciapadh ag cíos ard, agus ar son na ndaoine a bhíonn ag fulaingt sna línte feithimh sa gcóras sláinte.
Filleadh ar na bunphrionsabail, déarfá.
Mar a déarfadh Michael McDowell, b’fhéidir: bíodh siad radacach nó bíodh siad gan feidhm.
Paul Laughlin
Ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal!