MIONLÉIRMHEAS: Tragóid leanúnach na gCoirdíneach, teacht agus imeacht na gcogaí

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha. An babhta seo, cuidíonn an ghrianghrafadóireacht linn chun 'aghaidh' a chur ar an bhfulaing

MIONLÉIRMHEAS: Tragóid leanúnach na gCoirdíneach, teacht agus imeacht na gcogaí
TWANA’s BOX – The Photographic life of Twana Abdullah, Kurdistan Region of Iraq 1974-1992
le Rawsht Twana
Toisí: 200x260mm
252 lch
Clúdach crua
Téacs: Béarla, Araibis agus Coirdis

Léimid faoi an-chuid pobal ar fud an domhain atá ag fulaingt. Cuidíonn an ghrianghrafadóireacht linn chun ‘aghaidh’ a chur ar an bhfulaingt agus ar an streachailt atá ar siúl sna tíortha sin.

 

Bhí glanadh eitneach ar siúl ag Saddam Hussein ar Choirdínigh na hIaráice Thuaidh sna 1970idí agus sna 1980idí. Grianghrafadóir amaitéarach ag an am ab ea Twana Abdullah. Piléar iomraill (más fíor) a mharaigh é sa bhliain 1992 agus é ag obair ar son na síochána. Sa bhliain 2006 tháinig a mhac, Rawsht Twana, ar bhosca i dteach a mháthar a bhí lán de chlaonchlónna agus priontaí, cuid acu creimthe ag lucha!

Ní raibh Rawsht ach ceithre bliana d’aois nuair a maraíodh a athair. Chuaigh sé féin le grianghrafadóireacht i gceann na haimsire chun aithne a chur ar a athair.

 

 

Tagann cogaí, imíonn cogaí

Nicaragua
Grianghraif le Susan Meiselas
Téacs le Kristen Lubben
Aperture, Nua-Eabhrac a d’fhoilsigh, 2025
128 lch
75 íomhá
Toisí:10¾x8½”

Foilsíodh an leabhar seo ar dtús sa bhliain 1981. Is é seo an tríú heagrán de.

Tá cogaí chomh comónta sin go bhfuil dearmad déanta againn ar go leor acu. Is deacair coinneáil suas leis na cogaí reatha gan trácht

ar chogaí a troideadh nuair a bhíomar óg, nó sular rugadh sinn!

Tá níos mó ná grianghraif sa leabhar seo: faightear agallaimh, dánta, litreacha agus go leor eile ann:

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Tragóid leanúnach na gCoirdíneach, teacht agus imeacht na gcogaí'