Pingin ar bith le fáil ar ais as an €35 milliún a cuireadh i sparán an Stáit do scéim ghaoithe na Sceirdí

Ní raibh an t-iarratas ar chead forbartha istigh ach cúpla mí nuair a fógraíodh nach mbeadh Corio Generation ná Fuinneamh Sceirde Teo ag dul ar aghaidh le forbairt na feirme gaoithe siar ó chósta Charna

Pingin ar bith le fáil ar ais as an €35 milliún a cuireadh i sparán an Stáit do scéim ghaoithe na Sceirdí

Ní bhfaighidh Corio Generation pingin ar ais as na bannaí airgeadais a chuireadar faoi bhráid an Stáit agus iad leagtha ar a dhul in éadan scéim ghaoithe na Sceirdí siar ó chósta Charna i gConamara. Bhí orthu €35.4 milliún a chur i sparán an Stáit anseo in Éirinn mar chomhartha deimhnithe go rachaidís ar aghaidh leis an tionscnamh dá bhfaighidís cead forbartha ón gCoimisiún Pleanála.

Ach ní raibh an t-iarratas ar chead forbartha istigh ach cúpla mí nuair a fógraíodh nach mbeadh Corio, ná Fuinneamh Sceirde Teo, an comhlacht a bhí ag gníomhú go háitiúil, ag dul ar aghaidh leis an bhforbairt.

Tá soiléiriú tugtha ar an gceist seo anois ag Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil. Sé bun agus barr an scéil nach mbeidh Corio ag fáil tada ar ais. “Ghlac an Roinn sin againne an €35.4 milliún sna bannaí airgeadais isteach ina chuntas féin, nuair a thréig Corio Generation an tionscnamh,” a dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.

“Ó tharla airgead na mbannaí a bheith tugtha isteach inár gciste againn, i ndiaidh gur tarraingíodh siar as an togra, níl aon chóras ann faoinar féidir aisíocaíocht a dhéanamh.” Is buille é seo do Corio Generation sa mullach ar an deireadh mí-ámharach a bhí acusan i Sceirde.

Mar eireaball ar an ráiteas, dúirt an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil nach mbaineann an t-iarratas ar chead forbartha don Fheilm Ghaoithe sna farraigí thart ar na Sceirde leo féin beag ná mór.

In ainneoin iad a bheith ag tarraingt siar, tá an t-iarratas pleanála fágtha faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála ag Corio agus ag Banc Macquarie.

Cuireadh isteach an t-iarratas ar chead forbartha sa réimse farraige i gceantar na Sceirdí ag deireadh mhí Eanáir 2025. Scéim mhór go a bhí i gceist, dhéanfaí giniúint ar 450 MW, an oiread agus a choinneodh cumhacht leictreachais le 300,000 teach.

Tuigeadh san am go raibh go leor suime ag lucht an ghréasáin náisiúnta cumhachta i bPoblacht na hÉireann i scéim na Sceirde i bhfianaise an brú atá ar an soláthar leictreachais in iarthar agus in iarthuaisceart na tíre. Mar shampla amháin, meastar go bhfuil pobail i gcontae Mhaigh Eo ag siúl ar an tanaí ó thaobh na cumhachta de. Ach bhí cor eile sa scéal.

I Márta 2025 tháinig an scéal amach nach mbeadh Banc Macquarie, ná Corio Generation, ná Fuinneamh Sceirde Teo, ag dul ar aghaidh le plean na Sceirdí. Dúradh go raibh eolas nua faighte faoi chúrsaí na mara agus na haimsire i réigiún na Sceirdí a d’fhág nach raibh sé inrásta acu a dhul sa seans ansin. Ach creidtear go raibh cúrsaí airgid i mBanc Macquarie san Astráil sa treis sa gcinneadh freisin.

Beag beann ar an gcor mór sin sa scéal fágadh an t-iarratas ar an gceadúnas forbartha faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála (an Bord Pleanála mar a bhíodh). Scríobh an Coimisiún Pleanála chuig gníomhairí innealtóireachta Fuinneamh Sceirde Teo – is faoina n-ainm siúd atá an t-iarratas istigh – ar an 27 Meitheamh 2025 ag míniú dóibh go bhféadfaidís an t-iarratas a tharraingt siar dá dtogródh siad. Níor tugadh aon fhreagra ar an litir sin.

Mí Feabhra seo chugainn an spriocdháta anois le haghaidh cinneadh a fháil ar an iarratas.

Ar an gcéad iarraidh, d’fhéadfaí a rá nach fiú do Corio an t-iarratas a tharraingt siar ó tharla é a bheith curtha i dtoll a chéile agus obair mhór déanta air. Má iarrann an Coimisiún Pleanála tuilleadh eolais le cur leis an iarratas atá istigh, beidh ar Corio Generation/Fuinneamh Sceirde Teo. cur ar a son féin. D’inseodh an dearcadh a bheadh ag Corio ar iarratas ar bhreis eolais go leor, ach chaithfeadh go bhfuil Corio agus Banc Macquarie ag smaointeoireacht. Tá an réimse a bhfuil na Sceirde ann sa réigiún farraige is fearr san Eoraip ó thaobh giniúna cumhachta de, a deir na saineolaithe.

Corruair a bheadh muilte sa gceantar farraige sin díomhaoin cheal gaoithe. Bíodh an fharraige rófhiáin agus an aimsir rófhíochmhar féin, is mó de luach a bheadh ar na ceadúnais i réimsí farraige na Sceirde dá mbeadh cead pleanála agus forbartha ann, agus maireann cead pleanála cúig bliana.

Fág freagra ar 'Pingin ar bith le fáil ar ais as an €35 milliún a cuireadh i sparán an Stáit do scéim ghaoithe na Sceirdí'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Is dóigh go bhfuil an t-airgead sin in Inis Oírr anois!